Mo sheacht mh’anam thú a shliotair!

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Tá an Saighdiúir ar thóir a ‘Anamshliotar’ an tseachtain seo agus é uaigneach i ndiaidh Usain

Mo sheacht mh’anam thú a shliotair!

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Anamshliotar

Sliotar romham; sliotar i mo dhiaidh. Sliotar ar deis; sliotar ar clé. Sliotar ar neamh agus sliotar ar talamh. Sliotar ag luascadh idir camáin. Sliotar a cheaptar; sliotar a éalaíonn. Sliotar siar agus sliotar aniar. Sliotar soir agus sliotar anoir. Sliotar faoi strus agus sliotar ar an bhus. Sliotar nach ngéilleann agus sliotar nach ngeallann. Cúilín de shliotar, cúl de shliotar agus círéib de shliotar. Sliotar cruinn agus sliotar cam. Sliotar gan sárú agus sliotar gan náire. Sliotar díreach agus sliotar meidhreach. Sliotar sna sála agus sliotar sa spéir. Sliotar a fheictear agus sliotar nach bhfeictear. Sliotar a eitlíonn agus sliotar a thiteann. Sliotar a lúbann ach nach mbriseann. Sliotar a dhiúltaíonn don domhantarraingt. Bosa. Lámha. Clogaid. Dathanna. Sliotar sí ina measc. Buail an sliotar. Ceansaigh an sliotar. Póg an sliotar. Pós an sliotar. Sliotar idir shúgradh agus dáiríre. An sliotar dá thógáil. An Bhliain 2017. Sliotar sa tséipéal; sliotar ar scoil. Sliotar sa chófra, sa charr, sa gharraí. Sliotar ag canadh agus sliotar ag caoineadh. Sliotar san amhrán agus sliotar san eascaine. Sliotar ar strae. Sliotar sna sléibhte. Sliotar ar snámh. Mo shliotar mear. Mo shliotar mire. Sliotar peacach agus sliotar péagócach. Sliotar leis an Spiorad Naomh agus sliotar tigh an diabhail. Sliotar nach ndéanann nós agus sliotar nach mbriseann nós. An sliotar nach féidir, ní féidir é. Sliotar mo chéad éachta. Anamshliotar.

Arú, Usain

Arú, Usain, ba bhocht an chríoch a bhí air! Gortú a bhain dó oíche Shathairn i gCraobh an Domhain agus bonn ná bonn níor aimsigh sé le deireadh mar ba chóir a chur le reathaí mór an tsaoil. Mór an donas agus sin agat spórt cruálach. Tugann gach aon rud a sheal – agus an rábálaí is clúití ar domhan ina measc. Mór an trua nach raibh Bolt in ann bonn eile a bhaint ach tá súil agam go bhfuair sé cúiteamh – moll mór sceallóg agus iasc agus pionta nó dhó, b’fhéidir?!

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Hibs abú!

Ná buair do cheann le Ceilitgh Ghlaschú an tseachtain seo. Is ag an fhoireann eile Éireannach in Albain – Hibernian – a bhí an lá. Bhuaigh foireann Neil Lennon – iarbhainisteoir agus iarpheileadóir de chuid na gCeilteach – bhuaigh siad in éadan Rangers in Ibrox i bPríomhroinn na hAlban. Fadó, fadó, ní tharlódh sé sin ná baol air. Mór an moladh é do Lennon go bhfuil sé i ndiaidh an oiread sin misnigh a chur ina chuid imreoirí le go dtabharfadh siad dúshlán Rangers. An dúshlán atá roimhe féin anois an t-éacht a dhéanamh arís agus arís agus arís eile. Tá an bua ann; tá an bua as; tá sé in am don chéad bhua eile.

Sámhaí go smior mé

Sámhaí a thugann www.tearma.ie ar ‘couch potato’. (Cinnte, bhí díomá orm féin nach “tolgphráta” a bhí ann!) Cibé, sámhaí go smior mé féin chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí lúthchleasaíochta  de. Amharcfaidh mé uirthi a fhad agus atá sí ar an teilifís agus an spórt in ann leithscéal a thabhairt dom gan an léirmheas leabhair sin a scríobh don Eagarthóir. (M’anam le Dia, a Eag, bhéarfaidh mé faoi anois ó tá Craobh an Domhain thart.)

Ach cad é a dhéanfaidh muid feasta gan Bolt? Eisean is mó a mheall sámhaithe an tsaoil chun an teilifíseáin. Diomaite den rábálaí Dafne Shippers de chuid na hÍsiltíre agus an cliathreathaí Sally Pearson de chuid na hAstráile, an bhfuil mórán eile lúthchleasaithe ann a bhfuil aithne ag an tsaol mhór sámhaithe orthu? Bhí an-aird ag lucht na Breataine ar a laoch féin, Mo Farah, ach, oiread chéanna le Bolt, tá a ré thart.

Cé atá anois ann leis an tsámhaí dhomhanda a mhealladh chun toilg?

Fág freagra ar 'Mo sheacht mh’anam thú a shliotair!'

  • traolach

    Hup a chara!