Na cearta ceannaithe ag comhlacht léiriúcháin in Hollywood do leagan nua de scannán Gaeilge

Tá na cearta chun leagan nua a dhéanamh den fhadscannán ‘Arracht’ faighte ag Kingsgate Films a léirigh an scannán ‘The Hurt Locker’, a bhuaigh an gradam Oscar don scannán is fearr in 2009

Na cearta ceannaithe ag comhlacht léiriúcháin in Hollywood do leagan nua de scannán Gaeilge

D’fhéadfadh go mbeadh leagan nua den scannán Gaeilge Arracht á dhéanamh do lucht féachana idirnáisiúnta.

Fógraíodh go bhfuil céadrogha ar an scannán, a rinneadh i bpáirt le TG4, glactha ag an gcomhlacht léiriúcháin mór le rá, Kingsgate Films.

Tuigtear gur i mBéarla a bheadh an leagan nua den scannán, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir.

Tá na cearta chun leagan nua a dhéanamh den fhadscannán faighte Kingsgate Films a léirigh an scannán The Hurt Locker, a bhuaigh an gradam Oscar don scannán is fearr in 2009.

Ainmníodh Arracht, léiriú de chuid Macalla Teo, sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr do ghradaim Oscar na bliana seo, cé nár bhain sé áit amach ar an ngearrliosta.

Tá an-mholadh faighte ag an scannán a scríobh agus a stiúir Tom O’Sullivan. Nuair a roghnaíigh IFTA Arracht le dul san iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar, tugadh moladh ar leith don aisteoir Gaeltachta Dónall Ó Héalaí, atá i gceann de phríomhpháirteanna an scéinséara, as a thaispeántas “iontach agus tochtmhar”.

As na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara do Dhónall Ó Héalaí.

Thug an scannán leis gradaim ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus ag Féile Scannán Ghlaschú agus bronnadh tuilleadh gradam air ag an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta ‘American Golden Picture’.

Beidh Arracht le feiceáil i bpictiúrlanna in Éirinn den chéad uair ón 15 Deireadh Fómhair agus moill curtha ag an bpaindéim ar thaispeáint an scannáin.

Tá an leagan Gaeilge den scannán le taispeáint i bpictiúrlanna i Meiriceá freisin ach níl sé fógartha go fóill cén uair a bheidh sé le feiceáil thall.

Scéal iascaire, a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil in aimsir an Ghorta Mhóir, is ábhar don scannán a bhfuil go leor duaiseanna agus léirmheasannna moltacha faighte cheana féin aige.

Arracht ar an dara scannán atá léirithe faoi Cine4, scéim atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt.

Fág freagra ar 'Na cearta ceannaithe ag comhlacht léiriúcháin in Hollywood do leagan nua de scannán Gaeilge'