Tá níos mó daoine ar chláir na dtoghthóirí in 11 údarás áitiúil ná an líon daoine atá i dteideal vótáil atá ina gcónaí sna limistéir atá faoi chúram na n-údarás sin, de réir eolas a foilsíodh i dtuarascáil de chuid an Choimisiúin Toghcháin inniu.
Is i gcontaetha Gaeltachta atá ceithre cinn de na húdaráis áitiúla sin – Dún na nGall, Gaillimh, Corcaigh agus Maigh Eo. Bhí 7.5% níos mó daoine ar chlár Chomhairle Contae Dhún na nGall, bhí 1.8% níos mó daoine ar chlár Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus bhí 1.4% níos mó daoine ar chláir Chomhairlí Contae Chorcaí agus Mhaigh Eo.
Bhí an ráta cláraithe ard go maith i dtrí chontae Gaeltachta eile – an Mhí ag 99.9% de dhaoine atá incháilithe le vótáil, Ciarraí ag 97.7%, agus Cathair agus Contae Phort Láirge ag 95.8%. Bhí ráta 84% ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a bhfuil cuid di Ghaeltacht an chontae faoina cúram.
De réir na tuarascála, tá “líon anaithnid ach líon a d’fhéadfadh a bheith suntasach” d’iontrálacha dúbailte agus iontrálacha nach bhfuil feidhm leo níos mó ar chláir na dtoghthóirí ar fud an stáit.
Dúirt cathaoirleach an Choimisiúin, an Breitheamh Marie Baker, gur “údar mór imní” é stádas chláir na dtoghthóirí agus go gcreideann sí go bhfuil sé “riachtanach go gcuirfí tuilleadh acmhainní ar fáil” le gur féidir “cruinneas agus iomláine” na gclár “a fheabhsú go suntasach”.
Maítear sa tuarascáil go bhfuil fadhb na n-iontrálacha “bréagacha, dúblacha, agus míchearta” ann leis na blianta fada agus go mbaineann sé le daoine atá cláraithe níos mó ná uair amháin le húdaráis éagsúla, daoine atá cláraithe ach a d’imigh ar imirce, agus daoine atá cláraithe ach a bhásaigh ó shin.
Moltar sa tuarascáil go ndéanfaí “iniúchadh cruinnis” ar gach clár toghthóirí, go dtabharfaí faoi “fheachtas náisiúnta feasachta” faoin gclárú vótóirí, go leagfaí síos “caighdeáin chruinnis”, agus go gcuirfí acmhainní ar fáil do na húdaráis áitiúla le dul i ngleic le cláir na dtoghthóirí.
“Ní chreideann an Coimisiún go bhfuil cruinneas aon cheann de na cláir ar leibhéal sách maith. Cé go gcreidtear go bhfuil roinnt díobh níos fearr ná a chéile, teastaíonn tuilleadh faisnéise agus sonraí chun measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar gach ceann,” a deirtear sa tuarascáil.
Is tuarascáil mhór chuimsitheach í Tuarascáil Formhaoirseachta ar Chláir na dToghthóirí agus déantar anailís ann ar na 31 údarás áitiúil atá sa stát agus déantar moltaí dóibh ina gceann agus ina gceann.
Dúirt an Breitheamh Baker go bhfuil “feidhmiú, cruinneas, agus iomláine” chláir na dtoghthóirí “riachtanach don phróiseas daonlathach” agus gur chuige sin a rinneadh an taighde agus an measúnú ar na cláir.
Fág freagra ar 'Moladh go ndéanfaí iniúchadh cruinnis ar chláir na dtoghthóirí agus na mílte duine breise cláraithe'