MIONLÉIRMHEAS: Taos súgartha agus an ealaín chruthaitheach… le Play-Doh!

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, cé atá in ann tuairim mheáite a thabhairt ar cad is ealaín ann?

MIONLÉIRMHEAS: Taos súgartha agus an ealaín chruthaitheach… le Play-Doh!

Robert Frank a ghlac an grianghraf Trolley, New Orleans, sa bhliain 1955. Rinne Eleanor Macnair athchruthú air, i bhfoirm Play-Doh!

Whilst the world sleeps: Photographs rendered in Play-Doh 2015 – 2023
Grianghraif le Eleanor Macnair
RRB Photobooks
Téacs MacDonaldStrand
Dáta foilsithe Márta 2024
Clúdach bog
80 lch
Eagrán teoranta: 550 cóip
Luach:£30

Ardaítear ceisteanna spéisiúla sa leabhar seo. Cé atá ina ealaíontóir? Cé atá in ann a rá an ealaíontóir thú

nó nach ea? Cé atá in ann tuairim mheáite a thabhairt ar cad is ealaín ann? Má dhéantar claochlú ar shaothar

ealaíne eile, an saothar ealaíne úrnua é an toradh a bheadh air sin?

Íomhá shocair as scannán de chuid Cindy Sherman ón mbliain 1978 atá anseo againn. Fanann Eleanor ina suí déanach istoíche agus íomhánna á gcur le chéile aici as Play-Doh. Buidéal fíona folamh a úsáideann sí mar chrann fuinte agus an taos súgartha á mhúnlú aici; scian chun é a ghearradh ansin ar chlár mionghearrtha.

Glacann sí grianghraf den toradh agus sin é agat, go hachomair, an próiseas cruthaitheach ar fad.

Cailín agus Lile, grianghraf le Helen Levitt ón mbliain 1942, athchruthaithe ag Eleanor

Tháinig mé ar an mbuníomhá de chuid Levitt:

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Taos súgartha agus an ealaín chruthaitheach… le Play-Doh!'