Ba mhinic mná na hÉireann chun cinn in imeachtaí spóirt 2018

Más iad imreoirí rugbaí na bhfear ba rathúla a bhí, mo ghraidhin iad foireann haca na mban mar gur bheag nár sháraigh siadsan a ngaiscí siúd

Ba mhinic mná na hÉireann chun cinn in imeachtaí spóirt 2018

Sinéad Aherne, Anna O'Flanagan, Chloe Watkins agus Kellie Harrington. Pictiúir: INPHO

Fágann an fuilibiliú a lean bua fhoireann rugbaí na hÉireann ar an Nua-Shéalainn an mhí seo caite go mba thiar i gcúl m’intinne a bhí sé go mba iad freisin ba thúisce a chaith urchar ar son na hÉireann sa mbliain atá ag sleamhnú uainn.

Le teacht an earraigh ní hamháin go raibh Craobh na Sé Náisiún ardaithe leo acu ach bhuaigh siad na cúig chluiche a d’imir siad. Is beag lasmuigh de Chúige Uladh a raibh mórán eolais acu ar an ógánach 21 bliain Jacob Stockdale sular scóráil sé dhá úd in aghaidh na hIodáile (56-19). Fuair sé péire eile sna cluichí in aghaidh na Breataine Bige (37-27) agus na hAlban (28-8) agus ceann sa sneachta in aghaidh Shasana (15-24) in Twickenham Lá Fhéile Pádraig, rud a d’fhág gurbh é príomhaimsitheoir úd an chomórtais.

Ba dheacair sin a shárú, mheasfá, ach rinne Stockdale éacht ag tús an dara leath in aghaidh na Nua-Shéalainne a mhairfidh níos faide sa gcuimhne – smiot beag de chic san aer thar chloigne na gcosantóirí, gur ghabh sé arís í agus thrasnaigh an líne.

Agus é féin ullamh chun bóthar a bhualadh, ní bhfuair cóitseálaí na hÉireann, Joe Schmidt, féirín níos fearr an Nollaig seo.

Agus a chloigeann faoi aige atá an ceannasaí a bhí ar fhoireann sacair na hÉireann Martin O’Neill ag bualadh bóthair – oiread agus an t-aon chluiche comórtais amháin níor bhuaigh na peileadóirí a bhí faoina cheannas in 2018 – chinn orthu scóráil sna ceithre chluiche ba dheireanaí a bhí acu agus ba é an bua ar na Stáit Aontaithe i gcluiche dúshláin a imríodh sa samhradh an t-aon cheann as na 10 gcinn dheireanacha a bhuaigh siad.

Más iad imreoirí rugbaí na bhfear ba rathúla a bhí, mo ghraidhin iad foireann haca na mban mar gur bheag nár sháraigh siadsan a ngaiscí siúd.

Nuair a thosaigh Craobh Dhomhanda Haca na mBan in aice Riasca Hackney i ndeireadh mhí Iúil ba í an pheil agus an iománaíocht a bhí i mbarr réime. Ar an Domhnach an 5 Lúnasa bhí Gaillimh agus na Cláirínigh go fíochmhar i mbun comhraic ar athimirt Chluiche Leathcheannais na hÉireann i nDurlas, ach, agus an cluiche sin buaite ag Gaillimh de chúilín amháin, ba iomaí duine as an 44,246 lucht féachana a chuaigh ar thóir teilifíseáin go bhfeicfeadh siad cluiche ceannais an haca – mná na hÉireann i bhfoisceacht cluiche amháin de na boinn óir i dTuaisceart Londan.

Agus na réamhbhabhtaí imeartha ba iad a bhí ar bharr Ghrúpa B agus tar éis dóibh féin agus don India críochnú gan aon scór i mbabhta ceathrú ceannais, bhuaigh siad ar an India de bharr buillí éirice, a bhuíochas cuid mhaith de shábháiltí an bháireora Ayeisha McFerran agus cúl cinniúnach Chloe Watkins sa chluiche ceathrú ceannais.

Buillí éirice arís sa gcluiche leathcheannais in aghaidh na Spáinne a chríochnaigh ar chúl an taobh – cúpla ceann sábháilte arís ag an mbáireoir agus Gillian Pender an uair seo ag aimsiú an chinn dheireanaigh.

Ainneoin gur sa séú háit déag a bhíodar san ord fiúntais domhanda roimh an gcomórtas, bhí Éire sa gcluiche ceannais, ach ansiúd dhearbhaigh an Ísiltír gurbh iad féin ab fhearr agus bhuaigh siad 1-0.

Go deimhin ba iad mná na hÉireann trí chéile ba mhinice chun cinn in imeachtaí spóirt 2018.

San Aibreán chuir Katie Taylor Craobh Éadrom-mheáchain an IBF leis an gceann WBA a bhí aici cheana agus d’fhág buanna ar Kimberly Connor as na Stáit Aontaithe, Cindy Cerrano as Pórtó Ríce agus Eva Wahlstrom as an bhFionlainn na craobhacha sin ina seilbh.

