Ná bí ag brath air go dtiocfaidh deireadh leis an Trumpachas i gceann ceithre bliana

Níl sé stuama a bheith ag brath air go bhfillfidh an sean-ord domhanda go luath

Ná bí ag brath air go dtiocfaidh deireadh leis an Trumpachas i gceann ceithre bliana

Le seachtain anuas tá roinnt polaiteoirí stuama éirimiúla ó pháirtithe difriúla cloiste agam ag léiriú dóchais nach bhfuil i ré Trump ach rud sealadach, agus go mbeidh cúrsaí mar ba ghnách leo a bheith faoi cheann ceithre bliana. Ní nós liom i mo chuid altanna do Tuairisc a bheith ag déanamh tairngreachtaí ach táim chun saghas eisceacht a dhéanamh sa chás seo.

Mar feictear dom gur féidir cás láidir a dhéanamh gur ag cur dallamullóg orthu féin atá daoine a shíleann gur ar seachrán go sealadach atá Meiriceá le ré Trump.

Seo iad na cúiseanna atá agam leis sin a rá.

 

Tá fianaise láidir ann go bhfuil níos mó tacaíochta i measc phobal Mheiriceá do go leor de pholasaithe Trump ná mar atá do Trump féin.

Fuair Trump 49.9% de na vótaí a chaith an pobal i dtoghchán na huachtaránachta.

Ach léirigh pobalbhreith sa New York Times go bhfuil 60% den phobal i bhfabhar níos lú rannpháirtíochta idirnáisiúnta, 55% i bhfabhar na milliún inimirceach a dhíbirt, 63% i bhfabhar inimircigh mhídhleathacha a tháinig go Meiriceá le ceithre bliana anuas a dhíbirt, agus creideann nach mór 80% nár chóir ceadú do mhná trasinscneacha páirt a ghlacadh i spórt na mban.

Tá sé iomlán sochreidte mar sin go dtacódh sciar níos mó de Mheiriceánaigh le hiarrthóir seachas Trump i gceann ceithre bliana ach a labhraíonn go láidir ar son an ‘ciall comónta’ (mar a deirtear) i dtaca leis na ceisteanna seo.

Ní féidir linn a bheith ag súil leis go gcasfaidh Uachtarán Daonlathach i gceann ceithre bliana an clog siar go dtí an tslí a raibh cúrsaí roimh dhara téarma Trump.

Más fíor go bhfuil, mar a shílimse, athrú buan fadtéarmach tarlaithe i bpolaitíocht Mheiriceá luíonn sé le réasún gurbh é an t-aon slí gur féidir leis na Daonlathaigh toghchán a bhuachan arís ná bogadh níos gaire do mhianta phobal na tíre ar na mórcheisteanna seo. Cuimhnigh, mar shampla, gur choimeád Joe Biden formhór na dtaraifí a thug Trump isteach ina chéad téarma.

Agus cé gur mhaolaigh sé roinnt de pholasaithe inimirce Trump ag tús a théarma d’fhill sé ar pholasaithe níos déine go déanach ina théarma mar gur aithin sé, ródhéanach, treo na gaoithe. Mar sin má tharraingíonn Donald Trump fórsaí Meiriceánacha as an Eoraip, mar shampla, níl aon bhunús le bheith ag súil go gcuirfidh Uachtarán Daonlathach ar ais arís iad i gceann ceithre bliana nuair nach dócha go mbeidh aon éileamh ó phobal Mheiriceá é sin a dhéanamh. 

Tá Trump ag obair chun a chinntiú go mbeidh an córas daonlathach claonta i bhfabhar na bPoblachtánach feasta

Tugtar uathlathas iomaíoch ar chórais mar atá san Ungáir agus sa Tuirc agus tá Trump imithe i mbun oibre chun córas dá leithéid a thógáil i Meiriceá. Tarlaíonn toghcháin agus bíonn fíorpháirtithe freasúra ann ach tá rialacha an chluiche claonta chomh mór sin ina gcoinne go bhfuil sé an-deacair nó fiú nach mór dodhéanta acu toghchán a bhuachan.

Tá sé ar nós an chluiche sacair sa scannán faoin dara cogadh domhanda Victory (1981) idir príosúnaigh cogaidh ó na Comhghuaillithe agus Foireann Náisiúnta na Gearmáine. Tá an réiteoir, na maoir líne agus an tráchtaire raidió ar fad ag cabhrú leis na Gearmánaigh. I gcás an stáit daonlathaigh déantar é seo trí bhata agus bóthar a thabhairt do státseirbhísigh, feidhmeannaigh agus cigirí neamhspleácha.

Cuirtear dílseoirí polaitiúla ina n-áit. Úsáidtear cumhacht an stáit chun pionós a chur ar mheáin chumarsáide nach dtacaíonn leis an bpáirtí atá i gcumhacht agus úsáidtear an córas dlí agus cirt chun imeaglú a dhéanamh ar an bhfreasúra polaitiúil. Agus i gcás Donald Trump tá na comhlachtaí móra meán sóisialta ar bord aige freisin. Sa scannán Victory, in ainneoin na míbhuntáistí mífhéaráilte ar fad, dar ndóigh bhuaigh na príosúnaigh chogaidh chróga an cluiche ar deireadh.

