Murar féidir leis an AE scéal na vacsaíne a riaradh níor chóir dóibh a ladar a chur isteach sa scéal

Tá admhaithe sa deireadh ag Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, gur loic an tAontas Eorpach ar na ballstáit maidir le vacsaíní a sholáthar.

Murar féidir leis an AE scéal na vacsaíne a riaradh níor chóir dóibh a ladar a chur isteach sa scéal

Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Is cosúil nach féidir éalú ó achrann an Covid-19 agus teip an chlár vacsaínithe. Agus teip atá ann, cinnte, agus é admhaithe sa deireadh ag Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, gur loic an tAontas Eorpach ar na ballstáit maidir le vacsaíní a sholáthar.

Bhuel ba chirte a rá gur leath-admháil a bhí ann go raibh milleán uirthi agus ar an Aontas mar gheall ar an scéal seo. Rinne sí cosaint freisin ar iarracht an Choimisiúin an clár vacsaínithe a riaradh don Aontas ar fad.

Agus, ar ndóigh, sa deireadh léirigh sí sotal an Aontais nuair a mhaígh sí gurbh é an Coimisiún a chuir an scéal ina cheart sa deireadh. Bhí sí ag tagairt don phraiseach a bhain le hAirteagal a 16 de Phrótacal Thuaisceart Éireann, ach bhí an téama céanna ina cuid cainte ar fad.

‘Rinne muid botún, ach bhí muid ceart.’

Ni raibh an oiread sin cainte in Éirinn faoin bhfaillí seo san Eoraip, ach bhí roinnt mhaith de mheáin na mór-roinne le ceangal mar gheall air, agus meáin na Gearmáine (Der Spiegel mar shampla) ag rá go ndearna an tAontas faillí toisc go rabhadar ag iarraidh fónamh ar mhianta na Fraince maidir leis an vacsaín atá á forbairt ag Sanofi.

Ní cosúil anois go mbeidh vacsaín Sanofi ullamh i mbliana ar chor ar bith.

Cibé scéal é, bhí an tAontas an-mhall ar fad ag ceadú vacsaíní, agus níl sa gcaint ag von der Leyen faoi ardchaighdeán cúraim a bheith á léiriú ag an Aontas ach cur i gcéill ar mhaithe leis an AE féin. Is í firinne an scéil go bhfuil vacsaíní in úsáid ar fud an domhain nach bhfuil ceadaithe ag an Aontas, ar nós vacsaíní na Rúise agus na Síne.

Ar an ábhar sin, b’údar scannail an freagra a thug Neale Richmond, Teachta Dála de chuid Fhine Gael, ar an teilifís an tseachtain seo caite nuair a cuireadh ceist ar faoin vacsaín Sputnik V. Mhaígh an Teachta Dála – gan aon chur isteach ó láithreoir an chláir – go bhfuil sé soiléir nach bhfeidhmíonn an vacsaín Rúiseach. Mhaígh sé a leithéid in ainneoin breithiúnas eolaíoch na hirise The Lancet faoi vacsaín na Rúise. Mhol The Lancet go hard an tsnáthaid Sputnik V.

Is léir gur mó suim a bhí ag an Teachta Dála sna cluichí polaitiúla a bhaineann leis an scéal ná plé a dhéanamh ar na fíricí.

Maidir leis an Aontas, ámh, féach an mhoill a bhí ann sula bhfuarthas vacsaín ar bith. Féach an líon beag a ordaíodh ón tús. Agus féach arís an t-achrann maidir leis an tsnáthaid AstraZeneca.

Is cosúil go ngoilleann sé ar na hEoraidhíograiseoirí go bhféadfadh go n-éireodh le vacsaín ar bith a bhfuil baint ag na Sasanaigh léi agus a bhfuil na Sasanaigh ag brath uirthi le haghaidh a gclár vacsaínithe.

Agus cé gur cheadaigh na hEorpaigh an vacsaín seo a úsáid le haghaidh an uile dhuine, tá muid ag diúltú é a úsáid i gcás daoine os cionn 70 bliain d’aois, cinneadh atá ag cur an chláir vacsaínithe seo againne siar cúpla seachtain nó mí.

Agus sin in ainneoin go bhfuil sé deimhnithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur chóir snáthaid AstraZeneca a úsáid don aoisghrúpa sin.

