Moladh go mbeidh Bliain na Gaeilge arís ann in 2023 á mheas ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Anocht a chuirfear tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge i Muineachán agus is é ‘Teanga gan Teorainn’ téama na bliana seo

Moladh go mbeidh Bliain na Gaeilge arís ann in 2023 á mheas ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Beidh Bliain na Gaeilge arís ann in 2023 má éiríonn le rún atá le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, atá ar siúl i Muineachán an deireadh seachtaine seo.

Tá an moladh faoi Bhliain na Gaeilge i measc an os cionn 40 rún atá á gcur faoi bhráid na hArd-Fheise ag baill na heagraíochta teanga. ‘Teanga gan teorainn’ an téama atá ag Ard-Fheis na bliana seo.

Craobh Raidió Rí-Rá de Chonradh na Gaeilge atá ag moladh go mbeadh Bliain na Gaeilge arís ann in 2023 agus iad den tuairim gur éirigh “thar barr” le Bliain na Gaeilge 2018 agus gur chóir an “coincheap” a fhorbairt agus a leithéid a eagrú arís in 2023.

Is cinnte go gcothóidh an rún áirithe sin cuid mhaith cainte ach cúrsaí oideachais agus cearta teanga is mó atá faoi chaibidil i rúin na bliana seo.

Tá rún ann go n-éileofaí ar an Aire Oideachais polasaí náisiúnta a fhorbairt don ghaeloideachas ón réamhscoil go dtí an ollscoil agus éilítear i rún eile go gcuirfí i gcoinne aon iarracht baint de stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar sa chóras oideachais. I measc na rún eile faoi chúrsaí oideachais, tá Craobh Ard Eoghain ag iarraidh go dtabharfaí dúshlán na Roinne Oideachais ó thuaidh maidir leis an leatrom atá á dhéanamh ar an teanga sa chóras, dar leo.

Beidh cuid mhaith rún ann amárach a thacaíonn leis an éileamh ar acht Gaeilge don tuaisceart agus is é tionchar an Bhreatimeachta ar phobal na Gaeilge thuaidh agus theas atá ag déanamh imní do Chraobh Ghlór na Móna.

Tá Coiste Dúiche na Gaillimhe

ag iarraidh go ndéanfaí iarratas foirmiúil ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta córas maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú ionas nach mbeidh sé faoi laincis ag na deacrachtaí polaitiúla ó thuaidh.

Tá Craobh Ghleann an Iolair ag súil go n-iarrfar ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ateangaire a chur ar fáil do chruinnithe na Comhairle.

Tá Craobh Ollscoil Uladh ag lorg tacaíochta dá rún go gcuirfí céim lánaimseartha sa Ghaeilge ar fáil arís ar champas Bhéal Feirste na hollscoile sin.

Tá Craobh Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ag iarraidh go ndéanfaí cainéal dátheangach de RTÉ a hAon agus  Craobh Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona ag iarraidh go n-éileofaí ar an Rialtas slánú na Gaeltachta a bheith mar ‘phríomhchuspóir’ acu feasta.

Tá Craobh na Fuiseoige i New Jersey ag iarraidh go n-eagrófaí Ard-Fheis na bliana 2021 i Nua-Eabhrac.

Is é Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer a sheolfaidh Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán an 4 Seasons i Muineachán anocht.

I ndiaidh chaint an Uachtaráin beidh plé ann faoi théama na hArd-fheise – ‘Teanga gan teorainn’. An craoltóir aitheanta as Muineachán Gráinne McElwain a bheidh mar chathaoirleach ar an bplé ina mbeidh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, an MLA Patsy McGlone agus na Teachtaí Dála Catherine Connolly (NS), Dara Calleary (FF). agus Aengus Ó Snodaigh (SF) páirteach.

Fág freagra ar 'Moladh go mbeidh Bliain na Gaeilge arís ann in 2023 á mheas ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge'

  • Síle ní Mhuirthole

    Is iontach an rún é. Is rud dearfach é.