Moladh “náireach” faoi leasú teanga – Ó Cuív

Diúltaíodh d’iarracht fáil réidh le riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile nuair a bhí sé féin ag bord an Rialtais, a deir an tIar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes
Éamon Ó Cuív. Pictúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá sé ráite ag an Iar-Aire Gaeltachta, , go mbeadh sé “náireach” dá mbeadh aon bhaint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis an moladh go gcuirfí deireadh le riachtanas na Gaeilge d’iontráil ollscoile.

Bheadh “alltacht” air dá mbeadh baint ag an “ollscoil a bhfuil duaglas ar leith uirthi faoin nGaeilge” leis an moladh thuasluaite, a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Dúirt sé gur trialladh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge nuair a bhí sé féin ina bhall den chomhaireacht ach gur diúltaíodh don iarracht sin. Bhí baint nach beag ag an iarAire Airgeadais Brian Lenihan, nach maireann, leis an gcinneadh gan glacadh leis an moladh mar go rabhthas tar éis glacadh tamall roimhe sin le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“Beidh mé ag súil le ráiteas ón Aire Oideachais agus ón Rialtas an tseachtain seo le rá nach bhfuil baol ann go dtarlódh sé seo agus go bhfanfaidh an Ghaeilge mar atá an Béarla – riachtanach,” a dúirt an Teachta Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Dúirt sé freisin go mbeadh an Béarla riachtanach i gcónaí faoin moladh seo mar go mbeadh ar “chainteoirí dúchais Gaeilge cáilíocht a bhaint amach i mBéarla le freastal ar Ollscoil na hÉireann cé nach mbeidh ar chainteoirí dúchais Béarla cáilíocht a bhaint amach sa teanga eile oifigiúil,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’ Sullivan, le Nuacht TG4 aréir go ndéanfaí aon mholadh i dtaca le leasú ar an riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile a chur i láthair an Rialtais.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) go mbeadh an t-ábhar á tharraingt anuas aigeasan i Seanad Éireann.

Idir an dá linn, léirigh Gael Linn a míshástacht faoin moladh. I ráiteas a d’eisigh an eagraíocht, d’éiligh Gael Linn go gcoimeádfaí riachtanas na Gaeilge.

“Le go mbeadh an Ghaeilge á cur chun cinn sna coláistí tríú leibhéal, éilimid go mbeadh sé ina riachtanas ag an Údarás um Ardoideachas go gcaithfeadh gach coláiste mar bhunriachtanas Bord, Coiste nó Oifigeach Gaeilge a cheapadh ar mhaithe le láithreacht agus úsáid na Gaeilge a fheabhsú i ngach gné de shaol an choláiste,” a dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomfheidhmeannach Ghael Linn.

Dúirt sé freisin gur cheart go dtairgfí an Ghaeilge mar ábhar roghnach ar chúrsaí i réimsí na n-ealaíon agus na cumarsáide in aon choláiste a sholathraíonn a leithéid.

“Drochbhuille” don Ghaeilge a thug Donncha Ó hAodha, urlabhraí Chonradh na Gaeilge, ar an moladh agus dheimhnigh sé go rachaidh an Conradh i mbun feachtais ina aghaidh.

 

 

Fág freagra ar 'Moladh “náireach” faoi leasú teanga – Ó Cuív'