Ní ar an Aontas Eorpach amháin, mar sin, atá an milleán, cé nach bhfuil cur síos cruinn ar an méid a tharla sa gcaint a rinne von der Leyen. Is é an botúin mór a rinne rialtas an stáit seo gach cinneadh a fhágáil faoin Aontas. Bhuel, gach cinneadh seachas an cinneadh mícheart a rinneamar gan AstraZeneca a thabhairt do dhaoine aosta.

Ach ina dhiaidh sin féin, ní léir go bhfuil an rialtas i gceannas ar an gclár a riaradh.

Cloistear rudaí éagsúla faoi cathain a gheobhaidh grúpaí éagsúla an vacsaín –lár mhí an Mhárta, lár mhí Aibreáin, agus fiú lár mhí na Bealtaine is lár mhí an Mheithimh.
Ach smaoinigh air… tá 490,000 duine os cionn 70 bliain d’aois sa stát. Sin 980,000 dáileog atá ag teastáil. Ó thús na bliana (sé seachtaine) tugadh timpeall 240,00 dáileog do dhaoine, nó 40,000 sa tseachtain. Má leantar ar aghaidh mar sin tógfaidh sé os cionn 24 seachtain an clár a chur i gcrích, sin mura dtagann feabhas mór ar chúrsaí.

Níl sé sin sásúil. Sa chéad áit, tá an oiread sin éiginnteachta faoi spriocdhátaí, rátaí soláthair is eile nach féidir aon mhuinín a bheith againn sa Rialtas faoi láthair.

Níos tábhachtaí, tá stát ann agus tá rialtas ann le freastal ar riachtanais an phobail. Murar féidir leis an rialtas é sin a dhéanamh is cóir dóibh seasamh ar leataobh agus seans a thabhairt don phobal an cúram a thabhairt do dhaoine eile.

Agus murar féidir leis an Aontas Eorpach an scéal seo a riaradh go héifeachtach níor chóir dóibhsean ach oiread a ladar a chur isteach sa scéal a thuilleadh.

Fág freagra ar 'Murar féidir leis an AE scéal na vacsaíne a riaradh níor chóir dóibh a ladar a chur isteach sa scéal'

  • Concubhar

    Is cinnte go bhfuil fadhbanna le dáileadh an vacsaín san Aontas Eorpach ach tá siad á réiteach de réir a chéile. Rinne an AE dearúd maidir leis an bhfógra go gcuirfí Airteagal 16 i bhfeidhm ach, mar gheall ar idirghabháil Rialtas na hÉireann, cuireadh ina cheart an botún gan moill, rud a léiríonn nach deachtóireacht é an Aontas mar a mhaíonn Eoin. Nior chuala mé an chaint a bhí an Teachta Dála Neale Richmond agus níl tagairt soiléir ag Eoin faoin clár ar a rinne sé an chaint, má rinne. Is cinnte gur cheart Sputnik na Rúise a chur san áireamh mar vacsaín don AE. Tá gá, áfach, cuir in éadan an chaint atá aige faoi éagumas an AE faoi dháileadh an vacsaín. Fuair an Bhreatain an vacsaín níos túisce mar gheall ar go raibh siad sásta praghas níos airde a íoc air agus geilleadh, chomh maith, ná beadh aon freagra sa dlí dá mba rud é go raibh lúb ar lár leis an vacsaín. Ní raibh an AE sásta glacadh leis na téarmaí sin agus táim sásta ná raibh. Táim cinnte dá mbeadh fadhb le vacsaín Astra-Zeneca don dream ós cionn 65, bheadh Eoin ag tús cadhnaíochta ag cáineadh an Rialtais as sin. (Seachas dá mba rud é go raibh Sinn Féin sa Rialtas ach sin scéal eile). Léiríonn an méid a thárla leis an AE agus na vacsaíní nach bhfuil siad gan locht, gan amhras, ach níl siad gan treith ach chomh beag. Ní deachtóireacht atá ann. Éisteann siad le h-aischothú agus ceartaíonn siad botúin. Ní h-ionann an scéal le cáirde Eoin i ngluaiseacht na Breatimeachta, an dream úd atá in éadan Aontas na hEorpa. Ní h-admhaíonn siad riamh gur deineadh botún agus séanann siad an daonláthas i gcónaí.

