Daonáireamh 2016: Beidh a ndóthain le déanamh ag lucht pleanála teanga sna croícheantair Ghaeltachta

Anailís ar staid na Gaeilge sna croícheantair Ghaeltachta i bhfianaise na bhfigiúirí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016

Daonáireamh 2016: Beidh a ndóthain le déanamh ag lucht pleanála teanga sna croícheantair Ghaeltachta

De bharr na pleanála teanga tá briseadh síos den chéad uair tugtha ag an CSO do na Limistéir Pleanála Teanga. Tá 26 limistéar ar fad ann, cuid acu le daonra os cionn 10,000 agus cuid acu le daonra faoi bhun 200. Tá an Ghaeilge réasúnta láidir i gcuid acu agus an-lag i gcuid eile acu. Tá cuid acu, cosúil le LPT Chiarraí Thiar, ina bhfuil ceantair láidre taobh thiar den Daingean curtha le ceantair laga agus ceantair réasúnta lag, baile an Daingin féin cuir i gcás.

Rinne an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT), a foilsíodh 10 mbliana ó shin, rangú ar na ceantair Ghaeltachta. Na ceantair ba láidre cuireadh isteach i gCatagóir A iad, cuireadh na ceantair ba laige i gCatagóir C agus na ceantair idir eatarthu i gCatagóir B.

Bhí 24 toghcheantar curtha i gCatagóir A: 14 i i nGaillimh; cúig cinn i gCiarraí; ceithre cinn i nDún na nGall agus ceann i Maigh Eo. Tá na ceantair láidre lonnaithe i gConamara Theas, taobh thiar den Spidéal siar chomh fada le Carna, agus in Oileáin Árann; Iarthuaisceart Dhún na nGall, ó Ghaoth Dobhair go Gort a’ Choirce; in Iarthar Dhuibhneach, sna ceantair is láidre taobh thiar den Daingean; agus i gceantar Cheathrú Thaidhg in Iarthuaisceart Mhaigh Eo.  De réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007 ba iad seo na croícheantair, nó an heartland mar a thugtar sa Bhreatain Bheag ar na ceantair láidre Breatnaise, nó ceantair na Fíorghaeltachta mar a thugtaí orthu tráth. Is iontu a bhí agus atá sciar maith den phobal ag úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil. Is fiú breathnú ar céard atá tarlaithe sna croícheantair le 10 mbliana anuas, ón am ar cuireadh an Staidéar ar fáil do Roinn na Gaeltachta, agus ar a bhfuil le feiceáil sna figiúirí is deireanaí ó Dhaonáireamh 2016.

Daonra na gCroícheantar

Léiríonn an tábla thíos gur thit daonra na gCroícheantar ó 23,050 in 2011 go 22,264 in 2016, laghdú de 3.4%. Thit líon na gcainteoirí gníomhacha laethúla (cainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais), ó 13,779 go 12,627, sin laghdú de 1,152, ar ionann é agus laghdú 8.4%.


Cainteoirí Gníomhacha (CG) sna Croícheantair Ghaeltachta (Catagóir A)


Laghdaigh an líon cainteoirí gníomhacha sna croícheantair Ghaeltachta 8.4% thar an tréimhse cúig bliana idir 2011 agus 2016. Bhí an laghdú an-ard in Iarthuaisceart Dhún na nGall, an ceantar a shíneann idir Gaoth Dobhair, Cloch Chionnaola agus Gort a’ Choirce. Bhí an laghdú sách ard chomh maith, 11.1%, in Iarthar Dhuibhneach sa gceantar idir Feothanach agus Dún Chaoin, a bhfuil Baile an Fheirtéaraigh ina lár. Bhí laghdú suntasach –11.4% – ar Oileáin Árann (na trí oileán le chéile) agus i gCois Fharraige, ón Spidéal go Ros an Mhíl – 7.2%. Ceantar na nOileán i gConamara an t-aon cheantar ina raibh ardú ar líon na gcainteoirí gníomhacha, cé gur tharla laghdú daonra sa gceantar sin.

Beidh a dóthain le déanamh ag an bPleanáil Teanga leis an gcreimeadh teanga a mhoilliú sna croícheantair Ghaeltachta, idir seo agus an chéad Daonáireamh eile.

Fág freagra ar 'Daonáireamh 2016: Beidh a ndóthain le déanamh ag lucht pleanála teanga sna croícheantair Ghaeltachta'

  • Mánus

    Tá an focal “Gaeltacht” an-mhíshoiléir agus as dáta faoin am seo de bhrí nár deineadh grádú / rangú oifigiúil teangeolaíoch ar na ceantracha oifigiúla”Gaeltachta” riaimh.
    Tá trí catagóir ann sa “Ghaeltacht” oifigiúil c. IarGhaeltacht, b breacGhaeltacht agus c Gaeltacht. Ní bheidh rialtas FFFG sásta an grádú a theastaíonn a dhéanamh toisc go léireodh grádú / rangú oifigiúil gur theip ar an Stát an teanga a chaomhnú. Nuair a vótáil scoileanna “Gaeltachta” gan chlárú mar scoileanna Gaeltachta le déanaí léirigh muintir na gceantracha sin gur in iarGhaeltachtaí atá siad ina gcónaī.