Uaireanta tarlaíonn sé sin sa bhfíorshaol, mar a tharla le Donald Tusk sa Pholainn. Ach uaireanta nuair a bhuann an freasúra an toghchán faoi chóras an uathlathais iomaíoch is ag an bpointe sin a athraíonn sé go huathlathas amach is amach. Nuair a chaill Nicolás Maduro toghchán na Veiniséala, go bunúsach is é a rinne sé ná cinneadh gan glacadh leis an toradh.

Tá a fhios againn go ndearna Trump iarracht caimiléireacht a dhéanamh i dtoghchán uachtaránachta 2020 ach nár éirigh leis mar gur sheas institiúidí agus feidhmeannaigh agus polaiteoirí neamhspleácha ina choinne.

An féidir talamh slán a dhéanamh de go dtarlóidh sé sin an chéad uair eile i bhfianaise na n-athruithe a bheidh déanta ag Trump idir an dá linn? Má leanann an patrún i Meiriceá ina mbíonn an dá pháirtí an-ghar dá chéile ó thaobh sciar na vótaí de ní bheadh gá le caimiléireacht ar scála ollmhór chun toghchán a ghoid.

Ní raibh ag teastáil ó Donald Trump in 2020 ach go ‘n-aimseodh’ Rúnaí Stáit Georgia, Brad Raffensperger, 11,780 vóta dó. Agus seo á scríobh agam tá Trump tar éis friotal a luaitear la Napolean a scaipeadh ar na meáin shóisialta: ‘An té a shábhálann a thír ní sháraíonn sé dlí ar bith.’

Bím amhrasach faoi iriseoirí agus colúnaithe ag déanamh tairngreachtaí den chineál seo. Bhí Donald Trump curtha san uaigh pholaitiúil ag formhór tráchtairí fá dhó, tháinig ionradh na Rúise ar an Úcráin aniar aduaidh orthu ar fad nach mór, agus cé a d’fhéadfadh ionsaithe 9/11 a thuar?

B’fhéidir go dtarlóidh tubaiste éigin do Mheiriceá mar gheall ar bata agus bóthar a bheith tugtha ag Trump do na daoine a d’fhéadfadh a bheith tar éis é a sheachaint – tubaiste sláinte, slándála, timpeallachta nó eile – agus go gcasfadh pobal Mheiriceá go láidir i gcoinne ghluaiseacht MAGA.

Nó b’fhéidir go dtarlóidh rud éigin neamh-intuartha eile nach féidir liom a thuar! Ach ní bheadh sé críonna dár gceannairí polaitiúla a bheith ag brath air go bhfillfidh an sean-ord domhanda go luath.

Fág freagra ar 'Ná bí ag brath air go dtiocfaidh deireadh leis an Trumpachas i gceann ceithre bliana'

  • Páid Ó Donnchú

    “Úsáidtear cumhacht an stáit chun pionós a chur ar mheáin chumarsáide nach dtacaíonn leis an bpáirtí atá i gcumhacht agus úsáidtear an córas dlí agus cirt chun imeaglú a dhéanamh ar an bhfreasúra polaitiúil.”

    Aidhe, a Fhachtna. Filleann an feall ar an feallaire.

  • Peter Logan

    Ríamh?

  • JP

    Cás eisceachtúil sea an Trúmpachas, dar liom. Níl aon Uachtarán eile, dá dtiocfaidh nó dá dtáinig, ionchurtha leis.
    Is léir le fada anois (domsa ach go háirithe) go bhfuil greim ag Putin ar Trump, go bhfuil sé ina phóca aige.
    An meangadh fáillí ‘franncúil’ sin a bhíonn leata ar a chuntanós glic ach a mbuaileann sé le hUachtarán SAM. An easpa gradaim don bhfear is cumhachtaí ar domhan.
    Uair amháin, le linn céadthréimhse Trump mar Uachtarán, mar shampla, bhí moill breis is uair a’ chloig ar Putin chun cruinniithe leis.
    Uachtarán na Rúise déanach ó chruinniú le Trump!!
    Ó shin i leith is geall le hurlabhraí thar ceann Putin é an Trúmpach.
    Go fiú is gur chaith sé anuas go poiblí ar an FBI féin t’réis bualadh le Putin.
    Is a rá gur “thosaigh an Úcráin an cogadh” nó gur “deachtóir” é Zelensky …
    seachas Putin ‘mo mhúirnín’.
    Ach cén ‘greim’ é sin atá aige air, meas tú?
    Ar léigh tú riamh John le Carré srl agus na gaistí sin a bhíodh á gceapadh ag an KGB?
    Is mó turas a thug Trump ar Mhoscó sna seanlaethanta nuair a bhí
    ‘fonn na fola agus fothrom na sláinte’
    ag gabháil lastuas do.
    Fístéip ghnéis ….?
    Seanchleas seanchaite?
    Bí ag faire air!

  • Pól Ó Meadhra

    Agus níl aon chlaonadh liobrálach nó claonadh frith Trump/ Vance in RTÉ.. Ní bheadh ​​ort go deo fóirdheontas a thabhairt do bholscaireacht fhollasach mar sin le híocaíocht éigeantach an cheadúnais teilifíse.