Molta ag MISNEACH go nglacfaí ‘seilbh’ ar fhoirgnimh stáit sa Ghaeltacht

Fógraíodh le déanaí go mbeadh an naíonra Gaeltachta i nGort an Choirce i dtuaisceart an chontae ag dúnadh agus deireadh leis na poist a bhí ann

Molta ag MISNEACH go nglacfaí ‘seilbh’ ar fhoirgnimh stáit sa Ghaeltacht

Tá molta ag an ngrúpa feachtais MISNEACH do mhuintir Ghaeltacht Thír Chonaill ‘seilbh agus úinéireacht a ghlacadh’ ar fhoirgnimh agus áiseanna atá fágtha folamh sa cheantar le seirbhísí a bheadh “ar leas an phobail” a chur ar fáil iontu.

Tá a míshástacht curtha in iúl ag an gcraobh nuabhunaithe den ghrúpa feachtasaíochta MISNEACH, i dTír Chonaill, faoin gcinneadh a rinneadh seirbhís cúram leanaí sa chontae sin a dhúnadh le deireanas.

Fógraíodh le déanaí go mbeadh an naíonra Gaeltachta i nGort an Choirce i dtuaisceart an chontae ag dúnadh agus deireadh leis na poist a bhí ann.

Maíonn MISNEACH go bhfuil muintir na Gaeltachta “fágtha arís in áit na leathphingine” agus cháin siad an cinneadh a d’fhág “foirgneamh eile fágtha díomhaoin” i nGaeltacht Thír Chonaill.

Dúirt urlabhraí nua an ghrúpa i dTír Chonaill, Oisín Ó hEo, gur cheart do mhuintir an háite “seilbh agus úinéireacht a ghlacadh” ar na háiseanna agus na foirgnimh a dúnadh le cúpla bliain anuas agus “seirbhísí pobalbhunaithe agus inmharthana” a chur ar fáil iontu a bheadh “ar leas an phobail ar fad”.

Dúirt sé go dtabharfadh a leithéid de ghníomh “dúshlán an rialtais atá ar nós cuma leo maidir le muintir na Gaeltachta”.

“Bhéarfaidh Misneach achan tacaíocht do mhuintir na háite san iarracht sin. Tá fostaíocht, infheistíocht i seirbhísí agus an Ghaeilge éigeantach le go mbeidh Gaeltacht bheo inmharthana ann agus tá na héilimh sin le cluinstin ag teacht ón phobal.

“Tá gá  le gníomh ó mhuintir na háite ar a son féin agus tá géarghá le mórfheachtas ar bhonn náisiúnta leis na héilimh sin a chur chun cinn,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Molta ag MISNEACH go nglacfaí ‘seilbh’ ar fhoirgnimh stáit sa Ghaeltacht'