MIONLÉIRMHEAS: Glaschú an Bhróin agus teachtaireacht ónár gcol ceathracha

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo,  fadhbanna móra cheantair an lucht oibre i nGlaschú agus teachtaireacht ón moncaí

MIONLÉIRMHEAS: Glaschú an Bhróin agus teachtaireacht ónár gcol ceathracha

Maidin Dé Sathairn, ionad siopadóireachta Drumchapel

Focal Gaeilge é an chéad chuid den ainm Glaschú, glas, an dath; ceaptar, áfach, nach cú na Gaeilge atá sa dara cuid ach focal Briotainice, cöü, a chiallaíonn ‘ísleán’. Tá an-cheangal idir sinn féin agus Glaschú; tá ceangal láidir ag Conallaigh leis an áit ach go háirithe.

Leabhar is ea The Fish That Never Swam le Kirsty Mackay, grianghrafadóir, oideachasóir agus gníomhaí a dhíríonn ar na fadhbanna móra a bhaineann le ceantair an lucht oibre i nGlaschú agus na cúiseanna atá leis na fadhbanna sin: b’fhéidir nach mbeadh na fadhbanna chomh dona sin dá mbeadh obair fhiúntach ar siúl ag na daoine ann, dá mbeadh beartais níos fearr oibrithe amach agus curtha i gcrích ag na húdaráis i réimsí pleanála agus eile.

Díríonn Kirsty ar an dífhostaíocht, fadhbanna sláinte, ráta ard féinmharaithe, alcólachas agus mar sin de:

(Possilpark. Cuimhnítear ar Steph Russell ann, RIP, ógfhear scór bliain d’aois a sádh le scian).

Baineann teideal an leabhair le rann traidisiúnta:

                    Is é seo an t-éan nár eitil riamh

                     Is é seo an crann nár fhás riamh

                     Is é seo an clog nár bhuail riamh

                     Is é seo an t-iasc nár shnámh riamh.

Tabhair cuairt ar an suíomh má tá tuilleadh eolais uait faoin leabhar scanrúil seo.

Teachtaireacht ónár gcol ceathracha

Behind Glass

Grianghraif le Anne Berry, Téacs le Jane Goodall, Jo Setchell agus Jerry Cullum. Féinfhoilsithe, clúdach crua, 112 leathanach, 50 grianghraf, 9X9″

Nuair a bhíos-sa ag éirí aníos, bhí drochmheas ar an moncaí. Ábhar grinn, ábhair magaidh ab ea é agus is dóigh liom go raibh daoine áirithe ábhairín míshocair iontu féin de bhrí gur ghéilleadar (má ba san fho-chomhfhios amháin é) go rabhamar gaolta leis.

Tá an saol athraithe. Tá meas againn ar ár ngaolta sinseartha inniu. Níor mhaith linn go n-ídeofaí iad; d’imeodh cuid dínn féin leo.

Dála an scéil, níl aon rud tarcaisneach ag baint leis an bhfocal ‘moncaí’ sa Ghaeilge, murab ionann agus an Béarla mar is léir ó na samplaí sna foclóirí, anseo agus anseo.

Tar é éis duit breathnú ar an seó sleamhnán breá seo, beidh tú níos cóngaraí do do chol ceathracha go léir: an t-ápa, an moncaí, an goraille, an t-órang útan agus na leaideanna sin ar fad. Beidh teachtaireacht éigin acu duit. Nílimse in ann a rá cén teachtaireacht í sin go díreach ach déarfaidh siad rud éigin leat, is cinnte.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Glaschú an Bhróin agus teachtaireacht ónár gcol ceathracha'