MIONLÉIRMHEAS: Tar éis tamaill rud normálta is ea é nuair a scaoiltear urchair leat…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, tuairisc ón láthair chogaíochta ó thuairisceoir neamhspleách…

MIONLÉIRMHEAS: Tar éis tamaill rud normálta is ea é nuair a scaoiltear urchair leat…

Attention Servicemember (An dara heagrán)
Grianghraif agus Téacs le Ben Brody
MASS Books, 2020. Toisí: 6¾x9½”.
Luach: STG £40.00

Níl a fhios ag éinne againn conas a bheadh sé dá mbeimis inár saighdiúirí in arm Mheiriceá. Níl de thaithí againn air ach na scannáin atá feicthe againn, cuid acu ag moladh an mhíleatachais, cuid acu á cháineadh.

Bhí ríméad ar mhuintir Bhéal an Átha – cuid mhaith díobh, ar aon nós – nuair a toghadh Biden, duine acu féin. Is beag duine sna meáin Éireannacha a luaigh gur thacaigh Biden leis an gcogadh san Iaráic: chuirfeadh  an tacaíocht sin ar liosta mór fada de choirpigh chogaidh é, i dteannta George W Bush, Tony Blair agus Comghuaillithe an Ghealtachais trí chéile. Níl a fhios ag éinne againn i gceart conas a bhí sé nuair a buamáladh an Iaráic.

Bhí a fhios ag Ben Brody.

Bhí sé ann.

Bolscaireacht a dhéanamh do lucht cogaidh an dualgas a bhí air. Tá cuma lámhleabhair mhíleata ar an leabhar seo.

Ní ábhar le léamh sa leaba roimh dhul a chodladh dhuit é.

Cheapfá go raibh a dhóthain feicthe ag Brody agus é san Iaráic. Ní hea.

Thug sé an Afganastáin air féin ina dhiaidh sin, an uair seo ní ina bholscaire ach ina iriseoir neamhspleách.

Deir Brody: ‘Nuair a chaitheann tú tréimhsí fada i zóin chogaidh, braitheann tú tar éis tamaill gur rud normálta is ea é nuair a scaoiltear urchair leat, nó má tá daoine ag iarraidh tú a phléascadh san aer. Nuair a théann tú abhaile ansin, braitheann tú as do mheabhair ar feadh tamaill, mar níl éinne ag iarraidh tú a mharú. . . .’

Is féidir an leabhar  a ordú anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Tar éis tamaill rud normálta is ea é nuair a scaoiltear urchair leat…'