Baineadh croitheadh as daoine sa bhaile agus i gcéin. Scéal mór, scanrúil ab ea é go mb’éigean oibrithe a bhí ag feidhmiú Phrótacal an iarBhreatimeachta a aistarraingt ón obair ar mhaithe lena sábháilteacht. Bhí tionchar ag an gcinneadh go forleathan, ar na hoibrithe féin agus ar a muintir go príomha ach ar an pholaitíocht logánta agus idirnáisiúnta freisin.
Threisigh sé ar ghuagacht faoi theorainn a bheith i Muir Éireann, ghéaraigh sé ar an teannas agus chothaigh sé faitíos i measc an phobail faoi bhaol foréigin. Chuir sé stop go ceann seachtaine le feidhmiú na socruithe custaim a bhaineann le Tuaisceart Éireann a bheith i margadh aonair an Aontais Eorpaigh chomh maith le margadh na Ríochta Aontaithe.
Thairis sin, de sheans, ní foláir, chuidigh sé leis an DUP ar dhá bhealach. Dá bharr, d’éirigh leo aird rialtas na Breataine a tharraingt ar a bhfreasúra don Phrótacal agus bhí siad in ann aird na n-aontachtach eile a dhíriú ar chealú an Phrótacail seachas a bheith ag cur milleán orthusan faoi Thuaisceart Éireann a dheighilt ón mBreatain Mhór lena bpolasaithe ciotacha faoin mBreatimeacht.
Mistéir ab ea an foláireamh slándála áfach. Cén bhagairt ba bhun leis? Chinn na póilíní nach raibh fianaise ar bith ar fáil go raibh éinne ag bagairt ionsaithe ar na hoibrithe custaim. Dhearbhaigh an PSNI go poiblí nár thug siadsan comhairle in am ar bith go raibh na hoibrithe i gcontúirt.
Cén fáth ar deineadh neamhshuim de mheasúnú na bpóilíní? Cé a chinn go raibh oibrithe i mbaol a n-ionsaithe? Cén bunús a bhí leis an gcinneadh? Ar chuir duine éigin an iomarca tábhachta le graifítí ar bhallaí ag diúltú do theorainn i Muir Éireann? Ar glacadh le ráflaí go raibh eolas á bhailiú faoi ghluaisteáin na n-oibrithe gan aon chruthúnas? An raibh eolas ag feidhmeannach éigin nach raibh ag na póilíní? Ar glacadh le scéal i mbarr bata?
Tá na ceisteanna sin agus go leor eile á gcur in Stormont agus i gComhairle Aontroma Láir agus Thoir. Ba í an Chomhairle sin agus ina diaidh, Aire Talmhaíochta Stormont, Edwin Poots a rinne na cinntí go n-aistarraingeofaí oibrithe ó na calafoirt Lá’l Bríde. I bhfianaise na contúirte a creideadh a bheith ann bogadh amach oibrithe an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh sin.
Tá comhairleoirí Aontroma ag éileamh míniú óna bPríomhoifigeach faoi eolas a tugadh dóibh a thug orthu glacadh d’aon ghuth leis an gcinneadh go n-aistarraingeodh siad a bhfoireann mar go raibh siad i gcontúirt ón UDA. Ní raibh freagraí faighte acu nuair a bhí an t-alt seo á scríobh.
Chinn Coiste Talmhaíochta Stormont ar an Déardaoin go mbunófaí fiosrú chun a fháil amach cad faoi ndear cinneadh Edwin Poots a thug treoir d’fheidhmeannaigh na hoibrithe sna calafoirt a aistarraingt. Tá an tAire ar saoire bhreoiteachta agus ionadaí ina áit go mbeidh biseach air ach ba cheart go mbeadh an t-eolas riachtanach ar an taifead oifigiúil.
D’inis feidhmeannach don gcoiste gur dhúirt an tAire Poots nár thuig an PSNI cé chomh tromchúiseach is a bhí an bhagairt d’oibrithe. Dúradh freisin gur labhair feidhmeannach ó chomhairle áitiúil leis an Aire Poots. Táthar ag fiafraí anois cén feidhmeannach nó duine ó Chomhairle Aontroma agus cén t-eolas a cuireadh ar a shúile don Aire?
Tá ionsaithe nó imeaglú ar oibrithe do-ghlactha agus caithfear tosaíocht a thabhairt dá sábháilteacht thar aon ní eile. Tá dualgas ar fhostóirí áfach scaoll gan chúis a sheachaint. Chuir Sinn Féin in Stormont i leith an DUP go ndearna siad áibhéil faoi bhlúirí graifítí agus gur bhain siad mí-úsáid astu mar theaictic pholaitiúil ar mhaithe le gnóthaí a bpáirtí. Dúirt an DUP gur náireach an líomhain í.
Cibé, níor mhór na fíricí a bheachtú gan mhoill.
Ba cheart go mbeadh an t-eolas bunúsach ar an taifead oifigiúil in Stormont agus fiú sa Chomhairle áitiúil.
Tá dóthain míshuaimhnis á chothú ag feachtais faoin bPrótacal gan ligint don seans gur úsáideadh bagairt slándála ar mhaithe le haidhmeanna polaitiúla níos mó nimhe a chur sa chorcán.
Fág freagra ar 'Mistéir – cén t-údar a bhí le haistarraingt oibrithe i Latharna agus Béal Feirste?'