Moill ar dhiagnóis ailse i gcás 11 othar, agus ceathrar acu básaithe ó shin

Rinneadh athbhreithniú ar 46,000 scanadh raideolaíochta in Ospideál na hOllscoile Chiarraí

Moill ar dhiagnóis ailse i gcás 11 othar, agus ceathrar acu básaithe ó shin

Bhí moill ar dhiagnóis ailse i gcás 11 othar in ospidéal Chiarraí, agus tá ceathrar acu sin tar éis bháis ó aithníodh an mhoill ar a ndiagnóis.

De réir tuarascáil faoi athbhreithniú a rinneadh ar 46,000 scanadh raideolaíochta in Ospideál na hOllscoile Chiarraí fuarthas go raibh triúr othar a raibh ailse nár aithníodh orthu nuair a rinneadh an scanadh.

Mhair an t-athbhreithniú 15 mí agus ba é an t-athbhreithniú is mó a rinneadh ar X-ghathanna agus tástálacha eile in Éirinn.

Fuarthas san athbhreithniú go raibh líon “suntasach” cásanna ann inarbh éigean cinneadh leighis a dhéanamh faoinar cheart othair a ghlaoch ar ais i gcomhair tuilleadh tástálacha mar gheall ar laigí agus bearnaí san eolas a bhain leis na chéad tástálacha.

Fág freagra ar 'Moill ar dhiagnóis ailse i gcás 11 othar, agus ceathrar acu básaithe ó shin'