Moltaí i dtaobh leasuithe ar obair na Dála fógartha

Thabharfadh na moltaí nua atá déanta ag coiste Oireachtais níos mó am Dála don fhreasúra

Sam Boal/RollingNews.ie

Tá moltaí i dtaobh leasuithe éagsúla ar obair na Dála aontaithe ag an bhfochoiste Oireachtais a bhfuil an cúram air moltaí a dhéanamh maidir le córas oibre na Dála a athrú.

Cuirfear na moltaí seo faoi bhráid na Dála amárach mar a mbeidh díospóireacht faoi chóras oibre na Dála.

Tá molta ag an bhfochoiste go mbunófaí coiste gnó nua a bheadh freagrach as clár oibre na Dála a leagan amach ar bhealach a thabharfadh níos mó ama don fhreasúra. Coibhneas 60/40 idir an méid ama a cheadaítear don rialtas agus don fhreasúra atá molta.

Moltar chomh maith go n-athrófaí na rialacha a bhaineann le grúpaí teicniúla agus go bhféadfadh níos lú Teachtaí Dála a leithéid de ghrúpa a bhunú.

Baineann ceann eile de na moltaí le tréimhse ama ar leith a chur ar leataobh do choistí Oireachtais ionas nach mbeadh obair na gcoistí agus obair na Dála féin ag teacht salach ar a chéile.

Dá nglacfaí le moltaí an fhochoiste bheadh vótáil ar bun sa Dáil ag na hamanna céanna i gcaitheamh an lae seachas ag amanna éagsúla gach lá.

Bheadh cead chomh maith ag Teachtaí Dála staonadh go foirmeálta ó vótáil.

D’fhéadfaí chomh maith achainí a chur faoi bhráid an Cheann Comhairle sa chás go gceapfaí nach raibh an freagra ar cheist Dála a gheofaí ó Aire sásúil.

Dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl tráthnóna gur aontaigh an coiste na moltaí nua chun an córas parlaiminte a neartú agus chun níos mó cumhachta a thabhairt do Theachtaí Dála agus don Dáil féin.

Beidh an coiste ag bualadh le chéile arís amárach chun plé a dhéanamh ar leasuithe eile ar chóras oibre na Dála.

Fág freagra ar 'Moltaí i dtaobh leasuithe ar obair na Dála fógartha'