MIONLÉIRMHEAS: Ní fhéadfá teacht ar fhéilire níos áille ná an féilire seo…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo: féilire álainn do 2024 agus leabhar a chuireann os ár gcomhair an caidreamh idir an grianghrafadóir agus ábhar an ghrianghraif

MIONLÉIRMHEAS: Ní fhéadfá teacht ar fhéilire níos áille ná an féilire seo…

Féilire 24

Freagród don ghrianghraf thuas de chuid Michael Kenna, de bhunadh na hÉireann, leis an haiku seo:

caime na haoise

nach cuma

fad is nach cam é an croí

Ní fhéadfá teacht ar fhéilire níos áille ná an féilire seo.

 


Grianghraf coscrach in Ospidéal na mBan, Bostún (1979, Eugene Richards)

An grianghrafadóir agus ábhar an ghrianghraif

...
LA PHOTO, UNE HISTOIRE DE COLLABORATION(S)
Collectif, faoi stiúir Ariella Aïsha Azoulay, Wendy Ewald, Susan Meiselas, Leigh Raiford agus Laura Wexler
Formáid: 28,5 × 21,5 cm
Lch: 288
EAN : 979-10-95821-53-3
Luach: €65
Foilsithe ag delpire & co[i/nfobox]

Imíonn an leabhar seo ón ‘gcruthaitheoir aonair’ agus cuireann dinimic eile os ár gcomhair, is é sin an caidreamh idir an grianghrafadóir agus ábhar an ghrianghraif (le cead an duine sin nó gan chead).

Grianghraf le Dorothy Lange a tógadh sa bhliain 1936. Bainteoirí piseanna i gCalifornia ar an ngannchuid.

Is féidir léamh faoi chúlra an ghrianghraif stairiúil sin anseo.

Tháinig Dorothy ar champa spailpíní a bhí beo ar ghlasraí reoite agus ar éin a bhí maraithe ag a gcuid páistí.

Florence ab ainm don bhean ocrach a fheictear sa ghrianghraf agus seasann sí fós mar shiombail den Spealadh Mór a bhuail na Stáit Aontaithe.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ní fhéadfá teacht ar fhéilire níos áille ná an féilire seo…'