Na babhtaí cáilithe chun tairbhe Mhaigh Eo, slánú Eddie Brennan agus Laoise agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí a imríodh sa chraobh iomána agus sa chraobh peile ag an deireadh seachtaine

Na babhtaí cáilithe chun tairbhe Mhaigh Eo, slánú Eddie Brennan agus Laoise agus ceachtanna eile

Tosach Mhaigh Eo, James Carr. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Na babhtaí cáilithe chun tairbhe do Mhaigh Eo

Ní gan dua a rinne siad é ach tá áit bainte amach ag peileadóirí Mhaigh Eo i gcomórtas an tSárochtair tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh Dé Sathairn. Tá cleachtadh faighte acu ar na babhtaí cáilithe le ceithre bliana anuas agus is fiú breathnú orthu i gcónaí.

Is annamh a bhíonn bua éasca acu, áfach. Is beag nár chlis siad i gcoinne Fhear Manach in 2016 agus arís in aghaidh Dhoire an bhliain dár gcionn. Chaill siad in aghaidh Chill Dara anuraidh ach tá siad tagtha slán i mbliana agus seasfaidh na cluichí breise seo leo.

Thug James Horan deis do roinnt mhaith imreoirí nua i rith na sraithe ach sa chéad chluiche mór acu sa chraobh, an ceann i gcoinne Ros Comáin, is iad na seanfhondúirí is mó a roghnaigh an bainisteoir. Ó shin i leith áfach, tá seans tugtha aige do na leaideanna óga agus chruthaigh siad ar fheabhas.

Ba é Fionn McDonagh ba mhó ar tugadh suntas dó nuair a bhuaigh Maigh Eo ar an Dún i mBabhta 2. Ní fear óg é Darren Coen ach tá sé tugtha isteach ar an bpainéal arís ag James Horan agus bhí an tosach ar fheabhas i gcoinne Ard Mhacha coicís ó shin nuair a d’aimsigh sé ceithre phointe ón imirt. Bhí Coen i mbarr a mhaitheasa arís i gcoinne na Gaillimhe Dé Sathairn ach is imreoir nua eile, James Carr, is mó atá i mbéal an phobail faoi láthair tar éis dó dhá chúl a scóráil i bPáirc na nGael.

Dá mbuailfeadh Maigh Eo Ros Comáin an lá sin, seans nach mbeadh na deiseanna sin tugtha ag Horan do na himreoirí nua seo agus d’fhéadfadh go mbeidís anois ag fáil réidh do na ‘Super 8s’ agus iad fós ag brath ar an ngrúpa beag céanna imreoirí. Tá na leaideanna nua seo lán de mhuinín anois agus foireann Mhaigh Eo neartaithe dá bharr.

Slánú do Laois agus Brennan

Ross King agus Eddie Brennan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Roimh thús na bliana seo, ba é an rud ba shuntasaí a bhí déanta ag Eddie Brennan mar bhainisteoir ná go raibh sé i gceannas ar fhoireann Faoi 21 Chill Chainnigh a chaill i gcoinne na hIarmhí i gcraobh Laighean in 2016. Ba é inné lá na fuascailte do Breanna nuair a fuair foireann Laoise an ceann is fearr ar iománaithe Átha Cliath, bua nach raibh súil ag aon duine leis.

I ndáiríre, ní ar Brennan ba cheart an milleán uile a chur faoin gcliseadh sin trí bliana ó shin agus tá sárjab déanta aige le foireann Laoise.

Nuair a tháinig sé isteach ag tús na bliana, bhí an iomáint sa chontae in ísle brí. Ba bheag nár dícháilíodh iad ó Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha anuraidh agus nuair a thug Brennan cuireadh do na himreoirí is fearr sa chontae teacht isteach ar phainéal Laoise, dhiúltaigh sé dhuine dhéag acu, an t-imreoir club ab fhearr sa chontae in 2018 san áireamh.

Níor tháinig mórán feabhais ar rudaí i rith na sraithe. Níor bhuaigh Laois ach aon chluiche amháin, i gcoinne Uíbh Fhailí i Roinn 1B, agus cé gur bhain siad áit amach i gcluiche ceathrú ceannais na sraithe, bhuaigh Luimneach orthu le seacht bpointe dhéag.