Thug an rámhaí Sanita Pušpure Craobh Rásaíochta an Domhain abhaile léi as Plovdiv agus cúpla seachtain ó shin bhuaigh Kellie Anne Harrington bonn óir ag Craobhacha Dornálaíochta an Domhain i New Delhi, mar a rinne Lara Gillespie as Cill Mhantáin ag Craobhacha Rothaíochta Sóisearacha an Domhain ar an traic. Faoi láthair tá an chuma ar Rachael Blackmore go bhféadfadh sí a bheith ar an mbean is túisce a bhuafaidh craobh na léim-mharcach gairmiúil.

Cúpla seachtain ó shin bhuaigh Kellie Anne Harrington bonn óir ag Craobhacha Dornálaíochta an Domhain in New Delhi agus faoi láthair tá Rachel Blackmore ag déanamh iarracht láidir a bheith ar an mbean ba thúisce a bhuafadh craobh na léim-mharcach gairmiúil.

Cuir leis sin go raibh os cionn 50,000 duine i láthair ag Cluiche Ceannais Peile TG4 na mBan inar bhuaigh Áth Cliath ar Chorcaigh (3-11 in aghaidh 1-12) tuairim a dhá oiread daoine agus a bhí i láthair ag cluiche ceannais 2014, agus feicfidh tú an dul chun cinn atá déanta ag an gcluiche sin.

Mar a bhíothas ag súil leis ba iad Áth Cliath freisin a bhuaigh Corn Sam Mhig Uidhir – ceithre cinn as a chéile anois acu. Tá siad chomh fada sin chun cinn ar na foirne eile go bhfuil an baol ann nach dtugann muid an t-ómós atá tuillte acu don fhoireann seo – is mó go mór mar ábhar comhrá anois roinnt na creiche atá sa sparán agus le lot na himeartha ag an bpasáil láimhe. Is trua sin. Tá an t-ádh dearg orainn foireann chomh hábalta leis na Dubs a bheith ag imirt lenár linn, mar a bhí le hiománaithe Chill Chainnigh faoi cheannas Cody.

Tá siad ann a deir go raibh Craobh Shinsir Iomána na hÉireann 2018 ar an gceann ab fhearr a bhí riamh ann – ní easaontóinn leo.

Níorbh é mo chontae dúchais a bheith cliste in aghaidh Luimnigh sa gcluiche ceannais (3-16 in aghaidh 2-18) an t-aon mhúisiam a bhí orm nuair a dhúisigh mé ar an Luan an 20 Lúnasa – mar aon leo siúd ar suim leo imirt na fuinseoige bhí bóithre na hÉireann treafa agam le cúpla mí roimhe sin, ag filleadh abhaile Domhnach i ndiaidh Domhnaigh as Luimneach, Durlas, Páirc an Chrócaigh, Inis agus an Tulach Mhór agus chuile choimhlint a bhí feicthe agam ag baint an bhairr den cheann a chuaigh roimpi.

Baineadh siar asam nuair a thuig mé go raibh deireadh an bhóthair sroichte.

I séasúr inar sroicheadh barr feabhais i mórán chuile cheann de na coimhlintí móra, ba iad Luimneach a thug Corn Mhic Cárthaigh leo, mar go mba iadsan ab fhearr a d’imir nuair a tháinig lá na cinniúna, bua a bhí tuillte go maith ag foireann nach raibh ina leithéid riamh cheana.

Is iomaí sin éacht eile a thit amach in 2018 ba cheart a lua, bonn cré-umha an Déisigh Thomas Barr as Gort an Chalaidh ag Craobhacha Lúthchleasaíochta na hEorpa i mBeirlín ar cheann acu.

Is iomaí sin éacht eile a rinneadh in 2018 ba cheart a lua, boinn óir na ndeartháireacha Gary agus Paul O’Donavan sa gcéasla ag craobhacha domhanda Podliv, an dá bhonn óir a thug Jason Smyth abhaile leis agus an ceann a bhuaigh Rhys McClenaghan ar an gcapall corr ag Craobhacha Gleacaíochta na hEorpa i nGlaschú. San áireamh freisin tá bonn cré-umha an Déisigh, Thomas Barr as Gort an Chalaidh ag Craobhacha Lúthchleasaíochta na hEorpa i mBeirlín.

An rud ba mhó a ghoill orm sa mbliain 2018 gur socraíodh in RTÉ Raidió na Gaeltachta deireadh a chur leis an gclár torthaí agus tuairiscí Spórt an Domhnaigh. Ní hé go raibh baint agam féin leis an gclár ar feadh os cionn 30 bliain a ghoill beag ná mór orm, ach creidim go láidir gurb é sin an cineál craoladh a bhí i gceist le bunú an stáisiúin an chéad lá riamh.

Ar an gcúis ba mhó a luadh leis an socrú, bhí an fonn a bhí ann clár díospóireachta a chraoladh ar an Domhnach. Ní dhéanann sin, i mo thuairimse, ach an tarcaisne a chur i mullach na héagóra.

Tá cláracha díospóireachta chomh fairsing le sprémhóin ar an iliomad stáisiún raidió maidineacha Sathairn agus Domhnaigh. Ní raibh ann ach an t-aon cheann amháin, i gceachtar teanga, ina raibh fáil ag pobal na Gaeltachta ar na himeachtaí a tharla ina gceantar féin.

Tá sin anois imithe le haer an tsaoil agus is mór is trua sin.

Fág freagra ar 'Ba mhinic mná na hÉireann chun cinn in imeachtaí spóirt 2018'