Ná ceadaítear an pobal sa chúirt ag trialacha cionta gnéis

Tá leasuithe tromchúiseacha molta ar chóras na dtrialacha cionta gnéis agus géarghá leo

Ná ceadaítear an pobal sa chúirt ag trialacha cionta gnéis

Níos lú ná ceathrar as gach deichniúr díobh sin a théann chuig seirbhís chabhrach i dtaca le hionsaithe gnéis a bhíonn toilteanach a dhul i muinín na gcúirteanna faoi láthair. Ní mian leo aghaidh a thabhairt ar chruáil na cúirte sa mhullach ar an drochíde atá fulaingthe acu cheana féin.

Deirtear go raibh titim mhór ar líon na ndaoine a roghnódh an próiseas breithiúnach i ndiaidh thriail na n-imreoirí rugbaí anuraidh i mBéal Feirste ar fhreastal na sluaite uirthi amhail is gur sorcas a bhí ann. Bhí an gearánach i dteideal a bheith anaithnid ach bhí na céadta den phobal in ann lán na súl a bhaint aisti gach lá sa chúirt. Ní raibh na cúisithe i dteideal neamhainmníochta agus bhí suim mhór sa chás mar go raibh aithne go forleathan ar bheirt acu, na himreoirí rugbaí Paddy Jackson agus Stuart Olding. Frítheadh neamhchiontach iad.

In áit bheag ar nós Bhéal Feirste is cinnte gur aithin cuid den ‘lucht féachana’ sa chúirt an gearánach. Tá a fhios gur roinneadh a hainm ar mheán sóisialta, gan trácht ar an sioscadh ar an tsráid, i dtábhairní agus ag imeachtaí spóirt. Ba léir don dall nárbh fhéidir ainm an ghearánaí a cheilt faoi na coinníollacha a bhí i réim. Ba léir do lucht riartha na córa ag deireadh na trialach go raibh gá le hathsmaoineamh chun muinín sa phróiseas a chothú. D’ordaigh an Príomh-Bhreitheamh Sir Declan Morgan athbhreithniú ar na rialacha, na nósanna imeachta le haghaidh cásanna cúirte faoi ionsaithe gnéis tromchúiseacha. Cuireadh iarBhreitheamh na nAchomharc John Gillen i gceannas ar an bpróiseas. Tá a thuarascáil tugtha ar lámh don Roinn Cirt anois ag an mBreitheamh Gillen agus 16 mórmholadh i measc na leasuithe atá á moladh aige.

Chun an neamhainmníocht riachtanach a chinntiú do ghearánaigh a dúirt sé, ní mór bac a chur ar an bpobal freastal ar thrialacha. Ní bhainfeadh an cosc le garghaolta an chúisithe agus an ghearánaí ná le hiriseoirí. “Tá sé sách deacair fianaise a thabhairt i gcúirt,” a dúirt an Breitheamh Gillen “gan a bheith á dhéanamh agus tú fíorghoilliúnach, faoi shúil chruálach an tslua i dteach cúirte ina bhfuil cuid de na daoine, ar a laghad, bailithe le héisteacht le sonraí gáirsiúla ó fhinnéithe a bhfuil náire orthu”.

In áit bheag mar seo, a dúirt an breitheamh, bíonn drogall ar dhaoine a dhul chun cúirte mar gheall ar a bhfaitíos roimh náiriú agus uirísliú. Ina theannta sin nuair a ainmnítear an cúisí nó na cúisithe is furasta an gearánach a aithint go poiblí mar go mbíonn ceangal idir an bheirt go minic. Ní ainmnítear an cúisí sa Phoblacht – go dtí go gciontaítear é nó go bhfaightear neamhchiontach é, agus is córas é sin a mhol íobartaigh. Labhair an Breitheamh Gillen agus a fhoireann le 35 nó 40 duine a raibh taithí acu ar an gcóras ó bhí a gcásanna sna cúirteanna agus cé gur ceileadh a n-ainmneacha go dlíthiúil d’airigh siad gur náiríodh iad.

I mbailte beaga ar fud an tuaiscirt, an tIúr, an Srath Bán nó Doire, cuir i gcás, má fhreastalaíonn dornán beag daoine ar thriail bheadh sé chomh maith agat an t-ainm a fhoilsiú sa bpáipéar ó tharla go mbíonn a fhios cé atá ar a thriail, a dúirt an Breitheamh. I gcás 90% d’ionsaithe gnéis léiríonn staidreamh gur duine a bhfuil aithne ag an ngearánach air is ea an cúisí.

Rinne sé moltaí freisin faoi scaipeadh eolais ar mheáin shóisialta, go neamhdhleathach, a cheansú. Bheadh feidhmeannas in Stormont riachtanach chun reachtaíocht a rith maidir leis sin.

Mhol sé athruithe ar an dlí chuige sin, le cionta nua a aithint agus le bealaí nua chun dlíthe nua a chur i bhfeidhm a chur ar bhonn reachtúil. Teastaíonn dlíthe nua uaidh freisin chun a chinntiú go mbeadh sé mídhleathach ag baill de ghiúiré eolas faoin chás a fháil ar na meáin shóisialta.

Is féidir, ar an toirt, de réir na tuarascála, córas a bhunú chun treoir i scríbhinn a thabhairt do lucht giúiré agus chun rabhadh a thabhairt dóibh faoin mbaol don triail agus dóibh féin má chuardaíonn siad eolas faoi chás ar líne. Is féidir trí cheathrú de na moltaí a chur i bhfeidhm gan mórán moille agus tá sin ar cheann acu. Tá géarghá leo.

Fág freagra ar 'Ná ceadaítear an pobal sa chúirt ag trialacha cionta gnéis'