Moladh tuillte ag cosantóirí Chiarraí agus Dhún na nGall, Maigh Eo fós beo agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí a imríodh i gcomórtas an tSárochtair ag an deireadh seachtaine

Moladh tuillte ag cosantóirí Chiarraí agus Dhún na nGall, Maigh Eo fós beo agus ceachtanna eile

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Moladh tuillte ag cuid de chosantóirí Chiarraí agus Dhún na nGall

Bhí cluiche thar a bheith taitneamhach idir Ciarraí agus Dún na nGall Dé Domhnaigh agus gan oiread na fríde idir na foirne. Bhí siad ar comhscór 15 uair agus ní raibh bearna níos mó ná dhá phointe eatarthu aon uair.

Tháinig 1-29 den 2-40 a scóráladh ón imirt ach ní fhéadfá a rá go raibh drochlá ag cosantóirí na bhfoirne. Níl aon amhras ach go raibh cuid de na tosaithe is fearr sa tír le feiceáil Dé Domhnaigh ina measc David Clifford, Michael Murphy, Paul Geaney agus Patrick McBrearty, ach bíonn amhras ann faoi fheabhas chosantóirí na bhfoirne seo.

Beidh an bheirt bhainisteoirí sásta go maith leis an méid a chonaic siad ag an deireadh seachtaine. Tháinig feabhas mór ar chosantóirí Chiarraí i gcoinne Mhaigh Eo agus d’imir siad go maith arís Dé Domhnaigh. Rinne Tadhg Morley jab maith agus é ag marcáil Patrick McBrearty agus níor thug Tom O’Sullivan deis ar bith do Jamie Brennan, a raibh an-bhliain aige go dtí sin. D’éirigh le O’Sullivan cúpla ruathar chun tosaigh a dhéanamh chomh maith. Fuair fear an Daingin cúilín agus chruthaigh sé ceann eile sa cheathrú uaire dheireanach. Léirigh Jason Foley freisin go bhfuil sé ag teacht chun coinlíochta agus fuair sé féin cúilín nuair a bhí géarghá lena leithéid.

Buaileadh buille crua ar Dhún na nGall roimh thús an chluiche agus gan fáil acu ar bheirt sa líne lánchúil, Paddy McGrath agus Neil McGee. Mar sin féin, d’éirigh réasúnta maith leo dá n-uireasa. Choinnigh Stephen McMenamin David Clifford réasúnta ciúin, cé nach raibh lucht leanúna Chiarraí pioc sásta leis an gcur chuige a bhí ag an gConallach.

Má tá na foirne seo chun an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath, beidh orthu an déine sin sa chosaint a léiriú agus seasfaidh cluiche an Domhnaigh  dóibh.

 

Aidan O’Shea agus Andy Moran. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Maigh Eo fós beo ar éigean

Thuas seal thíos seal a bhí peileadóirí Mhaigh Eo go dtí seo i mbliana agus b’amhlaidh an scéal arís i gcoinne na Mí. Bhí Maigh Eo i bhfad níos fearr ná contae na Mí sa chéad leath ach rinne siad na botúin chéanna atá ag cur as dóibh le fada.

Chuir Cillian O’Connor dhá phointe chun tosaigh iad, 0-7 in aghaidh 0-5, tar éis 27 nóiméad. Bhí ocht n-iarracht ag Maigh Eo as sin go deireadh an chéad leatha ach níor aimsigh siad oiread is ceann amháin acu. Bhuail siad an posta, chuir siad iarrachtaí amú agus thit cinn eile gearr. D’fhág sin go raibh an Mhí ar comhscór faoi leath ama.

D’fheabhsaigh foireann James Horan beagáinín sa dara leath ach níor dhúisigh siad i gceart go dtí go raibh an Mhí imithe chun cinn. Idir an 53ú nóiméad agus an 65ú nóiméad, d’aimsigh Maigh Eo 1-5 as a chéile agus ba iad na seanfhondúirí ba chúis lena n-athbheochan. Den 1-5 sin, fuair Andy Moran, Colm Boyle, Lee Keegan agus Cillian O’Connor cúilín an duine agus ba é Kevin McLoughlin a chruthaigh an cúl.

Níor tharla sé fós i gcás Mhaigh Eo gur imir na himreoirí nua agus na seanfhondúirí i mbarr a maitheasa sa chluiche céanna. Mura dtarlóidh sé sin i gcoinne Dhún na nGall, beidh siad i dtrioblóid.

