Níl a fhios cén t-athrú atá tagtha ar bhóithre agus ar shráidbhailte Bhaile Átha Cliath le roinnt seachtainí anuas. Thar oíche, d’fhéadfá a rá, a tharla an t-athrú sin. Sa Charraig Dhubh, tá an príomhbhóthar tríd an baile athraithe go dtí bóthar aon treo agus tús áite tugtha do na rothair.
Tharla an rud céanna i Mullach Íde agus ar bhóthar Rinn na Mara amach i dtreo Chuas an Ghainimh. Sin cuid den phlean bealach rothaithe a chruthú ó Chill Fhionntain i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath go dtí Dún Laoghaire sa deisceart. Le fada an lá tá caint faoin bplean seo ach ar bhealach mistéireach éigin, ba í an phaindéim a thug ugach do lucht pleanála sa chathair agus in achar gairid, tá an plean curtha i bhfeidhm.
Agus níl deireadh leis fós. Chuala mé trácht i rith na seachtaine go raibh bóthar aon treo le déanamh de Bhóthar Dhumhach Thrá ach feicfimid. Beidh raic faoi sin, ceapaim, más fíor don chainteoir a casadh dom ag snámh inné gar do Bhaile an Bhóthair. Bhí sé ar mire faoi. Ní fear rothaíochta é, sílim. Is rud amháin é a bheith ar son na rothaíochta ach is scéal eile ar fad é nuair a chaithfidh tú gach turas cairr a phleanáil go pointeáilte le go mbeidh tú ag tiomáint sa treo ceart chun do theach a bhaint amach.
Tá scéal na rothaíochta go mór faoi thrácht na laethanta seo. Agus daoine ag cuartú bealaí sábháilte taistil, ina mbeadh ‘spás sóisialta’ ceart idir taistealaithe, tá aird gach éinne ar an rothar. Chuige sin a rinne na pleanálaithe na hathruithe thart faoi Bhaile Átha Cliath.
Agus an bhfuil tóir ar na rothair sna siopaí? D’fhiosraigh mé an scéal i mo shiopa áitiúil rothar le gairid. Cén uair a cheap siad, a mbeadh rothar do mhná ar díol acu arís? Ní raibh ceann ar bith le feiceáil sa seomra taispeántais thuas staighre agus gan thíos staighre ach lán a’ tí de rothair leictreacha – thart ar €2,500 an ceann ar meán.
Chuir an freagra a fuair mé iontas orm – ní raibh aon tuairim acu. Bhíodar go hiomlán i dtuilleamaí na mórdhíoltóirí – bheadh orthu glacadh le pé cineál rothair a bheadh sa leoraí nuair a thiocfadh sé.
Is léir go bhfuil tóir an-mhór ar na rothair gach áit ar domhan anois, ach níl sé chomh héasca sin an ráta táirgeachta rothar a mhéadú thar oíche, is cosúil.
Is annamh a dhéantar an rothar iomlán, nó páirteanna an rothair, in aon tír amháin.
Agus bíonn tionchar nach beag ag cúrsaí polaitíochta ar na comhaontuithe trádála idir na tíortha éagsúla.
Mar shampla, sa tSeapáin atá an comhlacht Shimano suite. Déanann Shimano 65% de na giaranna agus na coscáin a úsáidtear sna rothair ardchaighdeáin ar fud an domhain.
Déantar an rothar ‘Giant’ sa Téaváin. Is iad Giant an comhlacht is mó ar domhan a dhéanann na rothair ardchaighdeáin.
Tá an-tóir faoi láthair ar na rothair sin agus daoine ag tabhairt ‘páipéar leithris’ nua na paindéime orthu.
.
Ach tagann cuid de na páirteanna rothair – na cuid is saoire ón tSín, is cosúil. Tháinig an éiginnteacht maidir le cúrsaí trádála leis an tSín salach ar chuid de na comhaontuithe idirnáisiúnta, i bhfad sular thosaigh an phaindéim – cuid den chúis nach raibh stoc mór ag siopaí ag tús na géarchéime.
