‘More Larry Cunningham than Led Zeppelin’, ba é ár ngrá don spórt a cheangail le chéile muid

In Ollscoil na Gaillimhe bhí ár gcolúnaí agus a chairde le feiceáil áit ar bith a raibh cic á bhualadh ar an máilín leathair nó buille ar an sliotar

‘More Larry Cunningham than Led Zeppelin’, ba é ár ngrá don spórt a cheangail le chéile muid

Is fada an lá ó shin anois é, ach sa gcéad bhliain san Ollscoil agam, d’éirigh cairdeas láidir idir mé agus scata leads nach raibh aon aithne agam orthu roimhe sin.

Ní mba é amháin nár Ghaillimhigh iad, ach ní raibh na contaetha a mba as a mbunáite fiú ar an teorainn le mo chontae dúchais.

Ní thógfadh sé cúig nóiméad ar aon síceolaí ar fiú a chuid é a dhéanamh amach céard a thug ina chéile muid – mórsheisear scorach a rugadh i gceantair thuaithe agus a fuair mórán an tógáil chéanna.

Ba í an Ghaeilge an teanga lenar tógadh mise agus le Béarla a chleacht siadsan, bhuel ‘Béarla’ de shórt agus más tada é b’amhlaidh a neartaigh sé an muintearas. Dá mba é teanga na Banríona a bhí acu ní bheadh ‘neantógs’, ‘buachalláns’, ‘loodramawns’, ‘garsoons,’ ‘sleevens’ ná ‘buckleppers’ isteach ina gcuid cainte.

Minic go leor freisin a bhíodh abairtí den chuma ‘Have you change for the bus on you?’ le cloisteáil uathu, mar aon le ‘It’s very hard to put up with her’ agus ‘I saw my man, the French lecturer, yesterday’.

In aon rang linn freisin ar ndóigh bhí buachaillí óga agus spéirmhná bhailte móra Iarthar na hÉireann agus dornán níos mó de bhunadh Chathair na dTreabh. Ní féidir ach go mba mhinic a bhíodh mearbhall orthusan ag éisteacht lena dteanga fhéin agus gan iad á tuiscint.

B’fhurasta muid a aithint ar bhealaí eile freisin. Ba mhó tóir a bhí againn ar Dhamhsa na Mac Léinn i Halla Seapoint san oíche Dé Máirt ná sna discos a bhí ag teacht chun cinn ag an am. ‘More Larry Cunningham than Led Zepplin’, mar a dúirt ‘townie’ go drochmheasúil fúinn i seomra na gcártaí tráthnóna amháin.

Bagún agus cabáiste agus pionta bainne ár rogha ag am lóin sa gceaintín (leathchoróin nó 2/6). Bhí fear amháin inár measc a bhí chomh tugtha sin don dúchas go mba ‘mixed grill’ a d’ordaigh seisean ar a chéad chuairt ar bhialann Shíneach a bhí théis oscailt i Sráid na Siopaí.

Bhí ár ngrá don spórt ar rud eile a cheangail le chéile muid. Contaetha peile den chuid ba mhó ab ea a gcinn siúd agus in Ollscoil na Gaillimhe bhí muid le feiceáil áit ar bith a raibh cic á bhualadh ar an máilín leathair nó buille ar an sliotar – bíodh sin Corn Mhic Shigiúir, cluiche céadbhliana, Corn Mhic Giobúin nó na sraitheanna idir dámha.

Is dóigh go mbeadh cumas aon pheileadóra measartha amháin roinnte eadrainn ar fad. Níor mhaolaigh sin ár suim inti.

Anois agus arís d’fhaigheadh muid seans an fód a sheasamh ar son Dhámh na nDán – tráthanna a mbíodh ráigeanna den fhliú sa timpeall a tharraingeodh aird na hEagraíochta Dhomhanda Sláinte sa lá atá inniu an, nó a mbíodh an aimsir chomh dona agus go bhféadfá siúl ar an leac oighir ón mBalla Fada go dtí Séipéal an Chladaigh.

Nuair a d’imigh an phlá agus nuair a gheal an lá rinneadh ‘Lucht féachana Dílis’ arís dúinn.

Sa dara bliain i nGaillimh againn chuaigh duine den bhuíon a raibh an fad agus an leithead céanna ann ag plé leis an rugbaí. D’fhreastail muid ar chuile chluiche a d’imir an ‘Second Fifteen’ nuair a thosaigh sé agus ansin cluichí na príomhfhoirne nuair a bhain an staic de thóin a bhí air áit amach dó uirthi siúd.

Bhain an rath a bhí ar ár gcara sa rugbaí púicín eile dínn freisin. Mic léinn leighis ba mhó a bhí ag plé leis an spórt sin agus traidisiún sa gclub go dtabharfadh an fhoireann ar fad aghaidh ar Óstán Skeffington ar an bhFaiche Mhór tar éis na himeartha.

