Mo náire thú mura bhfuil ar a laghad leabhar amháin de chuid Gabriel ilghuthach Rosenstock agat

Sa mhír seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Mo náire thú mura bhfuil ar a laghad leabhar amháin de chuid Gabriel ilghuthach Rosenstock agat

Má cheannaigh tú leabhar Gaeilge riamh, caithfidh go bhfuil leabhar éigin agat de chuid Gabriel Rosenstock.

Mura bhfuil, mo náire thú, ach ní bheinn ag súil go mbeadh gach ceann den 200 éigin óna pheann ag duine ar bith, go fiú aige féin.

Mar sin is glámáil san doircheacht féachaint cén ceann, nó cad iad na cinn, nó cad iad na dosaein a mholfadh aon duine ar leith. Is trua, ar shlí, go bhfuil gach eile dá bhfuil déanta aige tar éis a chuid filíochta bunaidh a chur i leataobh, ach sin agat contúirt an scríbhneora ilghuthaigh.

Thar aon duine eile, ba é a thug an haiku isteach sa Ghaeilge. Nuair a bhí scríbhneoirí eile ag déanamh suas agus ag líorac aithrise ar Fhrancaigh agus ar Phoncánaigh san iarthar, chuaigh Gabriel soir chun na hIndia, na Seapáine agus na saoithe eile nár airíomar mórán fúthu ar an taobh seo den domhan.

Lámhleabhar ar an ealaín filíochta sin is ea Haiku más é do thoil é (An Gúm), ach toisc nach de réir ghoile cháich é béile haikúnna b’fhéidir gurbh fhearr triall ar Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (CIC €15), uisce nach bhfuil le moladh don duine, déarfá.

Leabhar taistil go hoifigiúil atá ann, ach leabhar machnaimh agus cultúir agus plé chomh maith céanna.

Is é atá ann turas a thug sé féin agus a bhean, Eithne, chun na hIndia, na Seapáine, na hAstráile agus Meiriceá Theas (Dubai chomh maith más spéis leat) agus ar theagmhaigh daoine leo agus ar na smaointe a músclaíodh ina n-aigne.

Ní éalóidh tú ón haiku, áfach, mar tá breactha tríd an leabhar mar mhaise agus mar iomlánú ar an bprós. Seachas tráchtaireacht fhileata Ghabriel, bainfear taitneamh éasca as a bhfuil de scéilíní béaloidis is miotaseolaíochta ríofa tríd an saothar, fara blúiríocha eolais a thiocfadh áiseach duit ag tráth na gceist, agus is cinnte gur eolas é nach mbeadh ag an dara duine.

Cé mhéid déithe atá in Mumbai? Níl a fhios agat?  39,000,000. Leigheas ar bhromaireacht? Ól bainne an chamaill.

Go leor faoin scríbhneoireacht Indiach, leis, ní nach ionadh. Agus faoin mbia, faoin gceol, faoi nósanna na muintire. Ina dhiaidh sin an difríocht mhór idir ord rialta béasach na Seapáine agus tranglam buile na hIndia, tamall san Astráil agus greann na tíre sin mar anlann tríd, agus tamall eile i dtíortha éagsúla Mheiriceá Theas.

Treoraí gaoismhear é Rosenstock, agus má tá gaois de shaghas eile uait, buail fút le Nasrúidín (Coiscéim €7.50), leabhar a dtriallaim chuige nuair a bhíonn comhairle uaim.

Ní bheadh a fhios agat an saoi nó gealt nó amadán an duine a insíonn na scéalta seo, ar scéalta teagaisc nó eachtraí chun an intinn a bhíogadh iad agus atá fada fairsing le fáil ar fud na háite a dtugaimid an meánoirthear uirthi. 

Bainfidh siad gáire asat, ach bearr d’ingne i dtosach mar beidh do chloigeann á thochas agat formhór an ama le teann machnaimh.

Fág freagra ar 'Mo náire thú mura bhfuil ar a laghad leabhar amháin de chuid Gabriel ilghuthach Rosenstock agat'