Ná bac leis an ‘skip’, tarraingeoidh na maighnéidíní cuisneora siar ar bhóithrín na smaointe thú

Ach tá na maighnéidíní cuisneora sciúrtha agus triomaithe anois agus b’fhéidir go mbeadh sé chomh maith agam iad a chrochadh suas arís

Ná bac leis an ‘skip’, tarraingeoidh na maighnéidíní cuisneora siar ar bhóithrín na smaointe thú

‘Caithfidh tú ‘skip’ a fháil, a dúirt mé go míthrócaireach le mo chara sa chlub an lá cheana. Bhí sí ar tí bogadh amach as an teach mór a bhí aici féin agus a fear céile, i dtuaisceart na cathrach. Bhí sé beartaithe acu le fada go ndéanfaidís sin agus go mbogfaidís isteach I dteach aon stóir.

Ach nach ansin atá croílár na faidhbe. ‘Teach aon stóir’ agus spás stórála ann dá réir. Ach céard a d’fhéadfadh a bheith ag lánúin amach sna blianta, agus an chlann imithe leo le fada an lá?

Bhuel, ní gach éinne a bhíonn i mbun lámhcheardaíochta le snáth, le héadach, le holann, le cniotáil, le meaisín fuála agus meaisíní cniotála den uile chineál. Agus ní gach éinne a théann go fonnmhar chuig siopaí éadaigh áit ar bith a leagfaidh siad cos. D’aimsigh sí siopaí lámhcheardaíochta agus éadach a thaitin léi, i mBarcelona, sa nGearmáin agus san Iodáil le linn dúinne a bheith ag comórtais na mbád dragan, le cúpla bliain anuas.

Agus ná bí ag trácht ar an monarcha mhór ábhar a bhí suite ar an M50 agus a dhíol ábhar den uile chineál a bhí fágtha mar ‘dhríodar’ ag monarchana agus ag comhlachtaí móra eile. Gnó fiontraíochta sóisialta a bhí sa gceann sin agus bhíodar in ann ábhar a dhíol ar phraghas íseal le scoileanna, le réamhscoileanna agus le clubanna ceardaíochta ar fud na tíre. Ní raibh sí in ann dul thairis má bhí sí ar an mótarbhealach sin.

Ach is gearr go dtiocfaidh ‘lá an leoraí mhóir’ agus beidh siad ag bogadh isteach i dteach atá i bhfad níos lú ná an ceann atá acu. An dtabharfaidh sí léi na boscaí, na rollaí éadaigh, na meaisíní fuála agus cniotála, na málaí snátha?

Bhí alltacht uirthi nuair a luaigh mé an ‘skip’ thuasluaite. Ní hé amháin go raibh ábhar úsáideach fós aici ach nach raibh cuimhní ag baint le chuile phíosa éadaigh freisin?

Chuaigh mise abhaile lán le mórtas as chomh stuama agus a bhí mé féin. Luigh mé isteach ar jab a bhí ag fanacht orm le fada.

Ó chuir mé na maighnéidíní cuisneora in airde ar an gcochall a bhí crochta os cionn an tsoirn, níor chuir mé a thuilleadh spéise iontu. Ní raibh ann ach réiteach gearrthéarmach ar fhadhb áirithe a bhain leis an gcistin – ní as miotal a bhí doras an chuisneora déanta ach as ábhar nach dtarraingeodh na maighnéidíní.

Nigh mé go cúramach iad toisc nach rabhadar bainte anuas agam le tamall maith. Agus ní hé cochall an tsoirn an áit is glaine ar domhan.

Anois, a dúirt mé liom féin. Cé mhéad bliain atá caite ó bhí mo mhac páirteach i gcomórtas ealaíne sa nGailearaí Náisiúnta? Bhí sé ar scoil i Scoil Mhíchíl Naofa sa Spidéal ag an am agus ba í Bean Hergett, a mhúinteoir a chuir a shaothar isteach sa chomórtas. Ní raibh aon duais le buachan as ach crochadh a phictiúr sa nGailearaí i measc na n-iarrachtaí eile ab fhearr agus pictiúir leis na ‘Máistrí’ mór le rá crochta thart orthu.