 

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bliain eile agus greadadh eile do Ros Comáin

“Seans go bhfuil gach foireann atá ar comhchaighdeán linn, nó beagáinín níos fearr ná muid, buailte againn. Ach nuair atáimid i gcoinne na bhfoirne is fearr, Áth Cliath, Tír Eoghain agus a leithéidí, teipeann orainn agus caithfidh muid é sin a chur ina cheart.”

Sin a bhí le rá ag Ger Dowd, duine de roghnóirí Ros Comáin, anuraidh tar éis dóibh cliseadh i gcoinne Átha Cliath i gcomórtas an tSárochtair, 4-24 in aghaidh 2-16. Ar an drochuair do Ros Comáin, is beag atá athraithe le bliain anuas.

Bhuaigh foireann Anthony Cunningham ar na sean-naimhde, Maigh Eo agus Gaillimh, chun craobh Chonnacht a thabhairt leo in 2019 ach theip orthu aon dul chun cinn a dhéanamh ó shin.

Thug siad aghaidh ar Thír Eoghain sa chéad bhabhta de chomórtas an tSárochtair agus cé nár tugadh greadadh eile dóibh i mbliana, ní raibh Ros Comáin in ann ag na hUltaigh.

Ach má tá an bhearna idir iad féin agus foireann Mickey Harte á iamh acu, is i méid atá an bhearna idir iad agus féin agus Áth Cliath ag dul.

Ceithre phointe dhéag a bhí idir na foirne anuraidh, nuair a d’fhág Jim Gavin scata imreoirí mór le rá ar an mbinse. Ocht bpointe dhéag a bhí idir na foirne i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, toradh a d’fhág nach bhfuil seans ag Ros Comáin cáiliú as Grúpa 2 agus gan fágtha acu anois ach cluiche gan tábhacht i gcoinne Chorcaí faoi cheann coicíse.

B’fhiú do Ros Comáin a mbua i gcraobh Chonnacht a cheiliúradh ach caithfidh go ngoilleann sé ar na himreoirí agus ar a lucht bainistíochta go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil siad níos faide taobh thiar d’Áth Cliath ná riamh.

 

Con O’Callaghan.Pictiúr: INPHO/James Crombie

Comórtas míchothrom an tSárochtair

Cé go bhfaca muid an chuid is fearr de chomórtas an tSárochtair Dé Domhnaigh sa chluiche iontach i bPáirc an Chrócaigh idir Ciarraí agus Dún na nGall, péire de na foirne is fearr sa tír, eisceacht a bhí ann ar bhealach.

Imreofar an babhta deireanach cluichí faoi cheann coicíse ach tá ceist mhór faoin bhfiúntas a bhainfidh leo. I nGrúpa 2, beidh cluiche gan tábhacht ann idir Corcaigh agus Ros Comáin, dhá fhoireann atá curtha as an áireamh cheana féin.

Ba cheart go mbeadh an cluiche idir Áth Cliath agus Tír Eoghain ar an Ómaigh beagáinín níos suimiúla ach ó tharla na foirne a bheith cáilithe cheana féin do na babhtaí leathcheannais, seans go mbeidh na bainisteoirí ag iarraidh cúpla cárta a choinneáil sa mhuinchille.

Tá cúrsaí beagán níos fearr i nGrúpa 1. Ní mór an spreagadh a bheidh ag imreoirí na Mí a míle dícheall a dhéanamh i gcoinne Chiarraí san Uaimh agus iad curtha as an áireamh sa ghrúpa cheana féin. Fiú dá gcaillfeadh Ciarraí an cluiche sin, d’fhéadfaidís fós na babhtaí leathcheannais a bhaint amach.

Is é an cluiche idir Maigh Eo agus Dún na nGall an t-aon chluiche atá fágtha sa chomórtas ar féidir linn a bheith cinnte faoi gur cluiche dian a bheidh ann.

Idir an bhliain seo agus anuraidh, tá 20 cluiche imeartha i gcomórtas an tSárochtair. San achar sin, ní raibh ach seacht gcluiche ina raibh trí chúilín nó níos lú idir na foirne agus, ar an meán, bíonn níos mó ná seacht gcúilín idir na foirne sa chomórtas seo.

Beidh comórtas an tSárochtair againn bliain amháin eile ar a laghad, ach is deacair rá an chun leas na craoibhe a bhí sé go dtí seo.

Fág freagra ar 'Moladh tuillte ag cosantóirí Chiarraí agus Dhún na nGall, Maigh Eo fós beo agus ceachtanna eile'