Na 10 n-ainm Gaeilge is mó tóir – Cian níos coitianta ná Liam ach Aoife fós ar bharr an liosta

Bhí Liam, Aoife, Ciara, Seán, Caoimhe, Oisín agus Saoirse i measc na n-ainmneacha Gaeilge ba choitianta anuraidh, bliain inar dhíbir Eoghan Oscar den liosta agus ina ndearna Eimear agus Sadhbh dul chun cinn

Na 10 n-ainm Gaeilge is mó tóir – Cian níos coitianta ná Liam ach Aoife fós ar bharr an liosta

Is é Cian an t-ainm Gaeilge is coitianta a tugadh ar bhuachaillí in Éirinn in 2018, de réir staitisticí nua atá faighte ag Tuairisc.ie.

In 2016 agus 2017 ba é Liam an t-ainm Gaeilge ba choitianta ar phasanna a eisíodh do bhuachaillí faoi bhun trí bliana d’aois de réir figiúirí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ach, an bhliain seo caite, ba é Cian an t-ainm ba choitianta. 1,816 pas nua a eisíodh do bhuachaillí óga a raibh an t-ainm sin orthu.

Sa naoú háit ar mhórliosta na n-ainmneacha do bhuachaillí a bhí Cian, áit amháin chun cinn ar Liam.

Choinnigh Aoife a háit ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge do chailíní in 2018, mar a raibh sí in 2016 agus 2017.

Sa tríú háit ar mhórliosta ainmneacha na gcailíní a bhí an t-ainm Aoife in 2017 ach é ardaithe go dtí sa dara háit ar an liosta céanna in 2018 mar ar eisíodh 2,324 pas do chailíní óga a raibh an t-ainm sin orthu.

Bhí Ciara, Seán, Caoimhe, Oisín agus Saoirse i measc na n-ainmneacha Gaeilge ba choitianta a tugadh ar pháistí anuraidh.

Agus táblaí na n-ainmneacha Gaeilge á gcur le chéile ag Tuairisc.ie cuireadh as an áireamh ainmneacha áirithe a raibh galldú déanta ar a litriú. Mar shampla, bhí Sean (1,581 pas) níos coitianta ná Seán (1,487 pas) ar liosta na mbuachaillí.

Ní raibh ach 15 ainm Gaeilge i measc an 100 ainm ba choitianta ar bhuachaillí in 2018, i gcomparáid le 21 in 2017. Bhí an 13 ainm Gaeilge céanna i measc an 100 ainm ba choitianta do chailíní in 2018 agus in 2017.

Is beag athrú a tháinig ar liosta na ndeich n-ainm Gaeilge ba choitianta do bhuachaillí i mbliana. Dhíbir Eoghan Oscar den liosta agus ba é sin an t-aon t-ainm nach raibh ar liosta 2017.

Ba iad Eimear agus Sadhbh an dá ainm nua ar liosta na ndeich n-ainm Gaeilge ba choitianta do chailíní.

Nuair a cuireadh na hainmneacha uile a tugadh ar ghasúir san áireamh, ba é Jack an t-ainm ba choitianta ar bhuachaillí arís in 2018. Emma an t-ainm ba choitianta a tugadh ar chailíní in 2018 agus thit Emily ó bharr an liosta den chéad uair le roinnt blianta anuas.

Fág freagra ar 'Na 10 n-ainm Gaeilge is mó tóir – Cian níos coitianta ná Liam ach Aoife fós ar bharr an liosta'

  • Róisín Ní Ghairbhí

    Tá súil agam nár bhain gortú d’ Emily nuair a thit sé de bharr an liosta. Cad a dhein an liosta go dtit sí?

  • Colin Ryan

    Nóta saoithíneach – tagann ‘Eimear’ ó ‘Emer’ sa tSean-Ghaeilge. Is minic nach gcuirtí séimhiú in iúl sa seanlitriú ar chúiseanna stairiúla. Ach i litriú an lae inniu ba cheart ‘Eimhear’ a dhéanamh de.