Mura bhfuil aon mhaith leis ba cheart bóthar a thabhairt dó – Boris i mbaol?

Ní bhíonn trua ná trócaire i bPáirtí Coimeádach na Breataine nuair a shocraíonn siad fáil réidh le ceannaire dá gcuid

Mura bhfuil aon mhaith leis ba cheart bóthar a thabhairt dó – Boris i mbaol?

An mbeidh Boris Johnson agus Micheál Martin i gceannas ar a gcuid páirtithe an t-am seo an chéad bhliain eile?  Ceist í sin atá ag éirí níos práinní in aghaidh an lae.

Tá a fhios ag fia agus ag fiolar go bhfuil díorma i bhFianna Fáil atá go nimhe neanta in aghaidh Mhicheál Martin a bheith ina cheannaire orthu. Níl siad ach ag fanacht le deis a fháil leis an scian a chur go feirc ina dhroim.

Is measa ná sin an chontúirt atá ar Bhoris Johnson. Tá a lucht leanúna ag cailleadh muiníne as siúd freisin.

Ceapann go leor acu nach féidir é a thrust. Ní raibh leisce ar bith ar Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, a rá gur bobarún, cábóg, daoiste agus leadhb é. Níos measa ná sin aríst thug sé cloigneachán air.

‘Sleaze’ an focal Béarla is mó a chaitear ina bhéal.

Rinne sé a aimhleas nuair a d’fhéach sé le Owen Patterson a chosaint. Bhí Patterson ag déanamh neart airgid ar obair phríobháideach nuair ba chóir dó a bheith ag freastal ar lucht a thoghcheantair. 

Sheas Johnson leis ar dtús ach b’éigean dó géilleadh sa deireadh agus glacadh le rún ó Pháirtí an Lucht Oibre go bhféachfaí le deireadh a chur le nós an dá phost.

Nós é sin a bhí á chleachtadh ag Sir Geoffrey Cox freisin. Bhí an fear seo ina Ard-Aighne ag na Coimeádaigh tráth.  Shaothraigh sé os cionn £800,000 ag cur comhairle dlí ar rialtas Oileáin Bhriotanacha na Maighdean i Muir Chairb. 

Thug Johnson postanna breátha do chairde eile a raibh brabach aige féin orthu.  Sampla amháin ba ea an tsaoire a fuair sé in aisce i ndeisceart na Spáinne ó Zac Goldsmith.

Agus cár fhág muid an scéal faoin mbean gnó as Meiriceá, Jennifer Arcuri,  a mbíodh Johnson ag seoladh na ngamhna sa bhfásach  léi? Cuireadh ina leith gur thug sé buntáistí gnó di le linn dó a bheith ina Mhéara ar Londain.

Tá sé de mhí-ádh ar Johnson anois go bhfuil dreamanna éagsúla sa bPáirtí Coimeádach ag iompú ina aghaidh in éineacht. Bhí eite dheis an pháirtí an-sásta leis an gcaoi ar dhéileáil sé leis an mBreatimeacht ach gheall sé gur ísliú cánach agus smacht ar eisimircigh an toradh a bheith air. Ardú cánach atá tarlaithe ó shin.

Cinnte dearfa ní fear é Johnson a chomhlíonann a chuid gealltanas. Choinnigh cuid mhaith feisirí coimeádacha i dtuaisceart na Breataine a gcuid suíochán nuair a gheall Johnson go n-ardódh sé eacnamaíocht an tuaiscirt leis an réigiún sin thabhairt níos gaire do rathúnas an deiscirt. ‘Levelling up,’ a thugann sé air.

Aríst is é a mhalairt atá ag tarlú.  Féach an maolú atá déanta aige ar an bplean a bhí ann leis an gcóras iarnróid ó thuaidh a fheabhsú.

Ní bhíonn trua ná trócaire i bPáirtí Coimeádach na Breataine nuair a shocraíonn siad fáil réidh le ceannaire dá gcuid. Rinne siad le Maggie Thatcher é cé gur bhuaigh sí trí olltoghchán.

Thug Winston Churchill comhairle uair amháin faoin gcaoi ar cheart don Pháirtí Coimeádach déileáil leis an té a bheadh in Phríomh-Aire acu:

“Má bhaintear tuisle as ba cheart lámh chúnta a thabhairt dó,” a dúirt sé, “má dhéanann sé dearmad ba cheart é a chlúdach, má thiteann sé ina chodladh níor cheart é a dhúiseacht de phlimp, mura bhfuil aon mhaith leis ba cheart bóthar a thabhairt dó.”

Sin é a rinne siad le Winston Churchill féin i 1945, cé gurbh é laoch mór an Dara Cogadh Domhanda acu é roimhe sin.

An bhfuil i bhfad eile sa gcathaoir i ndán do Mhicheál Mánla Martin?  B’fhéidir go bhfágfaí ansin é go mbeidh a thréimhse mar Thaoiseach thart. 

Beidh Boris Breá Johnson imithe roimhe déarfainn.

Fág freagra ar 'Mura bhfuil aon mhaith leis ba cheart bóthar a thabhairt dó – Boris i mbaol?'

  • Pádraig O'hEipicín

    An bhfuil Turais .ie ar son Lucht an Ghinmhillte. ???.

  • Cian Ó Nialáin

    Cad é an ráiteas “má bhaintear tuisle as…” as Béarla?

  • Seosamh Ó Cuaig

    Fall, stumble, trip i mBéarla.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Tugann scriobhneoir an ailt seo le fios gur ruaigeadh Winston Churchill as a phost mar cheannaire ar an bPáirtí Coimeádach i 1945 tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Níl sé sin fíor ar chor ar bith. Is fíor gur chaill na Coimeádaigh an olltoghchán a bhí ann i samhradh na bliana 1945 ach lean Churchill ar aghaidh mar cheannaire ar an bpáirtí agus mar cheannaire an fhreasúra go dtí 1951, nuair a toghadh arís mar phríomh-aire é.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go raibh míle maith agat, a Sheosaimh faoi mé a cheartú.

  • An Teanga Bheo

    Anois is fear pósta é le dhá leanabh bheaga in uimhir a 10
    agus is minic ceannaire nua acu de réir a chéile

  • Seán Mag Leannáin

    Boris Breá Johnson imithe roimh Mhicheál Mánla Martin? Beidh le feiceáil.