Mórchionta agus oilghníomhartha? Cás an Uachtaráin ag an gCoiste Breithiúnach

Cuirfear tús inniu le hiarracht sainmhíniú soiléir a thabhairt ar céard go díreach a thuilleann táinseamh uachtaráin

Mórchionta agus oilghníomhartha? Cás an Uachtaráin ag an gCoiste Breithiúnach

Beidh an fiosrúchán maidir leis an Uachtaráin Donald Trump a tháinseamh ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile inniu. A fhad agus atá Trump ag freastal ar chruinniú mullaigh NATO i Londain agus é á chur féin in iúl mar státaire idirnáisiúnta, tá na ceisteanna á gcur sa mbaile i gcónaí.

Inniu beidh an fiosrú ag dul ar aghaidh ón gCoiste Faisnéise i dTithe na Comhdhála go dtí an Coiste Breithiúnach. In anseo a dhéanfar iarracht sainmhíniú soiléir a thabhairt ar céard go díreach a thuilleann táinseamh uachtaráin agus cé acu an ‘mórchionta agus oilghníomhartha’ a bhí i gceist le hiompar Trump.

Saineolaithe dlí na finnéithe ar fad a bheidh os comhair an choiste agus beidh siad i mbun a machnaimh ar céard go díreach a chiallaíonn Airteagal 2.4 de Bhunreacht na Stát Aontaithe a deir gur féidir Uachtarán a chur as oifig de bharr tréasa, breabaireachta agus “high crimes and misdemeanours”.

Tá an chéad dá chion soiléir go maith ach tá doiléire ag baint leis an tríú ceann. Is mian le Daonlathaigh na Comhdhála go mbeadh sainmhíniú soiléir acu ar mhaithe le cuidiú leis an gcoiste breithiúnach a gcás dlí – na hairteagail táinsimh – a chur I dtoll a chéile.

Is iad na saineolaithe a bheidh ag tabhairt fianaise an tseachtain seo – Noah Feldman ó Scoil Dlí Harvard, Pamela Karlan ó Scoil Dlí Ollscoil Stanford, Michael Gerhadt ó Ollscoil North Carolina agus Jonathan Turley ó Ollscoil George Washington. 

Chuir Coiste Faisnéise na comhdhála a dtuarascáil faoi bhráid an choiste bhreithiúnaigh inné.

Tá a fhios againn anois cén bunús atá leis an gcás atá acu.

Deir siad gur bhain an tUachtarán aimhleas as cumhacht a oifige trí bhrú a chur ar an Úcráin ar mhaithe lena leas polaitiúil féin. An quid pro quo, nó déan gar domsa agus déanfaidh mise gar duit, a bhí i gceist?

Tá tuiscint ann le fada ar an gcuid sin den scéal ach ní léir go bhfuil an argóint sin ag dul i gcion ar lucht tacaíochta Trump laistigh ná lasmuigh den chóras polaitíochta.

Tá a fhios againn anois nach mbeidh an Teach Bán páirteach sa bpróiseas an tseachtain seo. Tá go dtí a cúig a chlog tráthnóna Dé hAoine ag lucht an Tí Bháin an gcuirfidh siad ar a son féin os comhair an choiste trí fhinnéithe a thabhairt isteach agus fianaise a chur i láthair nuair a bheidh na hairteagail táinsimh á bhfoilsiú as seo go ceann cúpla seachtain.

Dhiúltaigh an Teach Bán a bheith páirteach go dtí seo ar an mbunús, a dúirt siad, nach bhfaighidís cothrom na Féinne ó na Daonlathaigh.

Éisteachtaí agus argóintí acadúla dlí a bheidh againn an tseachtain seo. D’fhéadfadh go mbeifí ag éisteacht fianaise in aghaidh an uachtaráin an tseachtain seo chugainn. An rud nach bhfuil aon athrú tagtha air ná seasamh na bPoblachtach.

Go dtí go mbeidh cúpla Seanadóir de chuid an pháirtí sin sásta a seasamh i dtaobh an Uachtaráin a athrú ní dhéanfar aon dul chun cinn leis an táinseamh. Rachfar tríd an bpróiseas, ach gan dhá dtrian de na vótaí sa Seanad is obair in aisce a bheidh inti.

Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil pobal na Stát Aontaithe deighilte faoin gceist seo. Ní léir go bhfuil an scéal ag dul i bhfeidhm orthu. Dúirt na Daonlathaigh agus iad ag réiteach na tuarascála ón gCoiste Faisnéise go gcaithfeadh an teanga a bheith soiléir agus simplí. Teastaíonn uathu go dtuigfidh an pobal an cás atá á dhéanamh acu féin. Tá fonn ar na Daonlathaigh dul ar aghaidh gan mhoill leis an bpróiseas agus na hairteagail táinsimh a ullmhú.

Is í an chosúlacht atá ar chúrsaí faoi láthair nach bhfuil an tacaíocht pholaitiúil ann leis an táinseamh a chur i gcrích agus nach bhfuil an scéal ar fad ag dul i gcion ar an bpobal.

Céard is fiú é mar sin?

Fág freagra ar 'Mórchionta agus oilghníomhartha? Cás an Uachtaráin ag an gCoiste Breithiúnach'