D’éirigh Damien English as gan mhoill ach ní mhaolóidh sin an t-amhras a spreag sé

Léiríonn pobalbhreitheanna nach mór ár muinín as polaiteoirí i gcoitinne agus gurb é a chaoi go nglacann ár bhformhór leis nár chóir iad a thrust

D’éirigh Damien English as gan mhoill ach ní mhaolóidh sin an t-amhras a spreag sé

Tá moladh nár thuill Damien English tugtha dhó ó d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as a phost mar aire stáit.

D’fhoghlaim an Teachta Dála ón Mhí Thiar ceacht amháin ónar tharla d’iar-aire eile. Nuair a d’fhoilsigh an suíomh gréasáin iniúchta The Ditch cur síos anuraidh ar bhearnaí sna sonraí a chuir Robert Troy ar Chlár Leasanna Chomhaltaí san Oireachtais, dhiúltaigh Troy éirí as ar feadh coicíse.  Faoi dheireadh, áfach, ní raibh aon dul as aige ach éirí as.

D’fhoilsigh an suíomh céanna tuairisc Dé Céadaoin ar ráiteas nach raibh fírinneach a chuir English ar fáil agus cead pleanála á lorg aige ó Chomhairle Contae na Mí in 2008. Rinne English a rogha go pras. Dúirt sé leis an Taoiseach oíche Dé Céadaoin go raibh sé ag éirí a phost agus chuir sé ráiteas gairid imeachta ar Twitter an mhaidin dár gcionn.

B’fhéidir go seachnóidh luathimeacht English móraird ar na ceisteanna a spreagfaidh tuairisc eile ar a ndearna sé, faisnéis a d’fhoilsigh Eoghan McNeill agus Roman Shortall ar The Ditch Dé hAoine. Is contúirtí mí-iompar Aire ná mí-iompar Teachta Dála do gach rialtas.

Is lú an dochar don rialtas mar sin a dhéanfaidh fiosrú an ghearáin ina thaobh atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) ag an Teachta Paul Murphy toisc gur iompar Teachta Dála seachas aire a bheidh á fhiosrú.

Gan dabht, mar a dúirt Leo Varadkar Déardaoin, tá “praghas mór polaitiúil” á íoc ag Damien English mar gheall ar a ndearna sé ach ní mór an moladh ná trua a thuilleann polaiteoir:

(a) nár inis an fhírinne agus faisnéis á cur faoi bhráid údaráis phoiblí aige

(b) nár admhaigh ar feadh dhá bhliain déag go raibh an fhaisnéis lochtach agus

(c) nár ghabh leithscéal go dtí gur nocht iriseoirí an fhírinne.

Tá sé róluath a rá go deimhin go mbeidh “praghas mór polaitiúil” íoctha ag Damien English faoin am a fhágfaidh sé an Dáil. Níor thóg sé ach dhá bhliain ar Dhara Calleary post mar aire stáit a fháil arís anuraidh – dhá bhliain tar éis an dinnéir ghailf a thug air éirí as oifig in 2020. Is ar éigean a thabharfar ardú céime do Damien English arís roimh an olltoghchán ach ina dhiaidh sin, cá bhfios?

Roimhe seo d’éirigh níos mó airí as oifig sa Bhreatain ná abhus tar éis dóibh rud náireach nó amaideach a dhéanamh. Is léir áfach an deis a thugann éirí as gan mhoill don iar-aire post eile a fháil tar éis tamaill. Níl Damien English ach 44.

Dáiríre is doimhne agus is tromchúisí an dochar a dhéanfaidh Troy agus English do mhuinín an phobail as an gcóras polaitiúil. Léiríonn pobalbhreitheanna nach mór ár muinín as polaiteoirí i gcoitinne agus gurb é a chaoi go nglacann ár bhformhór leis nár chóir iad a thrust.

Is tábhachtaí ná soiniciúlacht an mhóraimh áfach tionchar chásanna Troy agus English ar thuairimí an mhionlaigh nach bhfuil muinín ná meas ar bith acu ar an gcóras polaitiúil. Ní deacair an leas a bhainfidh na hantoiscigh a eagraíonn slógaí bagracha taobh amuigh d’fhoirgnimh ina dtugtar dídean d’iarrthóirí tearmainn as an bhfírinne.

Mar a léiríonn sár-iniúchadh a rinne The Journal ar ráflaí a scaipeadh i nDroimeanach i mBaile Átha Cliath le gairid, ní leasc leis na hantoiscigh bréaga a úsáid chun fearg agus fuath a chothú.

Ní i nDáil Éireann ná i dtoghchán a chaithfear aghaidh a thabhairt ar dhreamanna mar seo ach le dlúthchumarsáid leanúnach áitiúil leis an bpobal. Ní haon chabhair, agus géarchéim tithíochta sa tír, scéal eile faoi pholaiteoir a raibh níos mó ná teach amháin aige agus nár inis an fhírinne. Tá an scéal is deireanaí dona go leor fiú sula mbaintear casadh mailíseach as.

Bíonn amhras an mhóraimh iomarcach agus míréasúnta scaití. Níor neartaigh na polaiteoirí a gcás áfach agus neamhaird á déanamh acu den neartú ar an dlí atá á mholadh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí le fada.

Tá achoimre ar an atheagrú a theastaíonn sa tuarascáil bhliantúil a d’eisigh an Coimisiún anuraidh, ina measc cead a bheith ag an gCoimisiún dul i mbun fiosruithe ar a gconlán féin in ionad a bheith ag fanacht ar ghearáin ó dhaoine eile.

Ainneoin leasú dá leithéid ar an dlí a bheith iarrtha go rialta ag an gCoimisiún ó 2004 anall, níor cuireadh i bhfeidhm é fós.

Tá leasuithe agus breis acmhainní don Choimisiún geallta ag an Aire Airgeadais Michael McGrath a dúirt Dé hAoine gur lú muinín an phobail as polaiteoirí de dheasca éirí as oifig English.

Dúirt an tAire go mbeadh reachtaíocht á foilsiú aige i mbliana. Más mall is mithid.

Fág freagra ar 'D’éirigh Damien English as gan mhoill ach ní mhaolóidh sin an t-amhras a spreag sé'