Mo chuimhní ar an am a ndúirt imreoirí iomána Chorcaí nach raibh siad sásta glacadh le cúrsaí mar a bhí a thuilleadh

Nuair a chuaigh mé isteach mar chuid d’fhoireann bhainistíochta Chorcaí ag deireadh na nóchaidí, bhí rudaí, a bheag nó a mhór, mar a bhí siad i lár na n-ochtóidí

Mo chuimhní ar an am a ndúirt imreoirí iomána Chorcaí nach raibh siad sásta glacadh le cúrsaí mar a bhí a thuilleadh

John Allen. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

An tseachtain seo caite scríobh mé píosa faoin ullmhúchán a bhí ag baint le foirne idirchontae sna seachtóidí agus na hochtóidí. Sna blianta sin, agus roimhe sin dar ndóigh, ní dhéanadh na himreoirí leath an oiread traenála agus a dhéanann imreoirí an lae inniu. Mar aon leis sin, ní raibh an tacaíocht chéanna ag na foirne ó bhord an chontae agus fíorbheagán fearais a d’fhaighidís.

Nuair a chuaigh mise isteach mar chuid den fhoireann bhainistíochta a bhí ag foireann shinsir iomána Chorcaí ag deireadh na nóchaidí, bhí rudaí, a bheag nó a mhór, mar a bhí siad i lár na n-ochtóidí. Go ginearálta, chaití go dona leis na himreoirí idirchontae ar fud na tíre ach tá an tírdhreach athraithe go mór ó shin.

I 1998, bhí ráflaí ann go raibh cumann á eagrú ag dornán imreoirí, cumann a sheasfadh ar son chearta na n-imreoirí idirchontae. Bhí sé thar a bheith deacair a leithéid a eagrú, áfach, mar go mbeadh ar imreoirí an fód a sheasamh i gcoinne bhoird na gcontaetha.

Go bunúsach, bhí meon ann ag an am gur cheart do na himreoirí díriú ar an imirt amháin agus gur cheart an roghnú agus an bainistiú a fhágáil ag an mbord. Agus más rud é go ndearna imreoir nó dhó iarracht cúinsí níos fearr a lorg, bhuel, bhí sé éasca ag bord an chontae fáil réidh leo.

Ní raibh aon chonradh i gceist. Dá mba rud é gur cheap na roghnóirí go raibh imreoir maith a dhóthain d’fhoireann an chontae, thug siad cuireadh dó teacht isteach. Ach b’fhiú dó cloí le rialacha an bhoird, d’fhéadfaidís fáil réidh leis am ar bith. 

Cé nach raibh mórán cearta ag imreoirí, ní raibh siad ag iarraidh aighneas a thosú, olc a chur ar lucht an bhoird agus a n-áit ar an bhfoireann a chur i mbaol. Is onóir ollmhór a bhí ann, agus is ea fós, a bheith ag imirt le foireann shinsir an chontae.

Sin an eagla mhór a bhí ar na himreoirí a bhí ag teacht le chéile go rúnda ach chruinnigh siad mar sin féin. Gríosóirí a bhí iontu agus níor tháinig stop leis na ráflaí agus an chaint go raibh níos mó imreoirí ag freastal ar na cruinnithe rúnda seo.

In 1999, fuaireamar i gCorcaigh léiriú ar an athrú meoin agus an misneach a bhí ag na himreoirí.

Ag an am, rinneadh cuid mhaith den traenáil réamhshéasúir sa tollán i bPáirc Uí Chaoimh. Obair dhian a bhí inti agus na himreoirí ag rith timpeall an tolláin gan stad.

Agus iad ag rith ar an tarmac crua, bhí na himreoirí ag gearán go raibh pianta orthu, ina gcosa go háirithe. D’iarradar ar bhord an chontae bróga reatha a thabhairt dóibh mar go rabhadar sa tollán chomh minic sin go raibh praiseach déanta dá mbróga féinig.

Foireann óg a bhí ann ag an am agus cé nach raibh mórán gradam buaite acu leis na sinsir, bhí craobh mhionúir agus dhá chraobh faoi 21 buaite ag cuid mhaith acu. Bhíodar thar a bheith aontaithe agus misniúil.

Níor tháinig na bróga agus ní rabhadar sásta. Ansin bhí buataisí á n-iarraidh acu sular thosnaigh an craobhchomórtais. Bhí siad mall ag teacht, ach tháinig siad.

Bhí bliain thar a bheith rathúil acu an bhliain chéanna, bliain inar bhuaigh an fhoireann óg craobhacha na Mumhan agus na hÉireann. Chuir sé sin go mór leis an misneach agus an cur le chéile.

Bhí ceannairí láidre ina measc agus iad eagraithe. Bhí gearáin fós acu, áfach. Rudaí a bhí ag cur as d’fhormhór na n-imreoirí idirchontae ar fud na tíre cuid mhaith díobh – easpa ticéad, easpa fearas, easpa tacaíochta agus easpa measa.

Bhí comharthaí ann nach raibh imreoirí iomána Chorcaí sásta glacadh leis sin a thuilleadh.

Beidh an chéad chaibidil eile sa scéal seo agam Dé Sathairn seo chugainn.

Fág freagra ar 'Mo chuimhní ar an am a ndúirt imreoirí iomána Chorcaí nach raibh siad sásta glacadh le cúrsaí mar a bhí a thuilleadh'

  • Eilís Ui Bhriain

    Táim at súil led’ thuairisc an tseachtain seo chugainn Seán,ana thabhachtach é a phlé