Nach é a bhí mórtasach as an suaitheantas a fuair sé – agus maighnéad cuisneora a bhí ann chomh maith. Caithfidh tú a rá go raibh ábhar maith ann nuair a sheas sé ó 1991.

Ní bheadh aon tábhacht ag baint le cuimhneachán ón ‘Outer Banks’ i Stát Carolina Thuaidh ach amháin go rabhamar ann ar cuairt ann in 2001 cúpla lá tar eis an ionsaí ar Ionad Trádála an Domhain i Nua-Eabhrac agus ar an Pentagon, sa stát in aice láimhe, Virginia. Go deimhin is cuimhneach liom go raibh cúpla duine ag glacadh lá saoire sa teach lóistín céanna agus iad féin ag obair don rialtas i stát Virginia. Ní rabhadar ag déanamh scéal chailleach an uafáis faoi ar chor ar bith. Bhí iontas orthu go raibh muidne in Éirinn ag glacadh lá iomlán saoire in ómós don dream a bhásaigh san eachtra uafáis.

Agus nuair a bhreathnaím anois ar an mhaighnéad de Barack Obama óg a bhí díreach tofa nuair a cheannaigh mé é, in 2009, cuireann an focal ‘nightmare’ ag cuimhneamh mé. An raibh tuairim ar bith againn cad a bhí romhainn? Agus céard go díreach a bhí chomh mícheart sin le George ‘Dubya’ Bush?

Is I bhfoirm pailéad ealaíontóra atá an maighnéad ó Tellaro san Iodáil. Ní bheadh aon eolas agamsa faoin mbaile sin ach gur tugadh ann muid nuair a bhí slua beag againn ar chúrsa ealaíne san Iodáil. Baile beag atá suite gar don ‘Cinque Terre’ ach níl an teideal sin air agus dá bharr sin ní bhíonn an oiread sin turasóirí ag triall air. Chaitheamar lá iomlán inar suí cois na trá agus an chalaidh bhig atá ansin, ag péinteáil ar ár sáimhín só.

Tá an pictiúr fós agam in áit éicint.

Bhí an Cogadh san Iúgslaiv díreach thart agus an droichead ársa ón 16ú céad atógtha nuair a thugamar cuairt ar Mostar in 2010. Ach ní raibh sé sin rófhada ó bhí cogadh marfach ar siúl ansin idir na Seirbiaigh, an Chróit agus an Bhoisnia.

Bhí na chéad toghcháin ar siúl i mBoisnia nuair a rinneamar an chéad chlár de chuid ‘Léargas’ do RTÉ i 1996. Bhí an chathair agus an tír thart uirthi scriosta. Pat Butler a rinne an tuairisciú agus ba é an leathbhádóir, Gerry Gregg a léirigh é. Músclaíonn an maighnéad sin go leor cuimhní.

Agus ansin, i lár an bhailiúcháin, tá ar a laghad péire a fuair mé mar bhronntanais ó dhaoine nach bhfuil linn níos mó. Is ar éigean go mbeidh mé in ann iad sin a chaitheamh amach.

Ar a laghad ní gá dom an scipe a chur in áirithe an babhta seo. Dhéanfadh boiscín beag cairtchláir an chúis. Ach tá siad sciúrtha agus triomaithe anois agus b’fhéidir go mbeadh sé chomh maith agam iad a chrochadh suas arís – ar aon nós níl siad sa mbealach ar éinne ar an sorn, an bhfuil?

Fág freagra ar 'Ná bac leis an ‘skip’, tarraingeoidh na maighnéidíní cuisneora siar ar bhóithrín na smaointe thú'