  • Eoin Ó Murchú

    Tá sé éasca ag Concubhar a bheith compordach faoin scéal má tá cónaí air sa Tuaisceart agus beagnach 20% den daonra thuas i ndiaidh vacsaín a fháil i gcomparáid le 3.5% ó dheas.

  • Concubhar

    Tá cónaí orm i gCo. Chorcaí ach tá áthas orm go bhfuil Eoin chomh buartha fúm.

  • S. Mac Muirí

    … nach deachtóireacht ….
    Aghaidh von der fés na huaisle seo a Choncubhair. 😉

  • Antóin

    Ní féidir muinín a bheith againn sa Rialtas faoi láthair. Tagaim leat ansin. Rialtas a thuijeann
    an t-eolas seo acu faoi ráta marthanais daoine a bhfuil Covid orthu. De réir aoise atá sé.

    0-19: 99.997%
    20-49: 99.98%
    50-69: 99.5%
    70 + 94.6%

    Ach fós an tír faoi ghlas acu agus ár saoirse á creimeadh lá i ndiaidh lae agus iad ag caint ar vacsainí trialacha. É sin ráite, Dia idir sinn agus an freasúra, Shinnister Féin ag moladh internment do dhaoine atá tinn!

  • MacAnRí

    Is víreolaithe anois atá mo dhuine !! Aistear crua atá romhainn go fóill agus tá go leor botún déanta le go leor daoine/Rialtais, go háirithe Boris agus na Tóraithe (>100,000 cailte). Níor stop sin mo dhuine achan deis aige a bheith ag clamhsán faoin tAE… an t-aon phort amháin aige i gcónaí.

  • Concubhar

    Ní fheadar an dtabharfadh Antóin breis eolais ar an bhfoinse dá ‘staitisticí’ nó is cosúil go bhfuil siad as alt leis na staitisticí a thugtar dúinn gach lá – breis is 210,000 cás agus beagnach 4,000 bás. Sin ráta 2% nó mar sin, dúbailt an méid a luann Antóin.
    Ní chuireann sin san áireamh na daoine a chaillfear de bharr an aicíd fhada amach anseo. Creimeadh saoirse a thugann Antóin ar na srianta atá á chur orainn ar fad mar gheall ar an víreas – ach is cinnte gur fearr é ná an bás agus an tinneas a leanann COVID. Tá daoine ann a shéanann eolaíocht ar mhaithe lena mothúcháin féin….

  • Antóin

    Foinse mo chuid figiúirí: Staitisticí a d’fhoilsigh dochtúirí i Meiriceá roimh an Nollaig a bunaíodh ar eolas a fuarthas ón Ionad um Ghalair a Rialú agus a Chosc.

    Ach glacaim leis i bhfianaise a bhfuil ráite agat go bhfuil siad as alt le figiúirí na tíre seo agus go bhfuil ráta báis ná tíre seo agus ráta báis ar fud an domhain a bheagán nó a mhórán mar an gcéanna. 2.2% de réir an WHO. Ón cheann is ísle san Ísiltír mar a bhfuil ráta 1.4 % go dtí an Iodáil mar a bhfuil an ráta is airde 3.4%.

    Mar sin, má tá na figiúirí a thug mé michruinn, tá siad míchruinn. Níl aon dul thairis sin. Ní dóigh liom gur mian le haon duine an dubh a chur ina gheal ar dhaoine d’aonturas. Agus ní mian liomsa.

    Fós, deirim gur mó an dochar ná an sochar an dianghlasáil agus go dtabharfaidh sé bás daoine eile ar chúiseanna nach mbaineann leis an viréas ach go hindíreach agus gur fiú cluas a thabhairt don Ollamh David Nabarro, toscaire speisialta ón WHO agus don chomhairle a thug sé maidir le dianghlasáil.

    Maidir le sraonta, creimeadh saoirse agus séanadh eolaíochta ar mhaithe le mo mhothúcháin féin, ní bheadh sé de mhisneach agam séanadh eolaíochta a chuir i leith aon duine a cheistíonn nó aon duine a bhfuil athrach dearcaidh aige.