Na bí buartha, scríobhfaidh tú scéal faoi lá breá éigin amach anseo!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: buntáiste a bhíonn sa bhriseadh croí don scríbhneoir – ach ná habair é sin leis!

Na bí buartha, scríobhfaidh tú scéal faoi lá breá éigin amach anseo!

‘Ach ar a laghad, scríobhfaidh tú scéal faoi lá breá éigin amach anseo,’ a dúirt dlúthchara liom aréir nuair a d’inis mé dó faoin gcasadh is déanaí i sobaldráma mo shaoil ghrá chorraithigh.

Ba mhaith an rud é gur ar an bhfón a bhí muid ag caint nó bhrisfinn a phus.

Nach aige a bhí an muineál a chur i gcás go dtiocfainn i dtír ar an bpian a bhí á fulaingt agam – gur buntáiste dom, ar bhealach, an briseadh croí!

Ar ndóigh, bhí an ceart ar fad aige.

Tá a fhios ag chuile dhuine (nó ba cheart go mbeadh) go mbaineann scríbhneoirí leas as snáithe scéil a saoil féin agus iad i mbun pinn.

Déanann daoine ar nós mo chara dearmad, áfach, gur daoine daonna iad scríbhneoirí sa chéad áit, seachas cairn mhúirín ar dhá chos a chruthódh litríocht as crá croí.

Trua agus tuiscint a bhí uaim, focail chineálta, comhairle ó chara na cruóige – seachas comhairle ghairmthreorach.

In am trátha, scríobhfaidh mé scéal faoin mbriseadh croí a bhí faoi chaibidil agam le mo chara ar an bhfón. Go deimhin cuirfidh mé an scéal chuige nuair a bheidh sé scríofa agus snas éigin curtha agam air, óir tá an fear seo ar mo phainéal léitheoireachta, cairde cabhracha a léann mo chuid scríbhneoireachta sula gcuirim chuig an bhfoilsitheoir nó chuig iris liteartha í.

Déanfaidh sé gáire agus déarfaidh sé liom go ndúirt sé liom, an lá úd go raibh muid ag caint ar an bhfón, go mbainfinn leas fós as an mbuille a bhí mé tar éis a fhulaingt i saol an ghrá.

Déanfaidh mise gáire dóite agus déarfaidh leis go raibh an ceart aige. Ní dhéarfaidh mé gur tháinig fonn orm a phus a bhriseadh ag an am; caithfidh mé a bheith cúramach leis na cairde atá ar mo phainéal léitheoireachta. Cairdeas an t-aon luach saothair a fhaigheann siad.

Fág freagra ar 'Na bí buartha, scríobhfaidh tú scéal faoi lá breá éigin amach anseo!'

  • Mise Áine

    @painéal léitheoireachta

    Bheinn caillte gan iad!

    @go mbaineann scríbhneoirí leas as snáithe scéil

    As snáithe scéil chuile dhuine, cheapfainn…;-)

    @crá croí

    Barróg uaimse chugat.

  • Pól Ó Braoin

    Tá tú san áit is crua an misneach a choinneáil, ach coinnigh leat é agus déanfaidh an aimsir an chuid eile a Alex. Bainim neart as do chuid scríbhneoireachta i gcónaí agus tá súil agam nach gcuirfeas an toirneáil seo ón gcúrsa breá sin thú, bail ó Dhia ort.