Na clubanna beo beathach faoin gcóras nua

B’iontach an cinneadh é dhá shéasúr ar leith a bheith ann, ceann don chontae agus ceann don chlub

Na clubanna beo beathach faoin gcóras nua

Bhí mórán dúshlán ag baint le Covid-19 agus tá mórán fulaingthe ag mórán teaghlach ar fud an domhain. Dar ndóigh an dála céanna a bhí againn inár dtírín bheag bhídeach féin. Ceann de na cúiseanna dóchais a bhí againn sa dara cuid de 2020 ná gur raibh na cluichí CLG á n-imirt arís, rud a chiallaigh go raibh cuid mhaith den phobal gnóthach arís. Agus ó bhí oiread cluichí club agus contae le feiceáil ar an scáileán bhí siamsaíocht in am sin an ghátair ar fáil do go leor daoine eile.

Maidir leis na cluichí féin, rud thar a bheith dearfach a tháinig as an am uafásach sin ná gur deineadh cinneadh dhá shéasúr ar leith a bheith ann, ceann don chontae agus ceann eile do na clubanna. Bheartaigh siad ar shéasúr an club a rith roimh an gceann contae anuraidh agus tá a mhalairt á dhéanamh i mbliana. Agus tríd is tríd tá ag éirí go hiontach leis an gcur chuige nua agus leanfar leis an gcóras sin as seo amach.

Le blianta fada bhíodh sé thar a bheith deacair ar na boird chontae comórtais a rith agus bhíodh sé an-deacair ar fad ar imreoirí club aon phleananna pearsanta a dhéanamh mar nach mbíodh a fhios acu cathain a bheadh a gcluichí ar siúl. Chomh maith leis sin, bhí an iomad cumhachta ar fad ag bainisteoirí contae maidir le cluichí a chur ar ceal. Bhí CLG an-mhall freisin chun aon athrú a dhéanamh ar an mbliain idirchontae.

Ach ansin tharla an phaindéim agus d’athraigh an saol.

I láthair na huaire tá n comórtais na gclubanna á rith gan aon bhainisteoir idirchontae nó comhscór i gcluiche idirchontae ag cur isteach orthu. Tá na clubanna beo na laethanta agus na hoícheanta seo agus traenáil agus cluichí faoi lán seoil. Tá cluichí gach deireadh seachtaine acu agus imreoirí ag baint an-taitneamh as bheith ag imirt cluichí fiúntacha go rialta.

I gcuid mhaith des na contaetha thosnaigh na comórtais chomh luath agus a tháinig deireadh leis an bhfoireann idirchontae sa chraobh, rud a chiallaíonn go bhfuil comórtais shinsir críochnaithe cheana féin i roinnt contaetha. Chonaiceamar cluichí ceannais Loch Garman agus Cheatharlach ar TG4 an Domhnach seo caite.

I Loch Garman chuir na Rapparees deireadh le gorta 43 bliain agus iad i bhfad rómhaith do Cumann Naomh Áine. Scóráladar sé chúl agus iad i gcluiche a bhí aontaobhach go leor. Bhí an-spleodar, dath agus fothram ag baint leis an ócáid agus an slua ar cipíní sa ré nua seo.

Trasna na teorann i gCeatharlach bhuaigh Raonaithe Stua Laighean corn an chontae don dara bliain as a chéile. Dhá dhosaen cúilín a fuaireadar, 17 díobh ón imirt. Seo an deichiú craobh contae don chlub nár tháinig ar an bhfód go dtí 1987. Bhuaigh na Raonaithe craobh shinsir Laighean in 2013 ach fuair Port Omna an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais na hÉireann.

Cuireadh clabhsúr ar chraobh iomána na Ríochta freisin, mar a bhfuair Cill Mhaoile an lámh in uachtar ar an bhfoireann eile ón gceantar céanna, Naomh Breandán Ard Fhearta.

Amárach beidh aicsean ar TG4 againn ó Thiobraid Árann agus Éire Óg/an tAonach ag imirt i gcoinne Bhuiríos Ó Luigheach i gcluiche grúpa.

Fág freagra ar 'Na clubanna beo beathach faoin gcóras nua'