Íomhá as What is America? foilsithe ag Thames & Hudson, in eagar ag
Is é atá sa leabhar dearscnaithe seo ná rogha grianghraf as bailiúchán ollmhór Magnum Photos.
Insíonn an grianghraf (thuas) go leor, fiú dóibh siúd nach raibh ar an saol seo aimsir Nixon. Ní chiallódh ‘Nixon Éirithe As’ mórán don té a bhfuil cónaí air ar phláinéad eile; ach don chuid eile againn, léiríodh dúinn
go bhféadfaí an té is mó cumhacht ar domhan a náiriú agus a chur as oifig. An dtarlódh sé inniu?!
Aithneoidh tú laochra agus frithlaochra móra an 20ú haois sa bhailiúchán seo, ó na 1940idí i leith:
Dála an scéil, is féidir priontaí a cheannach ó Magnum:
https://store.magnumphotos.com/collections/fine-prints
Níl siad saor! Ach is beag rud eile a thabharfadh an sásamh céanna duit, lá i ndiaidh lae, bliain i ndiaidh bliana.
Mar shampla, an prionta seo de chuid Myriam Boulos, grianghraf a glacadh ar an 13 Samhain, 2012, i mBéiriút, cathair a bhuamáil Iosrael arís is arís eile i mbliana, le cabhair ó airgead Mheiriceá.
Tá bua ar leith ag an ngrianghraf. Deirtear go n-insíonn sé scéal míle focal in aon splanc amháin:
Luach: $150.00
Formáid: Clúdach crua
Líon na Lch: 464
Toisí: 11.4 in x 13.7 in x 1.8 orlach
Éagóir ar mhná – an ceamara ina fhinné
Grianghraif agus ábhar breise le Róisín White
Deartha ag Tommaso Tanini
Téacs le Benedetta Casagrande
Witty Books, An Iodáil, a d’fhoilsigh sa bhliain 2024.
200 lch
Toisí: 4¾x7″
I mBaile Átha Cliath atá Róisín lonnaithe. Iniúchann an leabhar seo an tslí a gcaitheann dochtúirí leis
an othar mná. Tá ábhair éagsúla anseo, líníochtaí chomh maith le grianghraif.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Meiriceá sa 20ú haois nochta i leabhar grianghraf'