Ceann de na fadhbanna is mó a bheas ag na comhlachtaí rothar amach anseo ná an gaol nó an ‘slabhra’ trádála sin idir go leor tíortha éagsúla – amanta idir an tSín, an Mhalaeisia, Singeapór, an Ungáir, an tSeapáin, an Téaváin. Má tá páirt amháin den rothar in easnamh toisc go bhfuil fadhb ag tír amháin, ní féidir an rothar a chríochnú. Caithfidh siad bealach a fháil timpeall ar an bhfadhb sin sula mbeidh siad in ann méadú ollmhór a chur leis an táirgeacht.
Agus méadú as cuimse tagtha ar líon na rothar atá ar an mbóthar anois, tagann ceist na slándála chun tosaigh. Cén chaoi ar féidir do rothar a choinneáil slán sábháilte ar an tsráid, nó ag baile? Ghlac mé pictiúr ar maidin de sheastán i gcomhair rothair, gar don Luas. Cúig cinn de shlabhraí agus glais láidre a bhí fágtha ann, gan rothar ar bith ceangailte leo.
Cúpla bliain ó sin, d’fhág mo mhac a rothar i Sráid Capel, agus chuaigh sé ag an bpictiúrlann. Ní raibh aon imní air – nach raibh ceann de na glais ba láidre ar an margadh aige?
Ró-láidir a bhí sé – nuair a d’fhill sé agus thriail an glas a oscailt, chas an eochair sa ghlas agus d’fhan an eochair ann, sáinnithe. Níorbh fhéidir é a oscailt ná an eochair a tharraingt as.
Tar éis cúpla lá, d’fhill sé agus ar chomhairle ó chara leis, bhí jeaic cairr tugtha leis aige. Ní go rómhaith a bhí ag éirí lena gcuid iarrachtaí an glas a oscailt leis an jeaic nuair a tháinig lead as an áit an bealach. ‘Can I give you a word of advice?’ a deir sé go ciúin. ‘I used to do this all the time.’
Bhuail bean trasna an bhóthair bleid ar Shamárach na sráide. ‘Hey B… are you giving them the tricks of your trade?’ arsa sise agus í ag gáire.
Thaispeáin sé dóibh cén chaoi leis an rothar a ardú agus brú a chur air leis an jeaic. D’fhág sé i mbun na hoibre iad. Ach an chéad rud eile, nár bhris an jeaic ina dhá leath ar an tsráid.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, d’fhill sé arís ar an rothar glasáilte. An t-am seo bhí ‘angle-grinder’ aige. Rothar glasáilte, eochair mhillte, smionagar ‘jeaic’ cairr, agus ‘angle grinder’ réidh chun oibre – agus níor chuir éinne isteach ná amach air. Thóg leaid amháin a fhón póca amach go nglacfadh sé pictiúr. Rinne sé athsmaoineamh ansin agus chuir an fón ar ais ina phóca.
An iarraidh seo rinne an gléas nua dhá phíosa den ghlas in achar gearr. Agus thug sé a rothar leis tar éis deich lá caite a bheith aige ar Shráid Capel i lár na cathrach.
Tamall ina dhiaidh sin, thug sé faoi deara go raibh rud éigin casta timpeall ar na hanlaí ar bhealach nach dtabharfá faoi deara ar an bpointe é. Paidrín a bhí ann. D’fhág sé ann é.
Nuair a dhíol sé an rothar an bhliain dár gcionn mhol sé don cheannaitheoir gan cur isteach ar an bpaidrín – bheadh sé ag gardáil an rothair, a dúirt sé leis.
Ná bac leis an kryptonite, a chairde, ceannaígí paidrín.
Des O Murchu
Turasoiracht cois farraige gluastain scrioste leis an amadiocht seo Carriag Dubh go Sain le Go + Bothar Vico!