Moill eile ar athbhreithniú RTÉ ar chúrsaí pá i Raidió na Gaeltachta

Bhí sé i gceist athbhreithniú ar phá agus ar ghráid in RTÉ a fhoilsiú an mhí seo caite ach tá an t-ardstiúrthóir nua le ról a bheith aige ann

Moill eile ar athbhreithniú RTÉ ar chúrsaí pá i Raidió na Gaeltachta

D’fhéadfadh go mbeidh tamall eile ann sula bhfoilseofar tuarascáil ina ndéanfar scagadh ar an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Agus a phlean chun dul i ngleic le géarchéim RTÉ á fhógairt an tseachtain seo aige, dúirt Ardstiúrthóir nua RTÉ, Kevin Bakhurst, go ndéanfadh sé “comhordú” ar athbhreithniú ar chúrsaí pá, gráid agus inscne.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid RTÉ le Tuairisc nach athbhreithniú nua a bhí i gceist ansin ach an ceann céanna atá le ceist chúrsaí pá Raidió na Gaeltachta a chíoradh.

Dúirt leas-stiúrthóir gníomhach RTÉ Adrian Lynch i mí Eanáir go mbeadh an t-athbhreithniú sin á fhoilsiú ag deireadh mhí an Mheithimh, ach d’fhéadfadh go mbeadh moill eile air i bhfianaise ghéarchéim RTÉ agus mhianta an ardstiúrthóra nua.

“Tá an t-athbhreithniú ar róil agus ar ghráid ar thagair Kevin Bakhurst dó ar siúl – is é sin an próiseas atá á chomhordú ag Willis Towers Watson, ach is ceann é go mbeidh baint ag Kevin leis,” a dúirt urlabhraí RTÉ.

“Tá gach ról laistigh de raon [an athbhreithnithe].”

D’fhógair RTÉ in 2021 go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar na scálaí pá ar fad atá i bhfeidhm san eagraíocht. 167 grád ar fad atá ann i láthair na huaire.

Dúradh go dtabharfaí aghaidh san athbhreithniú sin ar cheist na neamhréire idir an pá a fhaigheann oibrithe Raidió na Gaeltachta agus oibrithe RTÉ

Thug iar-ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, agus an Stiúrthóir Acmhainní Daonna, Eimear Cusack, le fios ag an am nach raibh aon eolas acu faoi aon éagothroime pá idir foireann RTÉ agus foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire in RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in RTÉ.

Fág freagra ar 'Moill eile ar athbhreithniú RTÉ ar chúrsaí pá i Raidió na Gaeltachta'