Misneach, mórtas agus muinín as an nGaeilge an féirín a bronnadh orm ag Páirc an Mháimín

Fág faoi oileánaigh Chonamara é a dhiúltaigh don éadóchas agus a d’fhógair don saol mór go mairid beo

Misneach, mórtas agus muinín as an nGaeilge an féirín a bronnadh orm ag Páirc an Mháimín

Beainín bheag nach bhfuil fós in aois scoile a mhúin ceacht fíorthábhachtach dom thiar ar Pháirc an Mháimín ag Comórtas Peile na Gaeltachta. 

Ag geonaíl a bhí an leanbh go gcuirfí éadan cait uirthi féin mar a bhí ar ghasúir bheaga eile a bhí ag rith thart orainn.  

Teaghlach dátheangach a bhí iontu agus thairg tuismitheoir an Bhéarla í a thabhairt go dtí cábán éadain na gcat. Ach beainín ghéarchúiseach í seo agus ceann na Gaeilge a chaithfeadh a ghabháil ina teannta mar ‘b’fhéidir nach mbeadh aon Bhéarla ag bean an phéint!’.  

Mise an cat a raibh póca orm, deirimse leat. 

‘Ach ní bheidh aon Ghaeilge acu, níl mo dhóthain Béarla agam’ a bhíodh ar bhéal mo chomhaoiseach féin inár n-óige ach a bhuíochas do leithéidí phobal Cheantar na nOileán agus Chumann Peile Naomh Anna Leitir Móir tá ‘Misneach, Mórtas agus Muinín’ a mana bailithe i bhfeidhm ar pháistí i gcliabhán an dúchais. 

Údar dóchais é an t-athrú meoin sin agus údar dóchais freisin go bhfuil tuiscint ag lánúineacha óga na Gaeltachta ar an dátheangachas agus nach call feasta teanga amháin a íobairt ar son an chinn eile. 

Ola ar mo chroí glúnta de mhuintir an cheantair a fheiceáil i dteannta a chéile ar an Máimín mar is é sin an tuar dóchais is mó le fada don Ghaeltacht agus dá pobal. Ní raibh de shaothrú le fáil ag go leor dá seanmhuintir ach an bád bán, corrleoraí feamainne nó mála faochan. Fiú tá daoine ar m’aithne as an gceantar sin nach bhfaca a n-athair ach cúpla mí sa mbliain agus é thall ag saothrú a bheatha i Sasana. Ar theacht in inmhe dá chlann, iad a thabhairt leis anonn duine ar dhuine a gcinniúint. Tá a scéal sin againn a bhuíochas d’fhilíocht bhreá Tom a’ tSeoighe, fear na háite.  

Tithe bánaithe, teanga tréigthe agus misneach cloíte an toradh is minice a bhíonn ar an saol sin. Ach fág faoi oileánaigh Chonamara é a dhiúltaigh don éadóchas agus a d’fhógair don saol mór go mairid beo. 

I mo sheasamh le sconsa ag breathnú ar an iomaíocht ar an bpáirc, bhuail fear óg a bhí tagtha anall as Boston le peileadóirí na Connemara Gaels bleid ar an riadaire a bhí le m’ais. Pléadh an obair agus an pheil thall agus luaigh an fear óg an fhíordhea-chaoi a bhí ar áiseanna an chlub. ‘Tá aicsean san airgead,’ a deir sé. ‘Tá,’ a deir an seanfhear ‘ach é a chur chun fiúntais.’ Deirimse tuiscint is stuaim leat.  

Níorbh aon áit Páirc an Mháimín don tsoiniciúlacht faoin gcarn airgid a scaoiltear le gaoth go fánach agus an dea-chroí agus an cumas peile á roinnt go fial fairsing. Chun fiúntais a cuireadh aon airgead stáit is pobail a caitheadh ar an bpáirc agus ar an ionad thiar atá ag gabháil chun fiúntais do chuile ghlúin sa bpobal.  

Ba léir a mbród ag an deireadh seachtaine – an pobal féin, óg is níos sine, ag maoirsiú tráchta, ag díol ticéad is beatha, ag eagrú cluichí, imeachtaí agus eachtraí. Go deonach a rinneadh an obair sin ar fad agus chonaic mé cuid den choiste stiúrtha ag bailiú bruscair mall is moch. 

Is minic casaoid faoin easpa Gaeilge a bhíonn ag cuid de na foirne agus is cinnte go bhfaca mé fhéin dhá fhoireann ansin a bhí ag réamhchleachtadh go hoscailte i mBéarla agus nach raibh aon náire ar lucht tacaíochta Chill Chomáin ná Fhánada an seastán a phlúchadh lena gcuid Béarla. Ach ní raibh aon easpa Gaeilge ná Gaelachais ar an Máimín. 

B’fhéidir gur chóir do mhuintir Rann na Feirste a mheabhrú do chuairteoirí gur Gaeltacht an ceantar s’acusan freisin. Treoir ón gCoiste Náisiúnta faoin nGaeilge chomh maith le socrú soiléir tráthúil d’fhoirne na mban? 

Ach misneach, mórtas agus muinín as an bpobal agus as an teanga an féirín a bronnadh ormsa thiar ar Pháirc an Mháimín agus is mise atá práinneach as.  

Is ait iad pobal Naomh Anna Leitir Móir – cuirtear i bhfeighil na tíre iad. 

Fág freagra ar 'Misneach, mórtas agus muinín as an nGaeilge an féirín a bronnadh orm ag Páirc an Mháimín'

  • Dónall

    Is iad CLG croí lár na gceantar Gaeltachta. I bhfad chun cinn ar Phleanáil Teanga mar níl an chur i gcéill ann. Thar am aithint chuí a thabhairt don CLG agus an méid a dhéanann siad don Ghaeilge agus staonadh don chur amú airgid ag coistí eile. Maith sibh Naomh Anna!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An-mholadh ag dul do Cheantar na nOileán, do Naomh Anna agus don phobal a d’oibrigh go dícheallach le deireadh seachtaine den scoth a chur ar fáil dúinn. Comhghairdeas libh.

  • Seán Mag Leannáin

    Dea-scéal ón nGaeltacht a thabharfaidh tógáil croí dúinn uilig.

  • Ciarán Ó Feinneadha

    Bhí an deireadh seachtaine ar fheabhas ar fad. Comhghairdeas le Cumann Naomh Anna as an éacht a rinne siad, go háirithe ó thaobh úsáid na Gaeilge.

  • An Teanga Bheo

    Maith sibh a dhaoine iontach