Na Cait in íochtar, cé a chreidfeadh é?

Tá fadhbanna ag Cill Chainnigh faoi láthair, ach is cosúil go bhfuil an galar céanna ar Chorcaigh i gcónaí agus iad lá thuas lá thíos

Na Cait in íochtar, cé a chreidfeadh é?

Jonjo Farrell. INPHO/James Crombie

Ní minic a bhímid ag caint faoi iománaithe sinsir Chill Chainnigh a bheith ag bun tábla nó comórtas ar bith ach sin mar atá cúrsaí faoi láthair ag na gaiscígh cois Feoire i Sraith Allianz 2017.

Beidh siad ag imirt sa bhaile amárach agus Corcaigh ag tabhairt cuairt orthu. An Corcaigh céanna a bhí go diail sa chéad chluiche i gcoinne an Chláir agus an chuma orthu sa dara cluiche go bhfuil an galar céanna orthu i gcónaí.

Tá an chuma ar an scéal nár fhoghlaimíodar mórán ó anuraidh. Bhain an easpa buanseasmhachta chéanna lena gcuid imeartha leo an bhliain seo caite agus is cosúil an galar céanna a bheith ag dul dóibh arís i mbliana. 

Chaill siad an chéad dá chluiche sraithe anuraidh ach d’fhéadfá a rá nach rabhadar ródhona sna cluichí san agus daoine ag caint faoi athbheochan de shaghas éigin a bheith ar bun. Faraor, ní fada a mhair na smaointe sin. 

Is maith is cuimhin liom a bheith i mo shuí in ardán Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh oíche an-fhuar agus lascadh á thabhairt ag an bhfoireann baile do Chorcaigh. Seachtain ina dhiaidh sin, thug Corcaigh taispeántas na bliana uathu i gcoinne Chill Chainnigh i bPáirc Uí Rinn, cé gur chailleadar an cluiche sin sa deireadh. Seachtain ina dhiaidh sin arís thug Tiobraid Árann ceacht iomána agus scórála dóibh i nDurlas Éile.

Ón lá san amach, go dtí gur bhuail Loch Garman iad sa chraobhchomórtas, ba é an port céanna acu é, lá measartha, lá olc agus an chéad lá eile go hainnis ar fad.

Maidir le Cill Chainnigh agus iad faoi stiúir Brian Cody, is cinnte nach ag tosach mhí an Mhárta is cóir iad a mheas, ach tá comharthaí ann go bhfuil an ré órga ag meath nó b’fhéidir go bhfuil deireadh ar fad leis cheana féin.

I gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, fuarthas an ceann is fearr ar an an líne lánchúil go bog agus go minic. Rinne Port Láirge an rud céanna sa chéad chluiche sraithe i mbliana, tráthnóna inar chruthaigh na Déisigh trí dheis ar chúil cé nár éirigh leo ach ceann amháin díobh a thapú. Bhí an chuma ar an scéal i gcoinne an Chláir nár leigheasadar na fadhbanna atá le haithint go soiléir sna cúlaithe.

Bíonn rotha mór an tsaoil ag síorchasadh agus dar ndóigh níl in aon rud ach seal ach maidir le Chill Chainnigh agus iad faoi bhainistíocht Cody, tá siad in uachtar ó 2006. Is dóigh anois, áfach, go bhfuil an ‘seal’ fada sin críochnaithe nó ag teannadh lena dheireadh. Tá laigí sna Cait, go háirithe i measc na gcosantóirí sin. Mura n-éireoidh le Michael Fennelly a ghortú a chur de, aireoidh  an fhoireann uathu go mór é. Mar bharr ar sin, ceapaim go bhfuil beirt tosaithe eile ag teastáil.  Is fada uathu anois na laethanta ina raibh caint faoin dara foireann is fearr sa tír a bheith sna fir ionaid a bhíodh ag Cill Chainnigh. 

Ach tá sé luath agus caithfimid fanacht tamall eile sula scríobhfar a bhfógra báis.

Tá cluiche an lae amárach an-tábhachtach don dá fhoireann, go háirithe do Chorcaigh. Tá easpa muiníne ag cur isteach go mór orthu. Is annamh a bhíonn an fhadhb sin ag na Cait.

I ndiaidh an lae amárach, beidh Tiobraid Árann agus Port Láirge fós le himirt ag na Corcaígh agus cinnte ní bheidh ceachtar de na cluichí sin éasca.

Ar a laghad ar bith, beidh taispeántas dearfach ag teastáil uathu amárach, ach tá Cill Chainnigh sa bhaile agus ní dóigh liom go mbeidh aon fhonn orthu rud ar bith a ghéilleadh go bog do Chorcaigh.

Fág freagra ar 'Na Cait in íochtar, cé a chreidfeadh é?'