D’éirigh go maith leo i rith Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha áfach agus thug siad taispeántas cumasach uathu sa chluiche ceannais, mar ar chloígh siad an Iarmhí, agus thug leo corn as Páirc an Chrócaigh den chéad uair le 70 bliain. Amach rompu a bhí an chuid ab fhearr fós agus an bua iontach a fuair siad ar Áth Cliath inné.

Mná na Gaillimhe ina máistrí i gConnachta ach obair mhór fós le déanamh

Foireann na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Agus iománaithe agus peileadóirí sinsir na Gaillimhe díomhaoin an chuid eile den samhraidh, thug foireann peile na mban faoiseamh do lucht tacaíochta an chontae nuair a bhuaigh siad craobh Chonnacht den tríú bhliain as a chéile Dé Sathairn.

Bua 3-7 in aghaidh 0-9 a bhí ag na Gaillimhigh ar mhná Mhaigh Eo in athimirt chluiche ceannais Chonnacht agus an chraobh buaite anois acu den tríú bliain as a chéile. Tá nach mór ceannas iomlán ag na Gaillimhigh ar chraobh Chonnacht le roinnt blianta anuas agus an chraobh buaite acu seacht n-uaire le hocht mbliana anuas ach tá an chéad chéim eile le tógáil acu go fóill.

Tá 14 bliain ann ó d’éirigh le Gaillimh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach agus tá teipthe orthu an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath nó ar Chorcaigh le blianta beaga anuas. Fiú sa tsraith i mbliana, bhuaigh Gaillimh ar Chorcaigh sa chéad bhabhta ach chaill siad ansin i gcoinne Átha Cliath níos deireanaí sa tsraith agus nuair a d’imir siad i gcoinne Chorcaí arís sa chluiche ceannais, ba iad na Muimhnigh a thug an svae leo.

Cé go bhfuil Gaillimh níos fearr na cuid mhór d’fhoirne na tíre, ní bheidh le ceiliúradh acu ach craobh Chonnacht go dtí go mbeidh siad in ann dúshlán a thabhairt do na himreoirí cois Life agus cois Laoi.

Peileadóirí Chorcaí agus na Mí i measc na mboc mór

Michael Newman ag ceiliúradh i rith an chluiche i gcoinne an Chláir. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Seans gur beag a bheidh lucht tacaíochta Chorcaí ná na Mí ag súil leis nuair a rachaidh na foirne chun páirce i gcluichí an tSár-Ochtair an mhí seo ach tá forás ag teacht ar an dá fhoireann. Bhí an tóin tite astu le blianta beaga anuas ach tá comharthaí téarnaimh le feiceáil i mbliana.

Bhí Corcaigh go hainnis ar fad i rith na sraithe agus iad anois díbeartha go dtí Roinn 3 ach tá fuinneamh nua iontu ó thús na craoibhe. Bhuail siad greadadh ar Luimneach ina gcéad chluiche agus cé gur chaill siad arís i gcoinne Chiarraí i gcluiche ceannais na Mumhan, thug siad taispeántas maith uathu. Bhí sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfeadh siad leis an taispeántas sin an deireadh seachtaine seo agus rinne siad an beart i gcoinne Laoise agus bua slachtmhar faighte acu, 4-20 in aghaidh 1-15.

Ar an taobh eile den scéal, bhí an Mhí ar fheabhas i rith na sraithe ach bhí an baol ann go mbainfí an mhaith as an séasúr tar éis dóibh cliseadh i gcoinne Átha Cliath i gcluiche ceannais Laighean. Bhí siad ag streachailt sa chéad leath i gcoinne an Chláir inné ach tháinig siad ar ais go láidir ina dhiaidh sin agus d’éirigh leo bua fiúntach a fháil ar deireadh.

Ní dhéanann na torthaí sin boic mhóra de Chorcaigh ná den Mhí ach tá siad ar ais arís ag imirt i gcoinne na bhfoirne is fearr agus is mór a fhoghlaimeoidh siad as seo go ceann míosa.

Fág freagra ar 'Na babhtaí cáilithe chun tairbhe Mhaigh Eo, slánú Eddie Brennan agus Laoise agus ceachtanna eile'