Moltaí coiste Oireachtais maidir le reachtaíocht teanga le seoladh

Tá 34 moladh sa tuarascáil ar ghnéithe éagsúla den Bhille a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

21/4/2010 Traditional Music Archives
An Seanadóír Labhrás Ó Murchú. Pictiúr: Photocall Ireland

Seolfaidh an Coiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a dtuarascáil ar Bhille na dTeangacha Oifgiúla 2014 amárach.

34 moladh ar fad atá sa cháipéis a d’ullmhaigh an Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá na moltaí bunaithe ar aiseolas a fuarthas ó eagraíochtaí Gaeilge, ón gCoimisinéir Teanga anseo in Éirinn, agus ó Choimisinéir Teanga na Breataine Bige.

Sa dréacht den cháipéis atá feicithe ag Tuairisc.ie moltar go dtabharfadh gach uile eagras stáit gealltanas uaidh go mbeidh 10% dá bhaill foirne inniúil ar an nGaeilge agus ábalta déileáil leis an bpobal trí mheán na teanga sin nuair is gá.

Ba mhian leis an bhFochoiste freisin go ndéanfadh an Rialtas athbhreithniú ar an gcinneadh a rinne siad i mí Dheireadh Fómhair 2013, áit a ndearna siad marcanna bónais as cumas sa Ghaeilge a bhronnadh ar stáitseirbhísigh a tharraingt siar.

Tá 34 moladh sa tuarascáil ar ghnéithe éagsúla den Bhille a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cháin an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, an Bille ag Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga a reáchtáil Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Dúirt an Coimisinéir lena raibh i láthair ag an gComhdháil gur “chosúil gur beag a dhéanfadh an leasú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun chearta teanga an tsaoránaigh a láidriú”.

Dúirt an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, atá ina chathaoirleach ar Fhochoiste na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, go bhfuil sé ag súil go n-éistfear leis na moltaí.

“Tá an-áthas ar an gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta a Thuarascáil ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014.

“Rannchuidiú suntasach is ea an tuarascáil maidir le cur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge ar fud an Stáit agus a chuid foras. Tá súil againn go ndéanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tuarascáil agus na 34 moladh atá inti a bhreithniú go cúramach, agus go gcuirfidh sí a oiread díobh agus is féidir isteach i mBille na dTeangacha Oifigiúla, 2014,” a dúirt an Seanadóir Ó Murchú.

Ag 12.30 i.n a sheolfar an tuarascáil amárach agus déanfaidh Tuairisc.ie beothuairisciú ar imeachtaí chruinniú an choiste.

Fág freagra ar 'Moltaí coiste Oireachtais maidir le reachtaíocht teanga le seoladh'