An painéal léitheoireachta: cairde cabhracha an scríbhneora

Ag brath ar an bpainéal léitheoireachta a chuirfidh sé féin le chéile, gheobhaidh an scríbhneoir aiseolas a shábhálfaidh go leor oibre agus go leor crá croí air

An painéal léitheoireachta: cairde cabhracha an scríbhneora

Tá an grúpa scríbhneoireachta ann don scríbhneoir a dteastódh uaidh a chuid oibre a phlé le comhghleacaithe, agus tá cúrsaí scríbhneoireachta ann don té atá díreach ag tosú amach i mbun pinn. Ach tá an tríú rogha ann don scríbhneoir a bheadh ar thóir aiseolais faoina chuid scríbhneoireachta: an painéal léitheoireachta. Dar liom féin, níl a shárú ar fáil.

An buntáiste is mó a bhaineann leis an bpainéal léitheoireachta thar an dá rogha eile, dar liom, ná gurb é an scríbhneoir féin a chuireann le chéile é.

Níl ann i ndáiríre ach liosta léitheoirí a bheadh sásta saothar an scríbhneora a léamh agus aiseolas a thabhairt – ach murab ionann agus grúpaí scríbhneoireachta agus cúrsaí scríbhneoireachta, bíonn smacht iomlán ag an scríbhneoir ar cé a léifeas a chuid dréachtaí luatha. Ní gá go mbeadh aithne ag na daoine ar an bpainéal ar a chéile; leis an scríbhneoir amháin a phléifidh siad a chuid oibre. Ní gá gur scríbhneoirí iad ach an oiread; is leor go mbeadh spéis acu sa léitheoireacht.

Ní hé sin le rá, áfach, gur chóir do scríbhneoir áit ar phainéal léitheoireachta a thairiscint do dhuine ar bith a rithfeadh leis. Tá leannáin agus gaolta gairide as an áireamh. Ní amháin go bhféadfadh saothar an scríbhneora cur as dóibh – is minic a chasfaí leaganacha díobh féin orthu sna píosaí a chuirfí faoina mbráid – ach de bharr an ghaoil phearsanta, ní bheadh ar a gcumas aiseolas oibiachtúil a thabhairt.

Baineann an fhadhb chéanna le cairde áirithe. Ní fiú saothar a chur faoi bhráid dhaoine nach dtabharfadh ach aiseolas moltach; ní grúpa damhsóirí tionlacain atá sa phainéal léitheoireachta.

Ar an lámh eile, ní mór don scríbhneoir a bheith cinnte go mbeidh sé in ann glacadh le moltaí feabhais nó go deimhin cáineadh ó na léitheoirí a gcuirfidh sé a chuid dréachtaí luatha faoina mbráid.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, mholfainn daoine a mbeadh aithne na mblianta ag an scríbhneoir orthu, nach mbeadh gaolta leis, nach mbeadh i gcomórtas leis, agus a mbeadh spéis acu sa léitheoireacht. Má bhíonn cur amach acu ar ábhar an phíosa scríbhneoireachta a chuirfí faoina mbráid, nó go deimhin má bhíonn sárscileanna teanga acu (múinteoirí agus iarmhúinteoirí!) is amhlaidh is fearr é.

Ansin, ní mór don scríbhneoir a mhíniú go soiléir do na léitheoirí ar a phainéal cén saghas aiseolais atá uaidh. Níl aon mhaith le ‘is ea, thaitin sé liom.’

Cuirim mo chuid scríbhneoireachta féin chuig léitheoirí éagsúla ar chúiseanna éagsúla. Tá beirt ann a gcuirim scéalta chucu féachaint an oibríonn plota, carachtair agus glór. Tá beirt eile ann a bpléim cúrsaí teanga leo. Tá dornán eile ann a gcuirim ábhar chucu anois is arís. Ag brath ar an duine, tugann siad aiseolas dom tríd an ríomhphost, thar an nguthán, nó aghaidh ar aghaidh. Ní chuirim rud ar bith chucu gan ceist a chur orthu roimh ré, gach uile uair, agus ní bhím ag súil le freagra ar chasadh an phoist. Ag deireadh an lae, is ag déanamh gair dom a bheidh siad, ina gcuid ama saor, gan íocaíocht ar bith. (Cuireann áisíneachtaí litríochta áirithe seirbhísí aiseolais ar fáil do scríbhneoirí, ar ndóigh, ach sin scéal eile ar fad.)

I gcás ar bith, mholfainn do scríbhneoir ar bith aiseolas a lorg sula gcuirfeadh sé a shaothar faoi bhráid foilsitheora, bhord eagarthóireachta irise nó mholtóirí comórtais. Ag brath ar an bpainéal léitheoireachta a chuirfidh sé féin le chéile, sábhálfaidh a chuid léitheoirí cabhracha go leor oibre agus go leor crá croí air.

Fág freagra ar 'An painéal léitheoireachta: cairde cabhracha an scríbhneora'

  • Mise Áine

    @Tá leannáin agus gaolta gairide as an áireamh.
    @ Ní fiú saothar a chur faoi bhráid dhaoine nach dtabharfadh ach aiseolas moltach;
    @ní mór don scríbhneoir a bheith cinnte go mbeidh sé in ann glacadh le moltaí feabhais
    @mholfainn daoine a mbeadh aithne na mblianta ag an scríbhneoir orthu

    Aontaím, aontaím, aontaím, aontaím!

    @Cuirim mo chuid scríbhneoireachta féin chuig léitheoirí éagsúla ar chúiseanna éagsúla… ní bhím ag súil le freagra ar chasadh an phoist.

    Mise, freisin.

    @ mholfainn do scríbhneoir ar bith aiseolas a lorg sula gcuirfeadh sé a shaothar faoi bhráid foilsitheora, bhord eagarthóireachta irise nó mholtóirí comórtais.

    Aontaím!

    Maith thú, a chara…bheadh ciall i do leithéidí!