Na 7 gcúl is fearr atá feicthe againn i gcluichí ceannais Shraith na gCuradh

Is i mBeirlín anocht a bheidh cluiche ceannais Shraith na gCuradh idir Barcelona agus Juventus. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na cúil is fearr ata feicthe againn i gcluichí ceannais an chomórtais

Imreoir Real Madrid, Zinedine Zidane, i mbun an cúl stairiúil sin a aimsiú in aghaidh Bayer Leverkusen i 2002
Imreoir Real Madrid, Zinedine Zidane, i mbun an cúl stairiúil sin a aimsiú in aghaidh Bayer Leverkusen i 2002

Anocht, beidh Barcelona agus Juventus ag imirt ina n-ochtú gcluiche ceannais, idir Chorn na hEorpa (1955-1991) agus Shraith an gCuradh (1992 -). Mar sin, agus ár liosta de na cúil is fearr atá aimsithe i gcluichí ceannais Shraith na gCuradh á chur le chéile, ní haon iontas go mbainfeadh cuid acu le na foirne atá ag tabhairt aghaidh ar a chéile san Olympiastadion anocht.

Ar na seacht gcúl is fearr atá roghnaithe ag Tuairisc.ie, tagann ceithre cinn acu ó chluichí ceannais a raibh Barcelona agus Juventus páirteach iontu, cúl an taobh a d’aimsigh na foirne sin atá san áireamh, agus ceann an taobh a lig siad isteach.

Fabrizio Ravanelli – JUVENTUS v Ajax (1996)

Cúl ó na hIodálaigh mar thús againn agus cé nach é an cúl is áille a bhfeicfidh tú, ní raibh aon easpa scile ag baint leis. Ní raibh ceathrú huaire fiú imithe sa chluiche nuair a tháinig mearbhall ar Frank de Boer agus Edwin Van der Saar Ajax. Rinne de Boer iarracht an liathróid a chur ar ais chuig a chúl báire ach theip go hiomlán air agus d’éirigh le Ravanelli sleamhnú isteach agus, cé go raibh uillinn fíor-ghéar roimhe, stiúraigh an fear ar thug siad ‘an cleite bán’ air an liathróid isteach sa chúl.

David Villa – BARCELONA v Manchester Utd (2011)

Seans gurb é seo an cluiche inar bhain Barcelona, faoi cheannas Pep Guardiola, barr a réime amach mar fhoireann. Ní raibh ach ceithre chúl ligthe isteach ag United sa chomórtas roimh an gcluiche ceannais ach rinne na Spáinnigh scrios iomlán orthu. Le 20 nóiméad fágtha, tháinig an liathróid amach chomh fada le David Villa ar imeall na cearnóige. Gan aon duine timpeall air, roghnaigh sé a spota agus threoraigh sé a iarracht isteach sa chúinne ag an mbarr agus ar dheis chun deireadh a chur le United.

Steve McManaman – REAL MADRID v Valencia (2000)

Mar gheall gur fhág sé Sasana agus é fós óg, agus go raibh réalta níos gile timpeall air i bhfoireann Real Madrid, déantar dearmad ar díreach cé chomh maith is a bhí Steve McManaman. Níor chaith iarimreoir Liverpool ach ceithre shéasúr sa Spáinn ach fós bhuaigh sé La Liga agus Sraith na gCuradh faoi dhó, é ag aimsiú an chúil seo i gcluiche ceannais 2000.

Hernan Crespo – AC MILAN v Liverpool (2005)

Níl sé ach coicís ó bhí Tuairisc.ie ag moladh an chúil seo go hard na spéire. Is cúl é a léirigh díreach cé chomh mór sin is a bhí AC Milan in uachtar ar Liverpool sa chéad leath an oíche sin in Iostanbúl. Ba é draíocht Kaka i lár na páirce a chruthaigh an cúl, an Brasaíleach ag éalú ó Steven Gerrard gan stró sular chuir sé pas aoibhinn isteach i dtreo Hernan Crespo, a d’ardaigh an liathróid os cionn Dudek sa chúl.

Lars Ricken – BORUSSIA DORTMUND v Juventus (1997)

Anois sroichimid an chéad ceann de na cúil a lig foirne an chluiche anocht isteach i gcluichí ceannais. Tar éis dóibh Sraith na gCuradh a bhuachan i 1996, bhí Juventus ar ais sa chluiche ceannais arís an bhliain dár gcionn agus iad mar rogha na coitiantachta in aghaidh Borussia Dortmund. Ní raibh rudaí ag dul go maith do na hIodálaigh faoin am gur tháinig Lars Ricken isteach san imirt ach is in olcas a chuaigh siad an uair sin mar ní raibh an t-ionadaí ach 16 soicind ar an bpáirc nuair a chonaic sé nach raibh cúl báire Juventus Angelo Peruzzi ar a líne. Sheol Ricken an liathróid thar chloigeann an Iodálaigh chun an bua a chinntiú do na Gearmánaigh.

Dejan Savicevic – AC MILAN v Barcelona (1994)

(Tosú @ 3:00) Cúpla bliain tar éis do Bharca Corn na hEorpa a bhuachan den chéad uair i 1992, buaileadh go dona iad in aghaidh AC Milan san Ataen. Bhí na hIodálaigh d’uireasa van Basten, Baresi agus Costacurta ach fós rinne siad scrios ar ‘Dream Team’ Johan Cruyff. Dhá nóiméad isteach sa dara leath, chuir an Iúgslavach Dejan Savicevic deireadh le pé seans a bhí fágtha ag Barcelona, leis an iarracht ghleoite seo ó imeall na cearnóige.

Zinedine Zidane – REAL MADRID v Bayer Leverkusen (2002)

Is minic a bhíonn argóint ann faoin gcineál seo liosta go mba cheart go mbeadh cúl nó imreoir áirithe níos airde sa rangú ach níor cheart go mbeadh aon cheist faoin rogha seo. Cuimhnigh ar an meid scile a bhí ag teastáil chun an cúl seo a aimsiú. Bhí an liathróid ag titim anuas ó na flaithis agus ar chos lag Zidane, ach fós féin, d’éirigh leis í a bhá. Dá mbeadh liosta mar seo á scríobh faoi cheann céad bliain eile, ba dheacair a shamhlú nach mbeadh an ceann seo fós ag an mbarr.

Fág freagra ar 'Na 7 gcúl is fearr atá feicthe againn i gcluichí ceannais Shraith na gCuradh'

  • Pól Réamonn

    Tá Zidane agus Savicevic na himreoirí is fearr atá feicthe agam.