Moch maidin Domhnaigh an t-am is fearr le crann a chur faoi rún in áit phoiblí

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Treallchogadh is ea an cogadh ar son na timpeallachta, agus is é an t-ionsaí an chosaint is fearr

Moch maidin Domhnaigh an t-am is fearr le crann a chur faoi rún in áit phoiblí

Ní cuimhin leis an Saoithín Aeráide go díreach cén uair a chuala sé trácht den chéad uair ar an leagan cainte ‘fíricí ar an talamh’. An raibh Cogadh na Murascaille faoi lán seoil? An raibh an ceann san Iar-Iúgslaiv ar tí briseadh amach? Tús na 1990idí a bhí ann ar chaoi ar bith, mar bhí cónaí ar an Saoithín Aeráide fós i dteach a mhuintire san Ísiltír.

Bhí stráice talún ar chúl an tí sin, garraí 200 méadar cearnach ar a mhéid, ar le comharsa béal dorais é.

Bhíodh bláthanna á bhfás ag an gcomharsa sin ann le díol ach ar chúis amháin nó eile chaill sé suim sa chaitheamh aimsire sin agus thug sé cuireadh do mhuintir an tSaoithín Aeráide úsáid a bhaint as an ngarraí chun glasraí a fhás ann, rud a rinne muintir an tSaoithín go fonnmhar.

Bhí (agus tá) feirm mhór mhillteach bláthanna ag comharsa eile ar chúl an stráice chéanna, agus bhí dhá theach gloine ollmhóra ansin arbh fhéidir iad a bhogadh ar ráillí. Dá gceannódh úinéir na feirme bláthanna an stráice talún ó chomharsa béal dorais mhuintir an tSaoithín Aeráide (nach raibh na hacmhainní acu chun an stráice talún a cheannacht iad féin), níor ghá ach fad deich méadar a chur leis na ráillí agus d’fhéadfaí na tithe gloine sin a rolláil nach mór chomh fada le teach mhuintir an tSaoithín Aeráide.

Agus caint chogaidh le cloisteáil ar an teilifís chuile oíche, thuig an Saoithín Aeráide agus a dheartháir óg gur ‘crios maolánach’ a bhí sa stráice talún idir a dteach féin agus na tithe gloine ollmhóra agus nár mhór dóibh teacht i dtír ar stádas éiginnte stráice talún an chomharsa béal dorais agus ‘fíricí ar an talamh’ a chruthú.

Lá breá éigin phlandáil an bheirt acu crann ginceo i lár an stráice talún, crann atá ar liosta na speiceas faoi chosaint san Ísiltír.

Thóg sé nach mór tríocha bliain ar an tuar a theacht faoin tairngreacht, ach arú anuraidh dhíol an comharsa béal dorais an stráice talún le mac úinéir na dtithe gloine.

Tá an crann ginceo fós ina sheasamh i lár an stráice. Ní féidir é a ghearradh. Ní tithe gloine atá ar chúl theach mhuintir an tSaoithín Aeráide anois ach capaill, a bhíonn ag innilt timpeall ar an nginceo.

Chuimhnigh an Saoithín Aeráide ar sheift an ghinceo ag tús na bliana seo, nuair a bhí an lámh in uachtar á fáil air ag ísle brí faoi chúrsaí aeráide agus easpa gnímh na bpolaiteoirí maidir leis an ngéarchéim.

Tharla go raibh síolta seacthorthaí agus abhacád ina luí thart san árasán agus shocraigh sé iad a phlandáil i seanphotaí iógairt. Roimh i bhfad, bhí plandlann bheag aige sa seomra suí. Nuair a bhí na buinneáin mór a ndóthain, bhí sé in am áit a lorg dóibh taobh amuigh.

An Domhnach go moch ar maidin an t-am is fearr chun crainn a chur faoi rún in áit phoiblí. Ní fheicfidh éinne thú.

Leathbhliain níos déanaí, tá na crainn seacthorthaí agus abhacád óga ag fás leo. I gceann bliana nó dhó beidh siad chomh mór sin nach mbeidh an chomhairle chathrach in ann iad a ghearradh gan raic a bheith á tógáil faoi, agus faoin am sin beidh na scórtha crann eile curtha ag an Saoithín Aeráide.

Treallchogadh is ea é seo, agus is é an t-ionsaí an chosaint is fearr.

Fág freagra ar 'Moch maidin Domhnaigh an t-am is fearr le crann a chur faoi rún in áit phoiblí'