MIONLÉIRMHEAS: Údar Gaeilge nach bhfuil áit tugtha dó ag ainm.ie

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha. An babhta seo, údar anaithnid agus seanfhocail na Núibiach

MIONLÉIRMHEAS: Údar Gaeilge nach bhfuil áit tugtha dó ag ainm.ie

Níl a fhios agam an mbaineann mórán agaibh leas as Goodreads? Tharla gur osclaíos

leathanach ann le déanaí agus b’ionadh liom dráma le Seán Ó Tuama, a bhí mar ollamh agam féin, tráth, a fheiceáil ann.

Ar Aghaidh Linn, a Longadáin ainm an dráma sin ach ba scríbhneoir ANAITHNID a chum dar le Goodreads!

Baineadh preab asam, a léitheoir chneasta, agus is ag longadán a bhíos féin, gan bhréag, ar feadh tamaillín; baineadh preab asam go mbeadh dráma mar é – agus na céadta drámaí Gaeilge eile – imithe ó chuimhne in achar gearr, is cosúil.

CIC a d’fhoilsigh sa bhliain 1991, de réir dealraimh. Níl sé sin rófhada ó shin. Ar tharla crith talún idir an dá linn gan fhios dom? Is deacair teacht ar chóip den leabhar ach tá cóip ag an British Library agus ‘extravaganza cheithre ghníomh’ mar chur síos air. Is beag extravaganza atá á scríobh inniu ar chúis éigin. (Boilsciú, seans?)

Bhí páirt bheag agam féin sa dráma céanna nuair a léiríodh é sa Damer fadó agus Seán Ó Briain sa phríomhpháirt, beannacht Dé leis. Ní luann an Playography ach an chéad léiriú de, áfach, agus níl siad róchinnte an Ar Aghaidh Leat no Ar aghaidh Linn atá sa teideal:

Dhein Seán Ó Briain an t-uafás ar son na drámaíochta Gaeilge, drámaí raidió san áireamh. Nuair a bhíos ag obair sa Ghúm, d’iarras air roinnt drámaí a scríobh don aos óg.  Ag caint ar ANAITHNID dúinn, níl áit tugtha dó ag ainm.ie.

Sic transit Gloria Swanson . . .

https://www.rte.ie/archives/2014/1006/650380-inside-the-damer-theatre-1969/

Seanfhocail na Núibiach

https://punctumbooks.com/titles/nubian-proverbs/

D’fhéadfá an leabhar seo ó Punctum Books a cheannach, nó a íoslódáil saor in aisce. Is rogha é sin nach dtugann foilsitheoirí na Gaeilge dúinn, faraor!

Cúpla seanfhocal breá as an mbailiúchán seo:

Dá bhfeicfeadh an moncaí a thóin, ní dhéanfadh sé rince

Nuair a bheidh adharca ar an asal

(Deirtear é sin faoi rudaí nach féidir a bheith ann)

Mura mbíonn cóir ghaoithe ann, ní sheolfaidh an bád

(I bhfocail eile, caithfear ullmhúchán a dhéanamh sula ndéanfaidh tú beart ar bith)

Tá cos circe ite aige

(Duine a shiúlann a lán, ach gan aon chuspóir a bheith aige leis)

Chrúfadh sé seangán

(Duine a théann thar fóir ar fad)

Ní bhíonn dhá bholadh éagsúla ón oinniún

(Tagairt do Thadhg an dá thaobhachas)

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Údar Gaeilge nach bhfuil áit tugtha dó ag ainm.ie'