Mórfhoirne sacair na hEorpa ó ‘Merseyside’ go Munich go Madrid ag casadh ar a chéile an Domhnach seo

Imreofar sé cinn de na coimhlintí sacair is mó san Eoraip amárach le sean-naimhde i Sasana, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Ísiltír ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar an lá céanna

Louis Van Gaal, Cristiano Ronaldo, Zlatan Ibrahimovic, Franck Ribery agus Brendan Rodgers
Louis Van Gaal, Cristiano Ronaldo, Zlatan Ibrahimovic, Franck Ribery agus Brendan Rodgers

Agus na craobhacha peile agus iomána tagtha chun deiridh don bhliain seo, seans go bhfuil lucht leanta spóirt ag lorg siamsaíochta de shaghas chun an bhearna atá fágtha a líonadh agus an díomhaointeas a chur ó dhoras.

aireoidh siad cailliúint na gcluichí CLG uathu chomh mór sin an deireadh seachtaine seo ar aon nós mar, chomh maith le cluiche na hÉireann i gcoinne na hIodáile i gCorn Rugbaí an Domhain, tá ceann de na laethanta sacair is mó a bhí ann le fada romhainn amárach.

coimhlintí móra le bheith ann i bProimhroinn Shasana (Everton v Liverpool, Arsenal v Manchester Utd), sa Ghearmáin (Bayern Munich v Borussia Dortmund), sa Fhrainc (Paris Saint-Germain v Marseille), sa Spáinn (Atlético Madrid v Real Madrid) agus san Ísiltír (Ajax v PSV Eindhoven) agus deich gcinn de na foirne is cáiliúla sna tíortha úd ag imirt in aghaidh a chéile.

I measc na n-onóracha atá buaite ag na foirne, tá 205 sraith ina dtíortha féin agus tá Sraith na gCuradh/Corn na hEorpa buaite 30 uair eatarthu.

Sa Phríomhroinn, cuirfidh an cluiche idir Liverpool agus Everton tús leis an lá. Dar ndóigh, seo ceann de na coimhlintí is mó i Sasana agus níl ach pointe amháin ag scaradh na bhfoirne sa tábla  an babhta seo – Everton sa cúigiú háit agus Liverpool sa naoú háit. Ar ndóigh, ba bhreá le lucht leanúna Everton dá gcuirfeadh a bhfoireann tuilleadh brú ar Brendan Rodgers agus amhras ann i gcónaí faoina bhfuil i ndán dó.

Níos deireanaí sa tráthnóna, tabharfaidh Manchester United aghaidh ar Arsenal. Cé nach bhfuil Arsenal ach trí phointe ó bharr na sraithe, tá na seanlaigeachtaí céanna á nochtadh arís ag foireann Arsene Wenger le cúpla seachtain anuas, go háirithe sna cluichí a chaill siad i gCorn na gCuradh agus i gcoinne Chelsea sa tsraith. Ós a choinne sin, tá United ag dul ó neart go neart le mí anuas, agus athrú mór tagtha ar chursaí ó cheannaigh Louis Van Gaal an Francach óg Anthony Martial.

Ag breathnú níos faide ó bhaile, imreofar ceann de na cluichí is mó san Ísiltír go luath tráthnóna amárach nuair a thabharfaidh Ajax aghaidh ar PSV Eindhoven. Níl an nimh chéanna idir na foirne seo agus atá idir Ajax agus Feyenoord ach, ach is minic iomaíocht dhian eatarthu sa tsraith agus músclaíonn sé sin naimhdeas chomh maith. Le 50 bliain anuas, níor tharla sé ach naoi n-uaire nár thug Ajax nó PSV an Eredivisie leo.

comharsana iad Bayern Munich agus Borussia Dortmund sa Ghearmáin ach oiread ach is minic a chaitheann siad a chéile a shárú chun an tsraith a bhuachan, go háirithe le cúpla bliain anuas. Níl an Bundesliga buaite ag aon fhoireann eile seachas na foirne seo ón mbliain 2009.

Lucht tacaíochta PSG. INPHO/Allsport
Lucht tacaíochta PSG. INPHO/Allsport

Dealraíonn sé gur eatarthu a bheidh sé i mbliana arís. Agus seacht gcluiche imeartha, is iad atá ar bharr na sraithe, agus gan aon chluiche caillte fós ag ceachtar acu. Seans go dtiocfaidh athrú ar an scéal sin amárach, áfach.

Sa Fhrainc, tugtar ‘Le Classique’ ‘Derby de France’ ar an gcluiche idir Paris Saint-Germain agus  Marseille.

Is mar gheall ar chúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta is mó a d’fhorbair an naimhdeas sa dá chathair is mó sa Fhrainc. Dá bharr sin, is minic a bhíonn níos mó achrainn idir lucht leanta na gclubann mar a bhíonn idir na himreoirí. Toisc go bhfuil forlámhas ag PSG ar Ligue 1 le cúpla bliain anuas, ní bheidh an tionchar céanna ag an gcluiche seo ar a bhfuil ag tarlú ar bharr na sraithe. Bhíodh blianta eile ann ach ní laghdódh an méid sin an teannas a bheadh le haireachtáil i measc an tslua.

Ar deireadh thiar, sa Spáinn, tabharfaidh Atlético agus Real Madrid aghaidh ar a chéile i gcath na gcomharsan. Murab ionann agus PSG agus Marseille, tá an cluiche seo éirithe níos tábhachtaí fós le blianta beaga anuas. Ó tháinig Diego Simeone, iarimreoir le Atlético, isteach mar bhainisteoir, tá troid i bhfad níos láidre curtha suas acu i gcoinne Real. Bhuaigh siad an tsraith i 2013/14 agus anuraidh, den chéad uair ó 1950/51, bhuaigh Atlético ar Real Madrid faoi dhó sa tsraith.


Dé Domhnaigh

Everton v Liverpool, 1.30i.n., Sky Sports 1

Ajax v PSV Eindhoven, 1.30i.n., Sky Sports 3

Arsenal v Manchester Utd, 4i.n., Sky Sports 1

Bayern Munich v Borussia Dortmund, 4.30i.n., BT Sport Europe

Atlético Madrid v Real Madrid, 7.30i.n., Sky Sports 1

Paris Saint-Germain v Marseille, 8i.n., BT Sport 2

Fág freagra ar 'Mórfhoirne sacair na hEorpa ó ‘Merseyside’ go Munich go Madrid ag casadh ar a chéile an Domhnach seo'