Ná bac an plámás – seo tús fheachtas toghcháin Joe Biden

Deis ceithre lá le grianghraif a thógáil agus dea-chlú a tharraingt ar an Uachtarán Biden atá sa turas ar Éirinn, dar le hiriseoirí as Meiriceá

Ná bac an plámás – seo tús fheachtas toghcháin Joe Biden

Ní mó ná sásta atá an leathchéad iriseoir i mbuíon iriseoirí an Tí Bháin le cúrsaí le cúpla lá anuas. Deis ceithre lá le grianghraif a thógáil agus dea-chlú a tharraingt ar an Uachtarán Biden atá sa turas ar Éirinn, dar leo. Níl an tUachtarán sásta díriú ar na ceisteanna atá ag déanamh imní dóibh.

Bí cinnte go bhfuil eagarthóirí ar fud na Stát Aontaithe oibrithe le dhá lá nach bhfuil ag éirí leis na hiriseoirí aon fhreagra a fháil ón Uachtarán faoin iliomad ábhar – idir sceitheadh cáipéisí faisnéise, an chogaíocht san Úcráin agus ceist achrannach an ghinmhillte. Cé go bhfuil iarrachtaí dá ndéanamh ceisteanna a chur air, níl sé sásta comhrá a thosú.

Tá sé ráite go soiléir go minic ag an Uachtarán gur turas ‘abhaile’ atá anseo agus béim ar leith leagtha aige ar a mhuintir agus a shinsir. Léargas ann féin air sin go bhfuil a mhac Hunter Biden agus a dheirfiúr Valerie Biden Owens ina theannta.

Ach ná cuireadh a réchúisí agus atá an chaint agus an comhrá i rith an turais seo aon dul amú orainn. Mar a chonaiceamar lena aitheasc sa Dáil inné, seo tús neamhoifigiúil le feachtas Joe Biden le téarma eile a chaitheamh sa Teach Bán. Cé go bhfuil na toscaireachtaí ar a suaimhneas le chéile agus neart gáire á dhéanamh, ní bheadh Anthony Blinken, Rúnaí Stáit SAM. tagtha ar an turas seo i dteannta an Uachtaráin murach go bhfuil obair le déanamh.

Is é Blinken an taidhleoir is cumhachtaí ar domhan. Tá sé lárnach sna hiarrachtaí ar fad atá ar siúl ag na Stáit Aontaithe a dtionchar ar chúrsaí idirnáisiúnta ar fud na cruinne a chinntiú. Bhí deis freisin leis an gcuairt seo aird a thabhairt ar bhua mór de chuid na Stát Aontaithe – an ról a bhí acu i gComhaontú Aoine an Chéasta a chur le chéile.

Sin gan trácht ar an deis labhairt le Príomh-Aire agus oifigigh de chuid Shráid Downing. Beidh cainteanna trádála le reáchtáil idir na Stát Aontaithe agus an Bhreatain mar gheall ar an mBreatimeacht.

D’éirigh leis an turas seo aird a tharraingt ar bhuaiceanna Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann do Thuaisceart Éireann. Tháinig Joseph Kennedy III, toscaire speisialta eacnamaíochta don Tuaisceart an Uachtaráin, ar an turas freisin leis na deiseanna sin a phlé le comhlachtaí ó thuaidh den teorainn. Cé nár chuir an tUachtarán aon bhrú díreach ar na páirtithe an feidhmeannas a chur ar bun arís, thug sé le fios gur mó tairbhe a bhainfidís as infheistíocht na Stát Aontaithe dá mbeidís ar ais i mbun oibre.

Tá go leor plámáis cloiste againn le roinnt laethanta faoi chol ceathracha, faoi thurais abhaile agus naisc le hÉirinn. Níl aon deifir ar Joe Biden ná a thoscaireacht. Tá siad ar a sáimhín só. Ná bíodh aon dul amú orainn mar sin féin – tá tábhacht mhór leis an gcuairt seo i gcomhthéacs pholaitíocht na Stát Aontaithe. Tá os cionn tríocha milliún duine sna Stáit Aontaithe a thugann Gael-Mheiriceánaigh orthu féin. Beidh lucht eagraithe an turais ag súil go rachaidh na laethanta seo in Éirinn chun tairbhe do Joe Biden nuair a thugann sé faoi fheachtas toghcháin na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ná bac an plámás – seo tús fheachtas toghcháin Joe Biden'