MIONLÉIRMHEAS: Meiriceá  –  meath na hImpireachta

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha

MIONLÉIRMHEAS: Meiriceá  –  meath na hImpireachta

Course of the Empire
le Ken Light
foilsithe ag Steidl
Luach: €55.47
(Postas saor in aisce chuig áit ar bith ar domhan le Book Depository)

Sa bhliain 2020 bhí an bhean atá sa ghrianghraf seo sásta glacadh le DUINE AR BITH in áit Trump. Tá na milliúin íomhá againn ón tréimhse ainnis sin, ach seasann an grianghraf dubh-is-bán seo amach domsa. An créatúr, tá dóthain faighte aici agus cuireann na ceoltóirí tionlacan ar fáil dá héadóchas. Tá dóthain feicthe agus cloiste ag na ceoltóirí leis.

Shiúil Light impireacht Mheiriceá agus chonaic sé féin agus a cheamara an meath a bhí ag teacht uirthi; géarchéim i ndiaidh géarchéime, tubaistí ag éirí as athrú aeráide, fearg agus fulaingt na ndaoine.


Dearbhú Inscne

Ní do gach éinne an leabhar seo, Hedda. Tá dearbhú inscne conspóideach go leor ach is seacht n-uaire níos conspóidí é nuair atá grianghraif á nglacadh de na hobráidí a bhí ag teastáil chun inscne a athrú is a dhearbhú.

Ba sa bhliain 2015 a chuir Hedda tús lena haistear athraithe inscne san Iorua. Bíonn ar iarratasóirí fanacht i bhfad chun cead a fháil dul faoi scian. Níl ach clinic amháin san Iorua a bhíonn ag plé leis seo. Diúltaítear do mhóramh na n-iarratasóirí.

Sna fichidí a bhí Hedda nuair a cuireadh tús leis an obair. Caithfear tréaslú leis na foilsitheoirí Loose Joints as leabhar den sórt seo a fhoilsiú, leabhar a chuireann lenár n-eolas faoin duine.

Toisc nach raibh dóthain cabhrach ar fáil di san Iorua b’éigean do Hedda bóthar a bhualadh agus obráidí a fháil i dtíortha eile, san Airgintín agus sa Téalainn, a cara Fin á tionlacan.

Cara le Hedda is ea an grianghrafadóir, Fin Serck-Hannsen, agus tagann sé sin tríd sa leabhar seo, an cairdeas, an tséimhe. Tá cúpla féiní a ghlac Hedda féin sa leabhar seo agus roinnt grianghraf nár theastaigh uaithi go scrúdófaí róghéar iad agus tá siad sin leathchlúdaithe le dúch.

Tá eolas faoin bhfoilsitheoir anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Meiriceá  –  meath na hImpireachta'