Ná bímis ag súil go silfidh an Airgintín aon deor dúinn…

Is iad na Pumas an fhoireann idirnáisiúnta is mó atá ag feabhsú ón gCorn Domhanda deiridh, ach ná dearmad gurb iad foireann na hÉireann curaidh rugbaí an limistéir seo le dhá shéasúr anuas

Denis Leamy agus Felipe Contepomi ag dul in adharca a chéile i 2007. INPHO/Morgan Treacy
Denis Leamy agus Felipe Contepomi ag dul in adharca a chéile i 2007. INPHO/Morgan Treacy

Ní raibh ach deich nóiméad caite sa dara leath den chluiche i gcoinne na Fraince nuair ba léir do chách go rabhthas ag breathnú ar thaispeántas ar leith ó fhoireann na hÉireann.

Bhí muid trí phointe chun cinn (9 – 6) ag leath ama ceart go leor, ach ag an am sin freisin bhí Sexton agus O’Connell, beirt cheannairí ar chaighdeán domhanda, imithe den pháirc de bharr gortú agus bhí beirt ógánach, Madigan agus Henderson, imreoirí ar bheagán taithí, istigh mar ionadaithe ina n-áit. 

Ach mar is eol don domhan mór faoin am seo, níor loic na hógánaigh sin orainn; más tada é, bhí imirt Henderson agus Madigan chomh héifeachtach sin gur spreag siad an fhoireann ar fad.

Is ar éigean a d’airigh muid Sexton ná O’Connell uainn!  Thug na hÉireannaigh taispeántas misniúil, cróga, cumasach agus inspioráideach uathu sa dara leath.  Beidh caint go deo ar an gcluiche áirithe seo, é á lua san anáil chéanna le bua Chúige Mumhan ar na hAll Black i 1978.

Is cinnte gur ócáid cheiliúrtha é an bua i gcoinne na bhFrancach ach ós rud é gur cluiche i gcoinne na hAirgintíne sna babhtaí ceathrú ceannais a cinntíodh,  seachas cluiche i gcoinne churaidh an domhain na nAll Blacks – mar atá i ndán do na Francaigh anois  – bhí cúis cheiliúrtha eile againn.

Ach d’íoc muid go daor as an mbua sin ar na Francaigh, cluiche a bhí thar a bheith fisiciúil ó thús deireadh. Tá Peter O’Mahony agus Paul O’Connell as an gcomórtas ar fad. Go deimhin, ní bheidh O’Connell le feiceáil i ngeansaí idirnáisiúnta na hÉireann arís.

Bhí Jared Payne bailithe abhaile an tseachtain roimhe sin. Ní raibh Sexton in ann ach traenáil éadrom bhog a dhéanamh i rith na seachtaine seo agus mar bharr ar an mí-ádh, níl fáil ar Seán O’Brien ach oiread, imreoir a fuair tréimhse fionraíochta mar gheall ar imirt mhídhleachtach. Cuireann seo ar fad leis na deacrachtaí atá ag Joe Schmidt agus é ag réiteach le tabhairt faoi na Pumas. 

Ach céard faoin Airgintín?

Bheadh dul amú ar an té a cheapann go mbeidh an cluiche seo éasca nó bog. Má bhí an cluiche i gcoinne na Fraince fisiciúil, ní raibh sé leath chomh crua leis an gceann a bhí idir na Pumas agus na hAll Blacks i ngrúpa C an chomórtais seo.

Tá an Airgintín ag imirt sa ‘Rugby Championship’  le dhá shéasúr anois, iad ag imirt faoi dhó chuile bhliain i gcoinne na nAll Blacks, na hAfraice Theas agus na hAstráile. Dá bharr sin, is iad an fhoireann idirnáisiúnta is mó atá ag feabhsú ón gCorn Domhanda deiridh.

Fuair na Pumas an lámh in uachtar ar an Afraic Theas níos túisce i mbliana agus iad sin ag imirt sa mbaile i nDurban. Cuimhnigh freisin go bhfuil tosaithe ag an Airgintín atá i measc na n-imreoirí is mó sa gcomórtas. Cé a shantódh cúraimí Schmidt? 

Ach fiú leis an líon imreoirí atá in easnamh orainn, níl muid gan seans ná baol air. Is spreagadh iontach do na hÉireannaigh gur éirigh leo barr an tábla i ngrúpa D a bhaint amach. Ná dearmad ach oiread gurb iad foireann na hÉireann curaidh rugbaí an limistéir seo le dhá shéasúr anuas.

Beidh fhios ag na Pumas go mbeidh na Gaeil réitithe don choimhlint seo agus is cinnte go mbeidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh a chinntiú nach n-éireoidh le foireann Joe Schmidt taispeántas mar a thug siad sa dara leath i gcoinne na Fraince a thabhairt arís i gCaerdydd don dara Domhnach as a chéile. 

Ach beidh plean ag Joe, mar a bhíonn i gcónaí.

Fág freagra ar 'Ná bímis ag súil go silfidh an Airgintín aon deor dúinn…'