Mourinho v Wenger agus na siúití is mó eile a bhí ag an bPortaingéalach

Tá an oiread céanna cáile ar Jose Mourinho as ucht an méid a bhíonn le rá aige sna meáin is atá air as a bhfuil buaite ar an bpáirc aige, ach cé hiad na naimhde is mó atá aige i measc na mbainisteoirí eile?

Jose Mourinho manager of Chelsea appeals 2/1/2006

Ní thaithníonn Jose Mourinho le gach duine ná baol air. Ón nóiméad a thug sé an ‘Special One’ air féin nuair a tháinig sé go Sasana, thosaigh sé ag cur as do dhaoine, bainisteoirí eile go háirithe. Agus é á fhéachaint lena shean-namhaid, Arsene Wenger, an deireadh seachtaine seo, breathníonnTuairisc.ie siar ar chuid de na coimhlintí is mó a bhí ag an bPortaingéalach.

Mourinho v Wenger

Casann Chelsea agus Arsenal ar a chéile i bPríomhroinn Shasana an deireadh seachtaine seo agus, gan dabht, ní thabharfadh tada níos mó sásaimh do Arsene Wenger ná an ceann is fearr a fháil ar Mourinho. Sa 12 cluiche atá imeartha ag foirne na beirte i gcoinne a chéile, níl oiread is ceann acu buaite ag Wenger. Is minic leis an mbeirt seo go mbíonn an choimhlint eatarthu sna nuachtáin chomh géar céanna le haon rud a fheicfidh tú ar an bpáirc.

Cuireadh síol an naimhdis eatarthu i gceart deich mbliana ó shin nuair a thug Mourinho ‘voyeur’ ar bhainisteoir Arsenal. “He is what you call in England a voyeur. He is someone who likes to watch other people. There are some guys who, when they are at home, have a big telescope to see what happens in other families. Wenger must be one of them – it is a sickness.”

Dar ndóigh, ní sásta a bhí Wenger leis an ráiteas sin, agus rinne sé cáíneadh géar ar Mourinho ina dhiaidh. “When you give success to stupid people, it makes them more stupid sometimes and not more intelligent.”

Tháinig an t-achrann go cnámh na huillinne ar an taobh líne sa chluiche is deireanaí a d’imir Chelsea agus Arsenal i mí Dheireadh Fómhair nuair a thosaigh Mourinho agus Wenger ag brú a chéile agus iad spréachta ag na maslaí is deireanaí.

Pic3.jpg

Mourinho v Benitez

é Rafael Benitez, bainisteoir Liverpool, an namhaid mór eile a bhí ag Mourinho le linn an chéad seal aige le Chelsea. Tháinig an bheirt acu go Sasana ag an am céanna, i samhradh na bliana 2005, agus ní raibh sé i bhfad sula raibh siad in adharca a chéile, go háirithe tar éis an chluiche chonspóidigh a bhí eatarthu sa bhabhta leathcheannais de Shraith na gCuradh i 2005.

Nuair a bhuaigh Liverpool an FA Cup i 2006, ní dhearna Mourinho comhghairdeachas le Benitez ach cheistigh sé cén fáth a raibh sé fós mar bhainisteoir ar Liverpool nuair nach raibh an tsraith buaite acu ó fuair sé an post. Dar le Benitez, ní raibh ach cúis amháin leis an déistin a bhí ar an mbeirt acu dá chéile. “Me and Jose were really good friends until Liverpool started beating them. Since then, he seems to have changed his mind.”

Lean an t-aighneas ar aghaidh eatarthu, fiú nuair nach raibh siad ag obair sa tír chéanna. Nuair a d’fhág Mourinho Inter Milan i 2010, ba é an Spáinneach a tháinig isteach ina áit. Bhuaigh Mourinho agus Inter Sraith na gCuradh an séasúr roimhe sin agus, dá bhrí sin, cháiligh siad do Chorn Domhanda na gClub. Nuair a bhuaigh Benitez an comórtas sin leis na hIodálaigh, dúirt Mourinho go raibh an obair chrua uile déanta aige féin seachas ag Benitez. “I expected at least a thank you for the success that I gave him. Ask all the Inter fans what they think of me and him.”

Jose Mourinho reacts to a question 8/9/2006

Mourinho v Guardiola

Chaith Mourinho agus Guardiola ceithre bliana ag obair lena chéile nuair a bhí an bheirt acu ag Barcelona ach is cinnte nach bhfuil aon chion acu ar a chéile anois. Ba é Guardiola ceann de na bainisteoirí is staidéaraí amuigh ach ba mhinic a chlis an fhoighne air agus é ag déileáil le Mourinho.

I 2011, nuair a chas Barcelona agus Madrid ar a chéile i gcluiche leathcheannais Shraith na gCuradh, níor éirigh le Guardiola guaim a choiméad air féin nuair a thosaigh Mourinho á mhaslú. “”He’s the f**king boss, the f**king man. Off the pitch, he has won. He has won for the whole year. I’ll give him his own off-the-pitch Champions League.”

Ar pháirc na himeartha, bhuaigh Barcelona an cluiche 2-0 ach ní raibh Mourinho sásta géilleadh. Dúirt sé ina dhiaidh gur cheap sé go raibh buntáiste á fháil ag Barcelona agus Guardiola mar gheall go raibh fógra don charthanacht UNICEF acu ar a gcuid geansaithe. D’éirigh sé níos pearsanta ansin. “”When you enjoy what you do, you don’t lose your hair, and Guardiola is bald. He doesn’t enjoy football.”

aon iontas é gur chaill Guardiola an bloc!

Jose Mourinho 7/11/2010

Fág freagra ar 'Mourinho v Wenger agus na siúití is mó eile a bhí ag an bPortaingéalach'