Mura mbíodh dreoilín acu dhéanadh tiripín cailíní Ros Muc…

Ba mhór an spreagadh an t-airgead chun na gasúir a chur amach as an leaba go luath maidin Lá an Dreoilín

Mura mbíodh dreoilín acu dhéanadh tiripín cailíní Ros Muc…

An nós a bhí ann i Ros Muc ar Lá’l Stiofáin, nó Lá an Dreoilín mar a thug muid air, ná go ngabhfadh na leadsaí óga amach ó theach go teach agus dreoilín acu thíos i gcrúsca beag.

Déarfaidis dán nó rann beag ag an doras agus thugtaí airgead dóibh. 

Ba mhór an spreagadh an t-airgead chun na gasúir a chur amach as an leaba go luath maidin Lá an Dreoilín agus amach ar na rothair chun an chuid is fearr de stór an lae a chruinniú sula mbeadh seans ag aon duine eile air. 

Ní raibh aon ghnó agamsa ná ag mo dheirfiúracha aghaidh a thabhairt amach Lá an Dreoilín, ach ní raibh aon bhaol ann go gcuirfeadh sé sin stop linn.  

Is cuimhin liom m’athair ag iarraidh comhairle a chur orainn. ‘Is dóigh go bhfuil a fhios agaibh nach mbíonn cailíní ag dul thart Lá an Dreoilín?’ a dúirt sé bliain amháin nuair a tháinig sé orainn sa bpóirse agus muid á mbúrláil féin le cótaí is hataí in aghaidh an fhuachta sula ngabhfadh muid amach ar na rothair. 

‘Cén fáth?’ a d’fhiafraigh muid dhe. ‘Níl a fhios a’m,’ a deir sé, ‘ach ní shílim go mbeidh daoine ag iarraidh cailíní a fheiceáil ag an doras inniu.’ 

‘Tá muide chomh maith céanna leis na buachaillí,’ a deir mé, (go ceanndána, is dóigh) agus lean mé orm ag casadh na scaife móire thart ar mo mhuinéal. ‘Maith go leor,’ a deir sé, ‘ach ná habair arís nár chuir mé fainic oraibh.’ 

Ba chúrsaí inscne an fhadhb ba lú a bhí againn, dar linn. An fhadhb ba mhó a bhí againn agus an chloch ba mhó ar ár bpaidrín, ná nach raibh aon dreoilín againn, ná fáil againn ar dhreoilín ach an oiread. 

B’fhéidir nár thuig muid go baileach an pointe a bhí m’athair ag iarraidh a chur ina luí orainn, go raibh muid faoi mhíbhuntáiste ós rud é gur cailíní muid, ach thuig muid go maith go raibh buntáiste mór ag an té a mbeadh dreoilín ceart ar iompar acu ar an té nach mbeadh.

Bliain amháin d’éirigh linn spideog bhréige a tharraingt amach as maisiúchán Nollag a bhí leagtha ar an matal ag mo mháthair. Cheap muid go raibh linn an bhliain sin. 

‘Ach nach mbeidh a fhios ag daoine nach dreoilín atá ann mar gheall ar an mbolg dearg atá air?’ a d’fhiafraigh mo dheirfiúr díom agus an spideoigín bhréige á sá síos i gcrúsca folamh agam. 

‘Ó!’ a deir mé, ‘tá an ceart agat.’ Chuimhnigh muid ansin bolg na spideoige a chuimilt le luaith ón tine chun dath dorcha a chur air agus síos léi sa gcrúsca. Chuir muid poill ansin i gclaibín an chrúsca, (ar mhaithe le aer a scaoileadh chuige), agus chuir muid soipín tuí agus cúpla gráinnín leite síos ann freisin. 

‘Ach, nach cailíní sibhse?’ a deir fear amháin linn ag an doras. ‘Ní hea,’ a deir muid. ‘Hmm,’ a deir sé. ‘An bhfuil dreoilín agaibh, ar a laghad?’ 

‘Tá,’ a deir muid, agus tharraing mé an crúsca leis an spideog bhréige ann amach as mo phóca. ‘Ní hin dreoilín!’ a deir sé agus é maslaithe go maith.

‘Sórt dreoilín atá ann,’ a deir mé. Ní cheapaim go ndearna muid rómhaith an bhliain sin. 

Bliain eile, bhí tiripín ceannaithe againn ar dhá phunt ag Aonach mór na Samhna ar an Teach Dóite. Bíonn aonach ann thart ar Oíche Shamhna chuile bhliain, tá sé fós ann, agus bhíodh gach cineál ruda á dhíol ann, tiripíní ina measc. 

Nuair a tháinig Lá an Dreoilín, cé a cuireadh síos sa gcrúsca ach an tiripín bocht. Ní shílim go ndearna sé aon dochar dhó mar go raibh codladh mór an gheimhridh air. Ní cheapaim go raibh a fhios aige ar ann nó as a bhí sé. Mhair sé na blianta fada ina dhiaidh sin agus is dóigh nár chuir a lá mar dhreoilín mórán as dhó. 

An chéad teach a ndeachaigh muid chuige ná Tigh Bhean Chuimín, bean as Inis Bó Finne a bhí pósta ar an mbaile leis na blianta fada. Tá sí imithe ar shlí na fírinne anois, go ndéana Dia grásta uirthi. ‘And have you a wren?’ a d’fhiafraigh sí dínn.

‘We do,’ a deir mo dheirfiúr agus tharraing sí amach an crúsca, an tiripín thíos ann ina chodladh agus soipín tuí istigh faoi. 

Níor lig an bhean bhocht tada uirthi féin. ‘Oh, well, isn’t that a lovely wren!’ a deir sí agus thug sí cúig pingine an duine dúinn. 

Fág freagra ar 'Mura mbíodh dreoilín acu dhéanadh tiripín cailíní Ros Muc…'