Mura fiú éisteacht leis na heolaithe anois, cad chuige a mbeadh ortsa éisteacht leo ar ball?

Má bhí ort éisteacht leis na saineolaithe ag tús na paindéime agus a laghad sin eolais ar fáil faoin víreas seo, nár cheart éisteacht leo anois agus níos mó eolais ar fáil?

Mura fiú éisteacht leis na heolaithe anois, cad chuige a mbeadh ortsa éisteacht leo ar ball?

Creimeadh gan chríoch atá sa choróinvíreas. Chuir an CLG deireadh le himeachtaí an tseachtain seo agus buille eile a bhí ansin do phobal na gcluichí Gaelacha. Bhain an club camógaíochta áitiúil s’againn craobh an chontae tá seachtain ó shin agus bhí siad le himirt sa chéad bhabhta eile. Cuireadh an cluiche sin ar athló, rud a d’fhág na himreoirí agus a lucht tacaíochta in ísle brí. Bhí éacht déanta ag an chlub bheag agus b’ábhar ceiliúrtha é sin.

Tá mic léinn in ainm is a bheith ar ais ar ollscoil ach ní ranganna atá ag mórán acu ach teagasc ar líne. Suíonn siad ina seomraí féin agus amharcann siad ar na léachtaí a thugtar i bhfad uathu. Moltar dóibh bheith ciallmhar agus cuideachta a chéile a sheachaint ach is daoine óga iad agus, nuair a bhíonn an deoch istigh, bíonn an chiall amuigh. Ní sheachnaíonn siad cuideachta a chéile nó bíonn dúil ag an mhuintir óga sa mhuintir óga eile agus cáintear iad as a n-iompar agus as gan a bheith siosmaideach.

Mar sin féin, tá siad siosmaideach go leor le go dtuigeann siad go bhfuil siad go fóill ag íoc as árasáin agus hallaí. Tá siad siosmaideach go leor le go dtuigeann siad go gcaithfidh siad airgead a thabhairt do thiarnaí talún agus nach bhfuil buntáiste le fáil acu as na hárasáin nó hallaí céanna. Airgead amú atá ann, ceacht crua costasach eacnamaíochta go luath ina saol.

Lena chois sin, tá an teacht isteach a bhí acu leis an phost pháirtaimseartha i mbaol. Níl na huaireanta céanna le fáil sa tsiopa áitiúil; tá níos lú airgid le fáil acu dá réir sin ach tá an cíos le híoc agus dolaí eile le glanadh.

“Éistear leis na heolaithe,” a deir na polaiteoirí linn agus éisteann muid. Tagann cor sa scéal sin, ámh, nó socraíonn na polaiteoirí nach gá éisteacht leis na heolaithe i gcónaí. Shocraigh an Rialtas ag tús na seachtaine nach leanfadh siad treoir NPHET agus leibhéal a cúig de laincisí a chur i bhfeidhm sa Stát. “Ná héistear leis na heolaithe,” an mana a bhí ag na polaiteoirí an iarraidh seo. Rinne siad cinneadh polaitiúil – an aidiacht sin a bhíonn acu le gach aon pheaca a mhaitheamh – rinne siad cinneadh polaitiúil nach leanfadh siad an treoir a thug na heolaithe.

Mhínigh an Taoiseach, Micheál Martin, agus an Taoiseach Eile, Leo Varadkar, cad chuige nach leanfaí an chomhairle. Thuill siad cáineadh agus moladh as a n-iompar féin i leith chomhairle na n-eolaithe. Ar ndóigh, níor leor duine amháin acu leis an chomhairle sin a mhíniú ach beirt. Éistear leis na polaiteoirí!

Tá go maith, creideann na polaiteoirí nach gá éisteacht leis na heolaithe an t-am seo agus rinne siad cinneadh polaitiúil gan an tsainchomhairle a leanstan. Ach seans go mbeidh orthu an tsainchomhairle a leanstan amach anseo agus, más ea, an mbeidh cead agat, mar shaoránach, cinneadh polaitiúil nó pearsanta a dhéanamh agus gan an treoir sin a leanstan mura mbíonn tú ag teacht léi?

Ní drochdhuine tú ach b’fhéidir go gcuirfeá ceist ort féin má cheapann na polaiteoirí nach fiú éisteacht leis na heolaithe anois, cad chuige a mbeadh ortsa éisteacht leo ar ball? Níl fonn ort galar a tharraingt anuas ar dhuine ar bith. Tuigeann tú an chontúirt. Lean tú na rialacha go dtí seo; d’éist tú leis na  heolaithe mar gur dhúirt na polaiteoirí leat éisteacht leis na heolaithe mar go raibh siadsan ag éisteacht leis na heolaithe agus d’fheidhmigh an pobal ar fad dá réir sin.

D’éist tú leis na heolaithe mar gur dhúirt na polaiteoirí leat gur cheart duit éisteacht leo agus go raibh siadsan ag éisteacht leo. Thug na polaiteoirí ort éisteacht leo; bhagair na polaiteoirí ort éisteacht leo. Ní raibh tú sásta nach raibh deis séipéil nó siopa agat. Ní raibh tú sásta go raibh oideachas na bpáistí i mbaol, nach dtiocfadh leat cuairt a thabhairt ar do thuismitheoirí. Ní raibh tú sásta gur séanadh deiseanna oibre agus airgid. Ach d’éist tú.

Mar sin féin, tá na polaiteoirí céanna á rá leat nach gá éisteacht leis na heolaithe inniu agus cuireann tú ceist ort féin ar ghá éisteacht leo inné?

Má bhí ort éisteacht leo ag tús na paindéime agus a laghad sin eolais ar fáil faoin víreas seo, nár cheart éisteacht leo anois agus níos mó eolais ar fáil? Nach mbeadh an taighde atá acu agus an tuairimíocht bunaithe air sin níos láidre anois ná mar a bhí? Ar ghá éisteacht leo an chéad lá riamh nó an raibh an chomhairle a thug siad an t-am sin lochtach? Dúirt na polaiteoirí leat nach raibh; dúirt na polaiteoirí leat gurbh fhearr dea-chomhairle na n-eolaithe a leanstan. Bhí na polaiteoirí ag éisteacht leis na heolaithe inné. Ach chan inniu.

Agus amárach? Cá bhfios?

Fág freagra ar 'Mura fiú éisteacht leis na heolaithe anois, cad chuige a mbeadh ortsa éisteacht leo ar ball?'