Muintir na hÉireann is mó atá sásta le staid an daonlathais san AE

De réir suirbhé nua tá suim ag níos mó daoine in Éirinn i dtoghcháin Eorpacha na bliana seo chugainn ná mar atá ag daoine in aon bhallstát eile seachas an Ísiltír

Muintir na hÉireann is mó atá sásta le staid an daonlathais san AE

Muintir na hÉireann is mó atá sásta leis an tslí a n-oibríonn an daonlathas san Aontas Eorpach, de réir suirbhé nua.

De réir an tsuirbhé faoi chúrsaí daonlathais agus toghcháin, a rinne Eurobarometer do Pharlaimint na hEorpa, 82% de dhaoine in Éirinn atá sásta leis an daonlathas san AE.

B’in an leibhéal sástachta is airde i measc 27 ballstát an AE agus céatadán a bhí cuid mhaith níos airde ná an tír a bhí sa dara háit, Lucsamburg (73%). Ar an meán 54% de shaoránaigh an AE a bhí sásta leis an tslí a n-oibríonn an daonlathas san AE.

74% de mhuintir na hÉireann a deir go mbíonn tionchar ar a saol ó lá go lá ag beartais an AE, céatadán níos airde ná an meán, 71%.

Ba é an gníomh de chuid an AE is mó a bhfuil muintir na hÉireann sásta leis ná tacaíocht an Aontais don Úcráin. 87% de rannpháirtithe na hÉireann sa suirbhé a dúirt go raibh siad sásta le tacaíocht an AE don Úcráin, rud a d’fhág go raibh Éire sa dara háit i ndiaidh na hÍsiltíre. 67% de shaoránaigh an AE go léir a bhí sásta le tacaíocht an Aontais don Úcráin.

Ar na beartais ba lú a raibh daoine sásta leo bhí margadh Glas an AE. 69% de mhuintir na hÉireann a bhí sásta faoina bhfuil ar siúl ag an AE chun a sprioc a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach. Níl ach 47% de shaoránaigh an AE sásta faoin bpolasaí áirithe sin.

Bhí Éire sa chéad áit fad is a bhain sé le céatadán na ndaoine a chreid go raibh an tAE ag dul sa treo ceart – 49%.

Dúirt 66% de na daoine as Éirinn a d’fhreagair na ceisteanna go raibh suim acu sna toghcháin Eorpacha a reáchtálfar an samhradh seo chugainn. D’fhág sin Éire sa dara háit san AE go léir ó thaobh chéatadán na ndaoine a dúirt go raibh spéis acu sna toghcháin agus gan chun cinn ar Éirinn ach an Ísiltír (75%).

Ar an meán, 56% de shaoránaigh an AE a dúirt go raibh suim acu i dtoghcháin na bliana seo chugainn, i gcomparáid le 50% roimh na toghcháin dheireanacha.

67% de shaoránaigh an AE a dúirt gur dócha go gcaithfidh siad vóta i dtoghcháin 2024, i gcomparáid le 58% a dúirt amhlaidh in 2018.

An daonlathas an bunluach ba mhó a theastaigh ó dhaoine go ndéanfaí é a chosaint, de réir an tsuirbhé. Nuair a ceistíodh daoine faoi chosaint bhunluachanna an AE, luaigh 37% díobh an daonlathas.

Thug móramh san AE le fios go raibh siad sásta le seacht gcinn de dheich gcinn de ghnéithe an daonlathais.

In Éirinn, thug 83% go raibh siad sásta fad is a bhain sé le toghchán saor agus cothrom san AE, i gcomparáid le 70% ar an meán.

81% de rannpháirtithe na hÉireann a thug le fios go raibh siad sásta leis an tslí a gcaitear le saoirse cainte san AE, i gcomparáid le 70% ar an meán. Maidir le meas a léiriú ar chearta bunúsacha bhí 81% de rannpháirtithe na hÉireann sásta lena bhfuil á dhéanamh, i gcomparáid le 66% de shaoránaigh an AE ar an meán.

Fág freagra ar 'Muintir na hÉireann is mó atá sásta le staid an daonlathais san AE'

  • Seán Mac Gearailt

    Léiríonn sé chomh cruinn is atá na “suirbhéanna” seo.