Rialaigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar an 21 Deireadh Fómhair gur sháraigh an Teachta Dála Robert Troy ó Fhianna Fáil an dlí.
Níor fhoilsigh an Coimisiún tuairisc ná rialú ná ráiteas ar a chás, áfach, go dtí Dé Máirt – dhá lá dhéag tar éis an olltoghcháin agus caoga lá tar éis dóibh cinneadh a dhéanamh go raibh Troy faillíoch nuair a d’fhág sé faisnéis ar lár ina dhearbhú leasa.
D’éirigh Troy as a phost mar aire stáit in 2022 tar éis don suíomh nuachta The Ditch tuairisc a fhoilsiú ar fhaisnéis airgeadais nár chuir sé ar fáil de réir a dhualgais reachtúil mar Theachta Dála
Ní foláir a rá nár rialaigh an Coimisiún gur d’aon ghnó a cheil Troy, a toghadh sa Longfort-An Iarmhí, an fhaisnéis a bhain lena mhaoin agus ioncam.
Dúirt an Coimisiún, áfach, nach ndearna sé a dhícheall cuí chun faisnéis chuí a sholáthar agus nach gcoinneodh na bearnaí muinín an phobail as a shaothar mar aire.
Is cúis imní a ndearna an Coimisiún i gcás Troy ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos toisc gur thóg sé breis agus dhá bhliain orthu gearán ina thaobh a chuir an Teachta Dála Paul Murphy (Pobal seachas Brabús) faoina mbráid i mí Lúnasa 2022 a iniúchadh.
Is cúis imní níos mó é, áfach, nár foilsíodh an rialú a rinne an Coimisiún roimh an olltoghchán ainneoin cinneadh faoina chás a bheith déanta cúig seachtaine roimh lá na vótála. Ceileadh an scéal mar sin ar vótálaithe i ndáilcheantar an Longfoirt agus na hIarmhí go dtí go raibh Robert Troy atofa.
B’fhéidir go mbeadh Troy atofa fiú dá mbeadh rialú an Choimisiúin foilsithe roimh lá na vótála. Ní fiú am a chur amú le tuairimíocht dá leithéid áfach. Is é bun agus barr an scéil nár chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil a chuirfeadh rogha lán-eolach ar chumas na vótálaithe.
Dúradh i rialú an Choimisiúin gur “riachtanas tábhachtach” é trédhearcacht maidir le leas pearsanta ionas go gcoinneofaí muinín an phobail i réim. Go deimhin.
Dúirt urlabhraí an Choimisiúin leis an Irish Independent gur socraíodh nach bhfoilseofaí tuairiscí “neamhghnácha” roimh an olltoghchán a bhí ar na bacáin i mí Dheireadh Fómhair (níor fógraíodh é go dtí an 8 Samhain). Bhain an cinneadh, a dúirt an t-urlabhraí, le ról an Choimisiúin mar fhoras neamhchlaonta agus neamhspleách.
Fágaim fút féin a léitheoir dhil ciall a bhaint as míniú dá leithéid.
Ach is deacair gan a bheith ar aon tuairim le Paul Murphy a dúirt go raibh sé “dochreidte”. Bhí cur chuige an Choimisiúin claonta, dar le Murphy toisc gurb é a éifeacht Robert Troy a chosaint ón toradh ba chóir a bheith ar a ndearna sé.
Cháin Mairéad Farrell ó Shinn Féin an mhoill a cuireadh ar fhoilsiú na tuairisce chomh maith. Dar léi gur léirigh sé arís nach raibh an Coimisiún oiriúnach dá ghnó.
Thagair sí freisin do mhoill níos ginearálta agus níos tábhachtaí: an mhoill a chuir rialtais éagsúla ar reachtaíocht a neartódh an córas faoina bhfiosraítear comhlíonadh caighdeán eitice.
Rinneadh neamhaird go dtí seo ar leasuithe a d’iarr an Coimisiún, creid nó ná creid é, le fiche bliain anuas. Ina measc leasú a cheadódh fiosruithe a dhéanfaí ar a gconlán féin in ionad a bheith ag brath ar ghearáin.
Tá neartú ar an gcóras molta roimhe seo ag Mairéad Farrell, moladh faoina mbunófaí coimisinéir caighdeán a mbeadh cumhacht reachtúil níos láidre aige/aici.
Ní tearc na gealltanais a thug airí éagsúla go raibh reachtaíocht beartaithe a neartódh cur i bhfeidhm agus iniúchadh na gcaighdeán eitice.
Sa cholún seo anuraidh cíoradh cinneadh aire stáit eile, Damien English ó Fhine Gael, éirí as a phost mar aire stáit tar éis dó a admháil nach raibh an fhaisnéis riachtanach curtha ina dhearbhú leasa aige.
Bhí na habairtí seo a leanas sa cholún a foilsíodh ar an 14 Eanáir 2023.
‘Tá leasuithe agus breis acmhainní don Choimisiún geallta ag an aire airgeadais Michael McGrath a dúirt Dé hAoine gur lú muinín an phobail as polaiteoirí de dheasca éirí as oifig English. Dúirt an t-aire go mbeadh reachtaíocht á foilsiú aige i mbliana. Más mall is mithid.’
Níor foilsíodh an reachtaíocht fós.
WTF
Cá hionadh!
Lúbairí, moilleadóirí agus rógairí.