Mura roghnaítear malairt cúrsa, leanfaidh na drochscéalta nó go mbeidh deireadh leis an nGaeltacht

Tá nasc idir géarchéimeanna éagsúla na Gaeltachta agus léiríonn na dúshláin is déanaí an bunteannas idir inmharthanacht shaol na tuaithe agus an córas eacnamaíochta reatha

Mura roghnaítear malairt cúrsa, leanfaidh na drochscéalta nó go mbeidh deireadh leis an nGaeltacht

Le seachtain anuas is iomaí scéal atá tagtha chun solais a léiríonn aríst ar ais méid na ndúshlán atá roimh phobal na Gaeltachta agus na tuaithe fré chéile.

Tá 159 oifig poist le dúnadh ar fud na tuaithe, 14 acu sa nGaeltacht. Tuilleadh soilse á múchadh i bpobail nach raibh mórán seirbhísí iontu fiú roimh an gcinneadh uafásach seo.

Cé go bhfuil fadhbanna móra leis an tseirbhís sláinte ar fud na tíre, dúirt Uachtarán Chumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh gur gearr uainn “géarchéim ar chuile bhealach” i dtaobh seirbhísí sláinte i gConamara, agus ganntanas mór dochtúirí agus altraí sa gceantar sin.

Fágann dúnadh an Ghaelacadaimh mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais go bhfuil eagraíocht a bhí fíorthábhachtach do chothú na teanga agus an chultúir dhúchais i measc an aosa óig caillte againn chomh maith.

Thug Comhairle Chontae na Gaillimhe an chluas bhodhar d’impí mhuintir Iorras Aithneach go dtógfaidís tithíocht shóisialta sa gceantar. Dúradh gurbh fhearr dóibh athrú chun na mbailte móra óir sin is éifeachtaí dar le lucht na pleanála.

Ansin tá na scoileanna ann. Idir 2011-17, bhí titim 62% ar líon na ndaoine a thug faoi chúrsa múinteoireachta. Le blianta beaga anuas tá na mílte múinteoir imithe thar sáile ag cuartú pá a ligfeadh dóibh teach a cheannach in Éirinn amach anseo. Tar éis na géarchéime eacnamaíochta, ar ndóigh, rinneadh ciorruithe móra ar an dtacaíocht a bhíodh ann do mhúinteoirí Gaeltachta. Ní haon iontas é mar sin nach bhfuil múinteoirí ar fáil do scoileanna Gaeltachta, agus cuid acu ag iompú ar an mBéarla dá bharr, beag beann ar an bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht.

Drochscéalta iad chuile cheann acu seo, agus níl aon dabht faoi. Ach mar atá á rá ag an eagraíocht Misneach le píosa, tá nasc idir na géarchéimeanna éagsúla seo. Léiríonn na dúshláin is déanaí an bunteannas idir inmharthanacht shaol na tuaithe agus an córas eacnamaíochta reatha. Ní rud é seo atá á mhaíomh ag sóisialaithe amháin – aithníonn lucht tacaíochta an chaipitleachais an claonadh seo chomh maith céanna, agus é ráite ag an mBanc Domhanda agus eacnamaithe na tíre seo araon gur fearr agus gur éifeachtaí lárnú na forbartha agus an daonra sna cathracha. “In Ireland’s case, policy has always been about spreading development, but development is actually best left unspread”, mar a dúirt duine acu le gairid.

Aontaíonn lucht na heite deise, fiú amháin, linn faoin gclaonadh sin i dtreo na gcathracha – ach go gcreideann muide gur olc an rud é. Dar leo is í treocht sin bóthar ár leasa.

Más mian linn dúshlán a thabhairt do na fadhbanna seo uilig atá ag bagairt ar na Gaeil, níl aon dul as ach go gcaithfidh muid múnla nua eacnamaíochta a fhorbairt. Tá neart samplaí a d’fhéadfadh muid a leanacht, ina measc an Parecon (‘participatory economics’) atá  á cleachtadh ag comharchumainn oibrithe ar fud an domhain amhail na Zapatistas agus na Coirdínigh. Ach mura dtéann muid i ngleic le fréamh na faidhbe seo, leanfaidh na drochscéalta faoi scriosadh shaol na tuaithe – agus na timpeallachta, agus go leor eile – nó go mbeidh deireadh leis an nGaeltacht, agus an tuath bánaithe go deo. Tá deiseanna eile ann, ach ní thapófar iad mura gcuirtear troid suas le chéile ar a son.

Agus thig é a dhéanamh. Bí linn, agus bíodh misneach againn.

– Is ball de Misneach é údar an ailt seo. Beidh Meitheal Misneach ar siúl i gCorca Dhuibhne idir an 28-30 Meán Fómhair

Fág freagra ar 'Mura roghnaítear malairt cúrsa, leanfaidh na drochscéalta nó go mbeidh deireadh leis an nGaeltacht'

  • Mairéad

    Seans gurb í Bliain seo na Gaeilge an bhliain is measa ó thaobh drochscéalta ins na ceantracha Gaeltachta ina bhfuil an teanga fós á labhairt iontu.
    Leigheas amháin nach gcosnódh airgead ar bith ná go neireodh daoine a tógadh le Gaeilge as Béarla a labhairt lena gclann.

  • Páid Ó Donnchú

    Is iad na ceantair is iargúlta, is boichte agus thíos maidir le seirbhísí pobal, na ceantair atá níos láidre ó thaobh na Gaeilge de.
    Tá sé mar seo leis na céadta.

    Má tá fianaise sochtheangeolaíochta agat go bhfeabhsóidh stad na Gaeilge mar theanga phobail má fheabhsóidh seirbhísí poist, mar shampla, ní mór tagairt a dhéanamh don taighde.

    Go dtí go ndéanfar sin, creidim go saighdiúirí teangan iad Misneach a chreideann freisin i bpolaitíocht den eite chlé agus den tuairim go bhfuil ceangal eatarthu nach bhfuil ann.

  • Mairéad

    Má tá na “saighdiúirí teangan” i Misneach in aghaidh bánú na tuaithe tá siad ar son na Gaeltachta; is cuma clé nó deas iad.

  • Páid Ó Donnchú

    Tá sé sin ró-shimplí. Tá sé furasta a rá agus bualadh bos mór a fháil má habraíonn tú “Ó, mar a bhfuil daoine sa Ghaeltacht – ní bheidh Gaeilge ann!”

    Ach tá an ceangal idir an méid daoine atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht (agus tá Gaeltacht agus Gaeltacht ann!) casta go maith. Ní ionann rath ar dhaonra, seirbhísí etc. agus rath ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht.

    https://tuairisc.ie/daonaireamh-2016-beidh-a-ndothain-le-deanamh-ag-lucht-pleanala-teanga-sna-croicheantair-ghaeltachta/

  • Luke Callinan

    Sách ráite ansin ag Ben. Tá lárú cumhachta agus príobháidiú seirbhísí poiblí de dhlúth agus d’inneach sa “tsamhail” a mbítear ag caint go minic uirthi le breis is scór bliain. Is í an fhadhb a bhaineann leis an tsamhail sin gur beag suim atá aici seirbhísí d’aon chineál a chur ar fáil san áit nach bhfuil airgead mór le déanamh. Fágann sé sin ceantracha tuaithe, iad siúd scoite amach san iarthar ach go áirithe, in áit na leathphingine.

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Tá go leor buntaistí ag baint le maireachtáil faoin dtuath sna Gaeltachtaí chomh maith ceanna, caithimid iarracht a dhéanamh daoine a mhealladh as na catharacha agus cur futhú anseo, pobail bheo bríomhar ata uainn.