Oscailt súl eile dúinn ab ea gurbh é an rugbaí an t-aon cheann ar fhan na hiarchéimithe dílis dó – cuid acu imithe leis na scórtha bliain. Thagaidís-san freisin chomh fada leis an Skeff. Ba ghearr gur thuig muid má sheas tú in aice leis an gcuntar agus scaif an choláiste timpeall do mhuiníl go raibh seans ann nárbh fhada go mbuailfeadh seanmháinlia nó speisialtóir éicint lámh aniar sa droim ort.

‘Well played, young man. A few drinks for this chap and his friends,’ a déarfadh sé agus a luach tugtha aige do Chórla Nic Giollarnáth ar léi an t-óstán. B’fhéidir ach an t-ádh a bheith ort, go bhfaighfeá ceann nó péire eile.

Bhí fear amháin dár mbuíon – tabharfaidh muid ‘Tomás’ faoi láthair air – nár bhlais d’aon deoch mheisciúil riamh. Níor cuireadh aon cheist air faoi. Bhain sé an solamar céanna as a bhuidéilín Cidona agus a bhain an chuid eile againn as an rogha s’againn féin. Agus a chead sin aige.

Go fiú agus muid críochnaithe san Ollscoil níor athraigh sin. Chuaigh ‘Tomás’ ar ais chuig a chontae dúchais, bhain sé cáilíochtaí cuntasóra amach agus bhí ar an gcéad duine againn a raibh carr aige.

Ag plé le múinteoireacht a chuaigh cuid mhaith den dream eile. Mar is dual sa gceard sin, thosaigh siad i bhfad ó bhaile go ndearna a mbealach ar ais go dtí a ndúchas de réir a chéile. In imeacht ama chuir siadsan freisin rothaí faoina dtóineanna, phósadar agus thosaigh ag tógáil clainne.

Baitsiléir ab ea ‘Tomás’ agus gan teip, ba eisean a thiomáin iad chuig bainiseacha a chéile agus ar ndóigh chuig na cluichí móra. Ba é an Cidona a rogha i gcónaí agus “bhí an uile ní go breá”, mar a deireadh Meáig Ghinneá fadó.

Ar feadh 25 bliain ba nós linn a theacht le chéile i gCionn Átha Gad ar an mbealach ar ais as Páirc an Chrócaigh – ba ansiúd a d’fhágadh Leath Coinn agus Leath Mogha slán ag a chéile.

Ansin thógadar an mótarbhealach. Níl cur síos ar an gcaoi ar athraigh sin meon na ndaoine – chun donachta, caithfear a rá. Deifir, deifir, deifir, fuadar, fuadar, fuadar ar chuile dhuine anois.

Dá bharr sin agus as ár gcuid siléige féin ní raibh muid chomh dílis don rendezvouz agus a bhíodh.

Bhí aon chor amháin eile le baint asainn, ceann a tháinig aniar aduaidh orainn agus nach raibh fógra na mblianta faighte faoi ar nós an mhótarbhealaigh – arraing a bhuail mo chomrádaithe i bhfad níos measa ná a bhuail sé mise.

Maidin Sathairn tuairim deich mbliana ó shin bhuail an fón sa teach anseo agus cé a bheadh ann ach duine de na ‘bandoliers’. ‘Tá idir an drochscéala agus an dea-scéala agam duit,’ a deir an glór.

An dea-cheann ba thúisce a shantaigh mé.

‘Phós ‘Tomás’,’ a deir sé!

‘Go n-éirí sin leis,’ a deirimse, théis dom anáil dhomhain a tharraingt, ‘ach ní féidir go gcoinneoidh sin as Páirc an Chrócaigh é. Ná habair go bhfuil sí le bheith chomh géar sin air.’

An chéad abairt eile a d’fhuascail údar a chrá agus a léin.

‘Níl ná é, an bhean ghroí. Ach, nach bhfuil sé ag ól corrphionta anois freisin.’

Fág freagra ar '‘More Larry Cunningham than Led Zeppelin’, ba é ár ngrá don spórt a cheangail le chéile muid'

  • Ciarán

    Píosa an-deas, a Mhártain, mar is dúil duit. Ní raibh aon lucht ar cheachtar acu – Larry Cunningham ná Led Zeppelin!!

  • Liam Mac an Mhaoir

    Do bhaineas ana thaithneamh as an bpíosa, a Mhártan. Thóg sé siar ar bhótharín na smaointe mé comh maith. Agus cé comh saonta is a bhíomar, nó atáimíd go fóill, b’fhéidir!
    Bhí fear lenár linn gur baisteadh Eugene Balbriggan Mac Lú air, mar gur ansan a chríochnaigh sé agus é ag iarraidh dul abhaile go h-Iarthar Chorcaí do shaoire na Nollag :-)